Trí seachtaine chinniúnacha idir an Bhreatain Bheag agus an t-uafás

Is é an leagan amach a bheas ar an ord fiúntais domhanda ar an 3 Nollaig a chinnteoidh cé na tíortha a bheidh sna grúpaí éagsúla ag comórtas rugbaí an domhain

Trí seachtaine chinniúnacha idir an Bhreatain Bheag agus an t-uafás

Go hiondúil is beag spéis a chuirim san imirt idirnáisiúnta rugbaí a bhíonn ar siúl ag an am seo bliana. Ina gcuid móiréise bhaist eagraíocht dhomhanda an rugair ‘Cluichí Idirnáisiúnta an Fhómhair’ orthu. Le fírinne níl iontu ach bealach ag na heagraíochtaí éagsúla atá faoina mbratach cur lena n-ioncam, ar an gcuma chéanna a ndéanann Turas na Leon sin.

Mar sin féin beidh tábhacht faoi leith ag baint le cúpla ceann de na coimhlintí a bheas ar siúl as seo go deireadh na míosa agus súil níos géire ná mar is gnách á choinneáil ar an mbail atá fágtha ag Cluichí an Fhómhair seo ar liosta fiúntais an domhain.

Is é an fáth atá leis sin gurb é an liosta sin cnámh droma an chórais faoina leagtar amach na grúpaí nuair a imrítear Craobh Rugbaí an Domhain. San Astráil a bheidh an chéad imirt eile air sin in 2027, ach is ar an 3ú lá den mhí seo chugainn a fhoilseofar an leagan amach a bheas ar chluichí an chomórtais – 24 tír san iomaíocht don chéad uair ariamh.

Is é an leagan amach a bheas ar an ord fiúntais domhanda ar an 3 Nollaig mar sin a chinnteoidh cé na tíortha a bheidh sna grúpaí éagsúla. Ceithre thír a bheas i ngach grúpa. Beidh tír amháin acu sin idir 1-6 ar an liosta fiúntais, tír a bheas áirithe idir 7-12, ceann idir 13 – 18 agus idir 19-24.

Seo thíos an leagan amach atá ar chúrsaí faoi láthair sna trí ranna is uachtaraí:

1 An Afraic Theas 7 An Astráil 13 An tSeapáin
2 An Nua-Shéalainn 8 Albain 14 An Spáinn
3 Éire 9 Fidsí 15 Na Stáit Aontaithe
4 Sasana 10 An Iodáil 16 Samó
5 An Fhrainc 11 An tSeoirsia 17 An tSile
6 An Airgintín 12 An Bhreatain Bheag 18 Tonga

 

Tharlódh faoi dheireadh na míosa gur beag d’athrú a bheas air sin, ach tá iomaíocht nó dhó ar na bacáin a d’fhéadfadh léiriú a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil cluiche an rugbaí ag meath i dtíortha faoi leith agus ag teacht faoi bhláth i gcríocha eile.

Ó thaobh na Breataine Bige, beidh na trí seachtaine seo amach romhainn ar an tréimhse is coscraí agus is goilliúnaí i stair rugbaí na tíre – ceann a d’fhágfadh gurb amhlaidh gur méadú a thiocfadh ar an luas atá fúthu le fána.

Faoi mar a sheasann rudaí faoi láthair is sa 12ú háit ar an liosta fiúntais atá na Breatnaigh – aon chéim amháin fhéin síos uaidh sin agus tá siad ar déanamh ar áit iargúlta ar imeall an fhásaigh.

Inniu beidh siad féin agus an Airgintín in iomaíocht a chéile, Dé Sathairn seo chugainn beidh siad in aghaidh na Seapáine, agus in imeacht coicíse ina dhiaidh sin tabharfaidh siad aghaidh ar an Nua-Shéalainn agus ar an Afraic Theas.

Seans gurb é an cluiche in aghaidh na Seapáine an ceann is cinniúnaí. Má theipeann ansiúd orthu, tharlódh gur leis an 13ú háit a bheas siad áirithe agus go mbeidh leithéidí na Spáinne, na Stáit Aontaithe, Samó, agus Tonga in aon phota leo agus tarraingt á déanamh ar ghrúpaí Chorn an Domhain.

Cúis uafáis a bheadh ina leithéid i dtír inar mhaígh an pobal ar feadh blianta go mba iadsan sciath chosanta chluiche an rugbaí.

Céard mar sin a fhágann ar bhruach na haibhéise sin iad, meas tú?

Is iomaí sin tuairim a thiocfaidh i do bhealach má chaitheann tú leathshúil ar a mbíonn le rá ag iriseoirí a bhíonn ag plé leis an spórt sa tír sin, tuairimí a bhíonn lán le gruaim agus le doilíos.

An lá faoi dheireadh chonaic mé rud a mheas mé nach bhfeicfinn fad a mhairfeas mé – é ráite ag leantóir ar shuíomh idirlín a bhaineann le rugbaí nach raibh sé cóir go raibh ar an mBreatain Bheag aghaidh a thabhairt ar an Airgintín, an Nua-Shéalainn ná an Afraic Theas i gcluichí idirnáisiúnta an fómhair seo, mar nach mbeadh dá mbarr ach tuilleadh sleamhnaithe.

A leithéid de lagmhisneach agus é le léamh ag cách – go háirid ag a ndeargnamhaid a bhfuil cónaí orthu ar an taobh eile d’aibhneacha na Sabhrainne, an Dee agus an Wye agus a chrochann an rós dearg in airde.

I mórchuid na dtuairimí atá tugtha i ngach brainse de na meáin, síntear an mhéar díreach chuig Aontas Rugbaí na Breataine Bige (WRU).

Lochtaítear iad as an mbealach ar thugadar faoin athrú ón gcluiche amaitéarach go dtí an ceann gairmiúil. Ina bhun sin, ghlac an WRU leis an leagan amach réigiúnda (mar a rinne an IRFU). Deir lucht a gcáinte go mba dhíchéille cheart sin i dtír nach raibh a leithéid ann ariamh cheana, mar a bhí in Éirinn.

Sa mullach air sin ba chlubanna a bhí ceangailte le cathracha nó pobail dhlútha ceantair a chothaigh agus chuir chun cinn an rugbaí sula dtáinig an ghairmiúlacht. Anois agus gan ag dul chun páirce ach ceithre fhoireann atá bunaithe ar réigiúin atá i bhfad níos mó, táthar ag súil go dtacódh daoine le foirne a mbíodh an dearg-ghráin acu orthu san am a bhí caite. ‘Telling Pontypridd supporters they have to support a Cardiff based team goes against the grain,’ a dúradh i ráitis go leor.

Míniú eile a chonaic mé go minic is ea gur éirigh go leor de na himreoirí ab fhearr as i bhfoisceacht achar gearr dá chéile – Dan Biggar (2025); George North, Josh Turnbull agus Jonathan Davies (2004); Alun Wyn Jones, Ken Owens, Lee Halfpenny, Justin Tipuric agus Rhys Webb (2003).

Ní as an gcúrsa a lean siad amháin atá an lucht eagair le lochtú ach an oiread. Cúpla bliain ó shin cuireadh gnéasachas, fuath ban, bulaíocht, ciníochas agus homafóibe i leith an WRU agus thacaigh fiosrúchán a rinneadh leis na líomhaintí.

Tá an cluiche amaitéarach in ísle brí freisin agus gan an mhaoin ag lucht a eagair feabhas a chur ar imeachtaí.

Praiseach dhamanta a d’fhéadfadh a dhul in olcas faraor.

Fág freagra ar 'Trí seachtaine chinniúnacha idir an Bhreatain Bheag agus an t-uafás'

  • Joe

    In ainneoin gortaithe, sheas na Breatnaigh óga go maith i gcoinne na chuairteoirí. Measaim go mbeidh lá eile ag an bPaorach.