Trí réiteach ar fhadhb an Bhreatimeachta abhus: cur i gcéill, moill, nó draíocht

Ní rogha an dá dhíogha ach rogha idir trí dhíogha atá ag Theresa May

Trí réiteach ar fhadhb an Bhreatimeachta abhus: cur i gcéill, moill, nó draíocht

Teastaíonn beirt nó níos mó chun gach margadh a dhéanamh. Is amhlaidh an scéal maidir leis an mBreatimeacht.

Déantar margadh de ghnáth nuair a thugtar le fios go nglacfar le comhréiteach – socrú a dheimhníonn sciar dá mianta do chách ach ina ngéilleann siad maidir le cuid eile acu.

Tá réiteach ar fhadhb an Bhreatimeachta san oileán seo á phlé ag an Aontas Eorpach le rialtas na Breataine le bliain go leith anuas. Is léir don dá thaobh nach bhfuiltear i ngiorracht réitigh fós.

Is é sin, más féidir teacht ar réiteach. Má fhágann an Ríocht Aontaithe aontas custaim agus margadh aonair an AE, mar a gheall Theresa May arís Dé Céadaoin, ní léir seift fós a sheachnóidh bunú crua-theorann.

Tá iarracht chomhréitigh ar bun i gcónaí, agus freagraí geallta ag rialtas na Breataine ar lear mór ceisteanna a chuir foireann Michel Barnier orthu le gairid. Ach níl mórán údar dóchais ann go mbeidh Theresa May ábalta, nó toilteanach, an bhearna idir an dá thaobh a dhúnadh in aon chor.

Dáiríre, ní rogha an dá dhíogha ach rogha idir trí dhíogha atá ag Theresa May, de réir chur síos Daniele Kelemen, saineolaí stuama Meiriceánach ar chúrsaí na hEorpa. Dar leis go mbeidh uirthi rogha a dhéanamh idir:

  1. Socrú faoina mbunófaí teorainn trádála nua i Muir Éireann a chlisfeadh ar gheallúint a tugadh don DUP, agus a mbeadh athaontú na hÉireann mar thoradh air sa bhfadtéarma;
  2. Socrú a sheachnódh teorainn trádála a bhunú idir Tuaisceart Éireann agus an Bhreatain, ach a chlisfeadh ar na geallúintí a tugadh don AE agus d’Éirinn, agus a sháródh Comhaontú Aoine an Chéasta. A thoradh, dar leis an ollamh Kelemen: ‘cliff-edge Brexit disaster’.
  3. Socrú a choinneodh an Ríocht Aontaithe san aontas custaim ar dhóigh éigin, ach a chlisfeadh ar gheallúint (“we will be leaving the customs union and the single market”) a thug Theresa May do dhíograiseoirí an Bhreatimeachta. A thoradh: éirí amach ar an toirt, agus díbirt as oifig.

Ní léir fós bealach chun éalú ó na roghanna thuas, dar le Kelemen, má fhágtar draíocht as an áireamh. Nó cur i gcéill, b’fhéidir.

Tuigtear go bhfuil comhpháirtíocht chustaim á plé go fóill ag an dá thaobh. Ní féidir a bheith cinnte in aon chor go dtiocfar ar chomhréiteach faoi chóras a bheadh sásúil sa Bhruiséil, i mBaile Átha Cliath agus i Londain.

Tá gach cosúlacht ar an idirbheartaíocht seo nach gcuirfear críoch léi go dtí an nóiméad deireanach (de réir chlog an Bhreatimeachta), ag cruinniú mullaigh an AE i mí Dheireadh Fómhair.

Mura mbeidh cruth cearnóige curtha ar chiorcal an Bhreatimeachta abhus faoin am sin, ní bheidh ach seift amháin ar fáil chun tubaiste a dhéanfadh dochar as cuimse a sheachaint. Seift, b’fhéidir, a mbeadh gach taobh toilteanach glacadh leis ar feadh tamaill.

Moill.

Comhaontas na nAirí

Ó d’fhág Seán Canney an Comhaontas Neamhspleách Dé hAoine, tá stádas neamhghnách bainte amach ag a iarchomrádaithe.

Níl ach ceathrar Teachtaí Dála anois sa ghrúpa a chuidigh le Fine Gael an comhrialtas mionlaigh a chur ar bun dhá bhliain ó shin: Shane Ross, Finian McGrath, John Halligan agus Kevin ‘Boxer’ Moran.

Is aire rialtais nó aire stáit gach duine acu. Ní haon iontas é go raibh an t-iar-aire Canney míshásta.

Fág freagra ar 'Trí réiteach ar fhadhb an Bhreatimeachta abhus: cur i gcéill, moill, nó draíocht'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Frontex ag seiceáil pasanna ag Leatharna….