Trí cinn d’iarbhunscoileanna ar oileáin Ghaeltachta ag iompú ar an mBéarla cheal múinteoirí oilte

Beidh roinnt ábhar á dteagasc trí mheán an Bhéarla i mbliana ag trí iarbhunscoil ar oileáin Ghaeltachta toisc nach bhfuil múinteoirí a bhfuil Gaeilge acu ar fáil

Trí cinn d’iarbhunscoileanna ar oileáin Ghaeltachta ag iompú ar an mBéarla cheal múinteoirí oilte

Oileán Thoraí. Pictiúr: Rollingnews.ie

Agus tús curtha leis an scoilbhliain nua, ní bheidh aon rogha ag trí cinn de na cúig iarbhunscoil Ghaeltachta lán-Ghaeilge ar na hoileáin ach ábhair a theagasc trí mheán an Bhéarla.

Thug príomhoide Choláiste Ghobnait, in Inis Oírr i gContae na Gaillimhe le fios ag tús na seachtaine go mbeadh ábhair á dteagasc trí Bhéarla sa scoil Ghaeltachta sin den chéad uair ó bunaíodh an scoil toisc gur theip orthu teacht ar mhúinteoirí a bhí ábalta múineadh trí Ghaeilge.

Tá deimhnithe anois do Tuairisc.ie ag dhá scoil eile a bhíonn ag teagasc trí Ghaeilge, Coláiste Pobail Cholmcille ar Oileán Thoraí agus Gairmscoil Mhic Dhiarmada ar Árainn Mhór i nDún na nGall go mbeidh roinnt ábhar á dteagasc trí mheán an Bhéarla i mbliana acu toisc nach bhfuil múinteoirí a bhfuil Gaeilge acu ar fáil. 

Thug urlabhraí ó Choláiste Pobail Cholmcille le fios go mbeidh dhá ábhar, Eolaíocht agus Innealtóireacht, á dteagasc trí mheán an Bhéarla i mbliana.

Dúirt an t-urlabhraí go raibh fadhb ag an scoil múinteoirí le Gaeilge a earcú le roinnt blianta anuas agus go raibh córas curtha i bhfeidhm sa scoil an teanga a theagasc do mhúinteoirí nach bhfuil in ann teagasc i nGaeilge.

“Bhí an t-ádh orainn go raibh na múinteoirí toilteanach foghlaim. Tugadh uaireanta breise do mhúinteoir eile chun ceachtanna agus ranganna a dhéanamh leo agus beidh toradh na hoibre sin le feiceáil ag daltaí sa chéad bhliain i mbliana agus an Eolaíocht á teagasc trí mheán na Gaeilge arís,”  a dúirt sí.

Thug Príomhoide Ghairmscoil Mhic Dhiarmada, Mary Doherty, le fios go mbíonn “deacrachtaí móra” ag an scoil ar Árainn Mhór “múinteoirí a earcú leis na cáilíochtaí cuí” agus dúirt sí go mbeidh “roinnt ábhar” á dteagasc trí mheán an Bhéarla i mbliana arís mar nach bhfuil fáil ar mhúinteoirí le Gaeilge. 

Dúirt sí go raibh tinreamh na scoile ag titim le roinnt blianta anuas agus gur fhág níos mó daltaí anuraidh mar nach dtiocfadh leis an scoil aon ranganna a chur ar fáil sa Cheimic ná san Fhisic.

Bitheolaíocht an t-aon ábhar Eolaíochta a bheidh á theagasc i nGairmscoil Mhic Dhiarmada ag leibhéal na hArdteiste arís i mbliana agus beidh an Ealaín agus an Adhmadóireacht á dteagasc trí mheán an Bhéarla sa scoil.

D’éirigh leis an dá scoil eile, Coláiste Naomh Éinne, ar Inis Mór agus Coláiste Naomh Eoin ar Inis Meáin, múinteoirí le Gaeilge a earcú cé go ndeir Príomhoide Choláiste Naomh Eoin, Máiréad Ní Fhlatharta, go mbíonn “fadhb” ann i gcónaí múinteoirí a bhfuil Gaeilge acu a aimsiú.

“Bhí an t-ádh linn i mbliana ach níl ann ach achar gearr go mbeidh muid ar fad sa tsáinn chéanna mura dtugtar ar ais an liúntas do mhúinteoirí a bheadh ag múineadh ar oileán,” a dúirt sí.

Ag labhairt dó ar an chlár Adhmhaidin ar RTE Raidió na Gaeltachta inné, dúirt an tAire Stáit Seán Kyne gur ceist don Aire Airgeadais Pascal Donohoe í ceist an liúntais do mhúinteoirí a bhíonn ag teagasc ar oileáin.

Dúirt Kyne, iarAire Stáit Gaeltachta, nach bhféadfaí cás speisialta a dhéanamh den liúntas do mhúinteoirí ar na hoileáin, mar go mbeadh impleachtaí ag a leithéid d’athrú “trasna na seirbhíse poiblí”.

Dúirt sé go raibh liúntas €15,000 sa bhreis á thabhairt do scoileanna a bhain stádas oileáin amach le cuidiú leis na scoileanna sin atá ag feidhmiú  “i dtimpeallacht dhúshlánach” íoc as múinteoirí agus acmhainní breise.

Fág freagra ar 'Trí cinn d’iarbhunscoileanna ar oileáin Ghaeltachta ag iompú ar an mBéarla cheal múinteoirí oilte'