Trí chluiche ceannais chugainn an deireadh seachtaine stairiúil seo

Caitheann ár gcolúnaí súil chun cinn ar chluichí ceannais Chúige Laighean, Chúige Mumhan agus Chúige Uladh

Trí chluiche ceannais chugainn an deireadh seachtaine stairiúil seo

Cnoc 16 i bPáirc an Chrócaigh. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Beidh guthanna ag glaoch aniar tríd na glúnta chughainn i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna, ach a ndéanfar comóradh sollúnta ar imeachtaí Dhomhnach na Fola. Guthanna iad seo a múchadh de dhroim na mblianta ach ná féadfaí a cheilt go deo. Deis mhachnaimh agus marana don uile dhuine atá sáite i gCumann Lúthchleas Gael a bheidh in ócáid an tráthnóna agus b’fhéidir, leis, go dtabharfaidh sé léargas do dhaoine eile ar na préamhacha daingne, doimhne atá ag Páirc an Chrócaigh in ithir shamhlaíocht na muintire.

Don té ná géilleann don athdhúchas, ní gá ach é a chur i dtreo na bhfoirne atá ag imirt an deireadh seachtaine seo. Níl sé ach ceart, cóir agus cuí go mbeadh Tiobraid Árann agus Áth Cliath fós ina seasamh agus ag imirt i gcluichí suntasacha inniu is amáireach.

Ba iad an dá chontae seo a bhí in adharca a chéile i gcluiche dúshláin an áir céad bliain ó shin i bPáirc an Chrócaigh. Ba iad, chomh maith, a bhí á fhéachaint le chéile i gcluiche ceannais na bliana 1920, cluiche nár imríodh go dtí 1922 de bharr suathadh na haimsire.

I Meitheamh na bliana 1922, bhuaigh Tiobraid Árann an ceann deireanach den chúig cinn de chraobhacha peile uile-Éireann atá buaite acu. Nuair a théitear siar trí phóirsí fada dorcha na mblian, feictear go raibh Tiobraid Árann sa tarna háit, le Ciarraí agus Loch Garman, an uair úd le cúig cinn de chraobhacha uile-Éireann buaite acu triúr ach iad fós ag sodar i ndiaidh Átha Cliath a raibh aon cheann déag de chraobhacha buaite faoin dtráth sin acu.

Mar chomhartha ómóis agus dilchuimhne, beidh geansaithe suaithinseacha á gcaitheamh ag imreoirí Átha Cliath an lae inniu agus imreoirí Thiobraid Árann cois Laoi amáireach. Ba cheart go spreagfadh gníomhartha 1920 imreoirí Átha Cliath agus Thiobraid Árann chun buille beag breise a thabhairt ach ní fhéadfadh a scéal is dán na bhfoirne bheith níos éagsúla sa bhliain 2020.

Tá Áth Cliath ina máistrí ar na haon cheard, iad dochloíte sa chraobh ón oscailt súl a thug Dún na nGall sé bliana ó shin dóibh agus tá Tiobraid Árann fós sa tóir ar chraobh cúige a mhúsclódh misneach na peile i gcontae iomána – craobh nach bhfuil buaite ó 1935 i leith acu.

Bainisteoir Átha Cliath, Dessie Farrell. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Maidir le cluiche na hoíche anocht i bPáirc an Chrócaigh, bhí tamall ann go mbíodh contae na Mí ag ramhrú agus ag bláthú os comhair lucht na ngeansaithe gorma. Dá mhéid é mustar Átha Cliath fiche agus tríocha bliain ó shin, ní raibh aon ní níos mó a thug taitneamh do dhaoine i gcontae na Mí ná tuisle a bhaint as an dtrumpallán agus é a fhágaint i mbualtach bó. Anois, agus le deich mbliana anuas, tá an Mhí ar chuma na bhfoirne eile sa chúige, iad lán de theaspach agus de ghothaí ach iad ag umhlú agus ag feacadh glún nuair a thagann an taoide ghorm ina rabharta sa tarna leath.

Nuair a bhíos féin ag imirt, dream daoine ab ea imreoirí na Mí nár fheac d’aon duine. Bhíodar cruaidh, neamhthrócaireach agus fuar. Níor mhar a chéile iad ó tugadh an dara deis do chontaetha agus ón uair a cruthaíodh an cúldoras sa chraobh. Is dóigh liom gur chuaigh éirim an chúldorais glan in aghaidh mheon ‘anois-nó-riamh’ na muintire i gcontae na Mí. Ní haon iontas é nach bhfuil aon chraobh beirthe leo ag contae na Mí ó tháinig an ré nua seo ach tá comharthaí ann le tamall go bhfuil an taoide ar tí casadh dóibh. Mór an trua go bhfuilid sa chúige céanna le hÁth Cliath, áfach, mar is léir óna dtaispeántaisí ó thús na míosa in aghaidh na hIarmhí agus Laoise nach dream déirciúil iad foireann Dessie Farrell.

Cois Laoi i gCorcaigh amáireach ní mór d’fhoireann na háite bheith ar a n-airdeall i gcoinne Thiobraid Árann. Dhein bainisteoir Chorcaí, Ronan McCarthy, an ceart i rith na seachtaine, é ag impí go poiblí ar a bhuíon imreoirí glacadh leis an mbrú a thagann le bheith mar rogha na coitiantachta. Ainneoin a mbua iontach ar Chiarraí coicíos ó shin, áfach, níl Corcaigh tagtha go dtí’n bpointe go mbeidh siad ag déanamh gnó glan d’aon fhoireann, cuma cén seasamh atá acu.

Níl ach beagán le cois ceithre bliana ó bhí Tiobraid Árann ag imirt i gcluiche leathcheannais na hÉireann agus murach báide ámharach ó Conor O’Shea an lá úd, cá bhfios cá mbeadh a dtriall sna blianta ina dhiaidh sin?

B’fhéidir go bhfuil an lá ab fhearr feicthe ag imreoirí dílse ar nós Robbie Kiely agus laochra an chluiche leathcheannais, Conor Sweeney agus Brian Fox, ach nílid dulta thar bhlianta a maitheasa ná baol air go fóill.

Robbie Kiely. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Tá gach aon seans go gcuirfidh Tiobraid Árann an speach dheiridh astu amáireach ach más áil le Corcaigh bheith áirithe i measc na bhfoirne móra an athuair, is iad leithéidí Thiobraid Árann a chaithfear a chur fé chois.

Ó Thuaidh i gCúige Uladh, gheofar éachtaint ar an ndream is mó atá luaite le treascairt Átha Cliath i mbliain seo 2020 – an dream deireanach a bhain barrthuisle astu, Dún na nGall. Níl aon fhianaise feicthe agamsa ós na Conallaigh le seachtainí anuas go bhféadfadh gurb iad a d’fhágfadh Áth Cliath smálaithe agus ná habair liom nár chaitheadar a mianach a nochtadh in aghaidh Thír Eoghain ar an gcéad lá de mhí na Samhna.

Bhíodar luite amach orthu féin an lá úd ach ní fhéadfaí amhlaidh a rá an tseachtain seo caite in aghaidh Ard Mhacha. Bhí na Conallaigh go mór os cionn a mbuille ó thús deireadh agus n’fheadar an gcuirfidh an Cabhán an diantástáil atá riachtanach orthu ach an oiread.

Neil McGee agus Ryan McHugh. Pictiúr: INPHO

Tá drochdhealramh ar an uain gach aon lá anois agus, ní hionann agus Páirc Uí Chaoimh agus Páirc an Chrócaigh, ní haon fheabhas a bheidh ag teacht ar an bhfód i bPáirc na Lúthchleasaithe.

Tá cothromú agus leibhéaladh ag baint lena leithéid agus don gCabhán is fearr san. Má bhíonn na Conallaigh chomh deimhin daingean diongbháilte is a bhíodar le trí seachtaine anuas, áfach, ní baol dóibh.

Fág freagra ar 'Trí chluiche ceannais chugainn an deireadh seachtaine stairiúil seo'