Treoirlínte do choláistí samhraidh le cur faoi bhráid NPHET

Nuair a bheidh scagadh déanta ag NPHET ar threoirlínte Roinn na Gaeltachta do na coláistí samhraidh tabharfar deis do mhná tí na Gaeltachta a dtuairimí a thabhairt fúthu

Treoirlínte do choláistí samhraidh le cur faoi bhráid NPHET

Cuirfear treoirlínte Covid-19 atá á n-ullmhú do choláistí samhraidh faoi bhráid NPHET agus beidh deis ansin ag mná tí na Gaeltachta a dtuairimí a thabhairt faoi na moltaí.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil an obair dhréachtaithe na dtreoirlínte fós ag dul ar aghaidh i Roinn na Gaeltachta agus gurb í an chéad chéim eile ná iad a chur faoi bhráid na Foirne Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí.

Nuair a bheidh scagadh déanta ag NPHET ar threoirlínte Roinn na Gaeltachta agus a moltaí déanta acu, tá sé i gceist iad a fhoilsiú ar shuíomh na Roinne agus tús a chur le próiseas comhairliúcháin.

Tá an Roinn fós ag obair ar dhréachtú na dtreoirlínte i gcomhar le CONCOS chun cabhrú le coláistí samhraidh na Gaeltachta cúrsaí a reáchtáil an samhradh seo sa chás go mbeadh a leithéid ceadaithe.

Má thugtar cead do na coláistí samhraidh dul ar aghaidh i mbliana, meastar go bhféadfadh deacrachtaí lóistín a bheith acu sa chás go mbeadh mná tí amhrasach faoi dhaltaí a choinneáil.

Déanfar iarracht an t-amhras sin a mhaolú trí thuairimí na mban tí a fháil ar na treoirlínte.

Bheadh mná tí ag súil freisin le cúiteamh a fháil dá mbeadh líon níos lú daltaí ná mar is gnáth ceadaithe agus dá mba ghá ullmhúcháin speisialta a dhéanamh.

Dúirt Roinn na Gaeltachta an mhí seo caite nach bhféadfaí a bheith cinnte an mbeidh na cúrsaí in ann dul ar aghaidh “ar an ngnáthbhealach” i mbliana.

Ceann de na féidearthachtaí a bhí á scrúdú ná go mbeadh cead ag na coláistí cúrsaí a reáchtáil ach go mbeadh níos lú daltaí ag freastal orthu agus líon níos lú daltaí á gcoinneáil ag mná tí.

Dúradh go gcinnteodh na treoirlínte atá á n-ullmhú go mbeidh an cur chuige i leith na gcoláistí samhraidh “ag teacht go hiomlán” le plean cúig leibhéal an Rialtais chun dul i ngleic leis an Covid-19, ach tá sé i gceist ag an Rialtas plean nua le dul i ngleic leis an ngalar a fhoilsiú an mhí seo chugainn.

Cuirfidh na treoirlínte san áireamh na srianta éagsúla agus an chomhairle sláinte atá i bhfeidhm i dtaobh chúrsaí oideachais, taistil, imeachtaí, lóistín agus cuairteoirí.

Cuireadh na cúrsaí samhraidh ar ceal anuraidh ar fud na Gaeltachta mar thoradh ar an bpaindéim.

Freastalaíonn os cionn 26,000 scoláire ar choláistí samhraidh na Gaeltachta gach bliain de ghnáth agus cuireann 700 teaghlach lóistín ar fáil do na coláistí.

Íocadh €4.7 milliún le coláistí samhraidh agus mná tí anuraidh mar chúiteamh ar chur ar ceal na gcúrsaí.

Meastar gur fiú €50 milliún tionscal na gcoláistí samhraidh do cheantair Ghaeltachta ar fud na tíre.

Fág freagra ar 'Treoirlínte do choláistí samhraidh le cur faoi bhráid NPHET'