Tréithe na nÉireannach sa Teach Bán – buntáiste do Joe Biden?

Má táthar le géilleadh do shaineolaí amháin ba cheart go dtabharfadh a ghéineolaíocht, a mhianach agus a chúlra buntáiste ar leith don Uachtarán nua sa Teach Bán

Tréithe na nÉireannach sa Teach Bán – buntáiste do Joe Biden?

“You can ask me about Ireland anytime you want!”   

Níl aon amhras ar an bhfear a bheidh ag dul i mbun an phoist is cumhachtaí sa domhan go luath faoin áit a bhfuil a dhúchas agus a chroí ar ancaire.

Tá Joe Biden bródúil as a shinsear agus as an ngéineolaíocht Éireannach atá fite fuaite ina chreatacha.  Ní leagann sé fiacail air, fiú agus aird an domhain mhóir air anois.

Go deimhin, má táthar le géilleadh do shaineolaí amháin, ar a laghad, ba cheart go dtabharfadh a ghéineolaíocht, a mhianach agus a chúlra buntáiste ar leith don Uachtarán nua sa Teach Bán.

I leabhar a scríobh sé seacht mbliana ó shin, dúirt Scott Farris, iarcheannasaí ar Bhiúró an United Press International go bhfuil Poblachtánaigh agus Daonlathaigh sna Stáit Aontaithe fós ag caitheamh i ndiaidh John Fitzgerald Kennedy agus Ronald Reagan.

Is é mian a gcroíthe i gcónaí, a deir Scott Farris go mbeadh ceannairí chomh hábalta acu aríst; tá Daonlathaigh ann fós atá ag caoineadh Kennedy agus Poblachtánaigh atá ag caitheamh súil siar ar thréimhse Uachtaránachta, Ronald Reagan.

Ba iad an bheirt úd, a deir Farris, ba ghaire do chosmhuintir na bpáirtithe. Ba astu-san ba mhó a bhí trust agus muinín ag an gcosmhuintir. Ba iad ba mhó a rabhadar bródúil astu agus ceanúil orthu.

Tuige?

Bhí tréith amháin acu beirt, dar le Farris – gan trácht ar a gcuid ábaltachta agus a gcumas ceannaireachta agus polaitíochta – a chuir ar leibhéal ar leith iad mar Uachtaráin agus b’in é an mianach Éireannach a bhí iontu.

Mar seo a scríobh Scott Farris faoi:  ‘As Jay Dolan, a leading historian of the Irish experience in America has noted, the Irish have long been associated with the positive attributes of ‘gregariousness, wit, charm’ – attributes popularly associated with Kennedy and Reagan.  Indeed Kennedy and Reagan’s ‘Irishness’ is key to their enduring appeal.’

Déanann Farris tagairt don bhua a bhí ag Kennedy agus Reagan araon scéalta grinn a inseacht agus a bheith ag diabhlaíocht.  ‘Despite the real work it takes to be funny, those who have commented on Kennedy and Reagan’s humour suggested that it came to them honestly by the fact of their Irish heritage.’

Níor mór a rá in athuair anseo go bhfuil Scott Farris ar an intinn go raibh chaon fhear acu cumasach ar bhealaí éagsúla – ach go raibh cosúlachtaí go leor freisin idir an bheirt ar bhealaí praiticiúla agus ina gcuid  modhanna oibre.  Luann sé an tÉireannachas agus an bealach pearsanta a bhí leo mar thréith ar leith nach bhfeictear ach go hannamh.

An féidir a bheith ag súil go bhfágfaidh Joe Biden a lorg féin ar stair an Tí Bháin ar an gcaoi chéanna ar fhág an bheirt Ghael-Mheiriceánach úd – John F. Kennedy agus Ronald Reagan?

Níl dabht ach go bhfuil bealach séimh agus suáilceach le Joe Biden.  Go deimhin, cuireadh ina leith gur bealach rócheanúil a bhí aige le mná scaití. Ardaíodh an scéal sin go háirithe le linn an fheachtais toghchánaíochta.

Tá an dá shaol feicthe aige ina theaghlach féin agus ina shaol pearsanta féin.

Bheadh sé le tuiscint, taobh amuigh dá chineáltas nádúrtha pearsanta uilig, go mbeadh bá agus rud aige le daoine a bheadh faoi bhrú ar bhealach ar bith.  Chuile sheans go dtugann sin míniú ar a chuid iompair i gcásanna áirithe ina bhfuil sé ag iarraidh daoine a chur ar a gcompord.  Shéan Biden go ndearna sé aon bhlas as bealach agus níor cuireadh an scéal sin níos faide.

Is ar éigean go mbeadh sé chomh deisbhéalach agus chomh stuama ar an bhfoclaíocht le Kennedy agus le Reagan ach is léir gur fear é atá in ann a bhealach a dhéanamh i measc chuile chineál comhluadair.

Caithfear, ar ndóigh, a chur sa  gcomhaireamh go bhfuil Joe Biden ag teacht isteach sa Teach Bán agus é gar do na ceithre scór blianta d’aois.  Caithfidh sé roinnt spáráil a dhéanamh ar a chuid fuinnimh dá bharr sin.  Cé go raibh sé ráite go raibh sé róshean – bhíodh sé féin ag fonóid faoi sin – bhí Ronald Reagan ocht mbliana níos óige ná Biden nuair a chuaigh sé i mbun dualgais na hUachtaránachta.  Ar ndóigh, ní raibh JFK ach 43.

Tá an saol athraithe go mór ó thús na 1960idí (aimsir Kennedy) agus na 1980idí (aimsir Reagan). I Meiriceá féin, tá an meascán daoine agus ciníocha méadaithe go mór agus castacht dá réir ag baint leis an bpolaitíocht.  Tá na meáin chumarsáide ar an airdeall i gcónaí anois; tá chuile fhocal dá dtiocfaidh as béal Uachtaráin tomhaiste agus meáite.   

Na buanna pearsanta atá ag Joe Biden, ní dóigh go bhfuil siad chomh feiceálach leis na pearsanachtaí móra a bhí ag na hUachtaráin ildánacha Ghael-Mheiriceánacha, John Fitzgerald Kennedy agus Ronald Reagan.   Ach b‘fhiú go mór a bheith ag éisteacht leis nuair a thug an foilseachán Irish America stádas onórach dó i Nua-Eabhrach in 2013.   Labhair sé ar a chúlra féin in Scranton Pennsylvania agus an nádúr a bhí ag sliocht na hÉireann ansin dá chéile.  Labhair sé ar thréithe na nÉireannach – ‘dreamers and realists too’  a deir sé – agus leag sé béim ar fhocal amháin sa deireadh, ‘dínit’.  Sin rud, a deir Biden, nár cheart a bhaint de dhuine ar bith.

Chuile sheans go raibh sé ag cuimhneamh ar a shinsir féin agus an saol a chonaiceadar in Éirinn in aimsir an Ghorta agus ina dhiaidh sin nuair a labhair sé ar an gcaoi sin.

“You can ask me about Ireland anytime you want,” ar sé. Tiocfaidh tréithe Éireannacha Joe Biden faoi bhláth freisin sa Teach Bán.

Fág freagra ar 'Tréithe na nÉireannach sa Teach Bán – buntáiste do Joe Biden?'