Tráthúlacht thruamhéalach ag baint le Seven Days in Entebbe ach é rómheáite róthomhaiste róleamh

Fágann scannán nua faoi cheist an Mhéanoirthir sinn i dtaobh le carachtair aontoiseacha a bhíonn ag caitheamh monalóga tútacha uathu ach gan aon chíoradh le dealramh déanta orthu

Tráthúlacht thruamhéalach ag baint le Seven Days in Entebbe ach é rómheáite róthomhaiste róleamh

Seven Days in Ettebe
Stiúrthóir: José Padilha
Cliar: Rosamund Pike, Daniel Brühl, Eddie Marsan, Nonso Anozie, Denis Ménochet, Lior Ashkenazi.

I bhfianaise an tsléachta in Gaza le seachtain anuas tá tráthúlacht thruamhéalach ag baint leis an scannán seo; saothar a thugann léamh dúinn ar cheann den mhórán eachtraí foréigneacha a bhaineann le coimhlint fhadbhunaithe, fhuilteach an Mheánoirthir. 

I 1976 dhein buíon sceimhlitheoirí a bhí bainteach leis an ‘Popular Front for the Liberation of Palestine’ eitleán de chuid Aer France a fhuadach díreach tar éis éirí in airde ón Aithin dó agus é ar a shlí ó Iosrael go dtí an bhFrainc. Bhí anbhá agus alltacht ann, ach mearbhall lena chois sin nuair a tugadh le fios go raibh an t-eitleán tar éis tuirlingt in Uganda mar a raibh an ghealt thíoránach Idi Amin i gcumhacht. É mórchúiseach, lán de bhuaileam sciath agus imithe glan as a mheabhair. Meabhraíodh an dea-scannán sin The Last King of Scotland (2006) dom aon uair go raibh sé ar scáileán agus, ar shlí, ’sé an t-aon charachtar a deineadh sciúrsáil cheart air.

Sceimhlitheoir nó trodaí ar son na saoirse; a phort féin ag gach éinne ag brath ar an léamh atá acu ar an gcoimhlint atá idir chamáin. Nach raibh sé againn féin anseo ó thuaidh? Bíodh sin mar atá baineadh siar asam nuair a tagraíodh dó sin go fánach sa réamhrá scríofa. An mheitheal ag iarraidh a thabhairt le fios go mbeifí tomhaiste sa chur chuige ach mé féin in amhras go mbeimis, an lucht féachana, i dtaobh le táirge patuar.  Tháinig an tuar faoin tairngreacht.

Bhí an mheitheal luite amach orthu féin an oiread sin ó thaobh a bheith meáite, tomhaiste, cothrom gur fágadh sin le carachtair aontoiseacha a bhí ag caitheamh monalóga tútacha uathu, gan aon chíoradh le dealramh déanta ar éinne des na carachtair. Gearmánaigh agus antoiscigh de chuid na heite clé (Pike agus Brühl) ag caitheamh tharstu ach iad fágtha in áit na leathphingine ó thaobh na forbartha de. Ba chuma ann nó as buíon eile an fhuadaigh agus léamh leamh déanta ar shaighdiúir Iosraelach. Scéal thairis a deineadh de dheartháir Benjamin Netanyahu a maraíodh sa ruathar tarrthála. Mar gheall air sin ar fad thit an tóin as an aicsean agus gan ach 20 nóimeat caite, cé, lena cheart a thabhairt don saothar, go rabhamar ar tinneall arís ar feadh scaithimh ag tarraingt ar cheann scríbe.

Go deimhin ba é an cur is cúiteamh idir pholaiteoirí Iosrael an chuid ba shuimiúla agus ba théagartha den scannán. Fé mar is eol dos na staraithe, na saineolaithe agus lucht cuardaigh Google cosúil liom féin chaith Yitzhak Rabin agus Shimon Peres formhór a saoil in adharca a chéile agus téann an scannán ag tochailt sa chaidreamh ón gcéad luí súl. Peres á léiriú mar sheabhac míleata, Rabin á chur inár láthair mar fhear na measarthachta.

Thug na míreanna scríbhneoireachta ag an deireadh le fios don lucht féachana nach mór 25 bliain ann ó d’fheallmharaigh antoisceach de chuid na heite deise in Iosrael Rabin mar gheall ar a ról i bpróiseas síochána Osló. Próiseas atá caite i dtraipisí le tamall agus an choimhlint fós faoi bharr lasrach breis agus tríocha bliain i ndiaidh eachtraí an tsaothair seo.

Fág freagra ar 'Tráthúlacht thruamhéalach ag baint le Seven Days in Entebbe ach é rómheáite róthomhaiste róleamh'