Tráthnóna iontach eile i ndán dúinn i gcoinne na Sasanach

Tá cúpla buntáiste ar leith ag na hÉireannaigh - tá an uimhir 10 is fearr ar domhan faoi láthair acu agus tá an bainisteoir is fearr ar domhan acu

Jonathan Sexton 25/2/2015
Jonathan Sexton i mbun traenála inné. ©INPHO/Dan Sheridan

Is cinnte gur ar an Domhnach san Aviva a bheas mórchluiche na deireadh seachtaine seo. Tabharfaidh dhá fhoireann nár chaill cluiche ar bith fós sa gcomórtas seo faoina chéile. De bharr an léasadh a thug Sasana don Iodáil, is iad atá ar bharr an tábla, iad cúig phointe níos fearr ná foireann na hÉireann, atá sa dara háit, de bharr difríocht scóir.

Tá sé deacair comparáid a dhéanamh idir na foirne seo; níl tada eatarthu ar pár – sárimreoirí ar ardchaighdeán le neart taithí idirnáisiúnta. Mar sin féin, seans go bhfuil paca Shasana níos láidre; cinnte, is mó iad ná na Gaeil. Tá i bhfad níos mó taithí ag na cuairteoirí sa lár páirce, áit a mbeidh brú mór ar Henshaw agus ar Phayne.

Rinne an pháirtnéireacht sin go maith go dtí seo, ach is ag cosaint a bhí siad an t-am ar fad. Cinnte, beidh géarghá le neart cosanta an Domhnach seo, ach beidh géarghá freisin le cúpla patrún ionsaithe más fúinn úid a aimsiú agus teastóidh úid leis an gcluiche seo a ghnóthachtáil.

Mar sin féin, tá cúpla buntáiste ar leith ag na hÉireannaigh. Tá siad sa mbaile, tá Johnny Sexton, an uimhir 10 is fearr ar domhan faoi láthair ag imirt leo, ach níos tábhachtaí ná sin, tá an bainisteoir is fearr ar domhan, Joe Schmidt i gceannas orthu.

Má éiríonn le Schmidt cúpla cleas draíochta eile a chur i dtoll a chéile, mar a rinne sé i ngach cluiche go dtí seo, tá mise cinnte go bhfuil tráthnóna iontach eile i ndán dúinn san Aviva.

Ar an Satharn sa gComórtas Sé Náisiún, beidh Albain sa mbaile i gcoinne na hIodáile agus iad ag súil lena gcéad bhua i gcomórtas na bliana seo a aimsiú agus lena gceart a thabhairt dóibh, tá sin tuillte go maith acu, tar éis dhá iarracht iontach i gcoinne na Fraince agus na Breataine Bige. Is deacair bua don Iodáil a thuar sa gcluiche seo.

Tá ar na Breathnaigh dul go Páras an Satharn seo. Cluiche é seo nach mbeidh tada éasca ag baint leis. Bhí an t-ádh glan ar na Francaigh nár éirigh le hAlbain an ceann is fearr a fháil orthu sa gcéad chluiche den chomórtas in ainneoin buntáiste an bhaile a bheith acu, agus tar éis bua na hÉireann orthu coicís ó shin ní ghlacfaidh an lucht leanta le haon leithscéal. Seans go mbeidh an scéal céanna ag lucht leanúna na Breataine Bige. Sin an chúis a bhfuilimse ag súil le sárchluiche rugbaí i bPáras.

Cé go bhfuil cluichí i mbabhta 16 den Pro 12 ar bun an deireadh seachtaine seo, is ar an tríú babhta den Chomórtas Sé Náisiún a bheas aird an phobail. Ach roimhe sin, níl aon easpa roghanna cluichí orainn an Aoine bheag seo.

Beidh na Laighnigh as baile thall sa mBreatain Bheag i gcoinne na nOspreys sa bPro 12, iad ag súil le cur leis an mbua ceithre úd a bhí acu ar fhoireann Zebre san RDS seachtain ó shin. Is cinnte go mbeidh na Breathnaigh ag súil go mbeidh siad in ann leas a bhaint as buntáiste an bhaile, le stop a chur leis an drochnós cailliúna atá acu le cúpla cluiche anois. Níl ach dhá phointe idir an dá fhoireann seo agus má bhíonn an lá leis na hOspreys beidh siad arís i measc an cheithre fhoireann atá ar bharr an tábla agus titfidh na Laighnigh siar go dtí an 5ú háit.

Sa mbaile atá na hUltaigh agus iad ag tabhairt faoi Scarlets na Breataine Bige, iad ag súil go mbeidh siad in ann ardú go barr an tábla.

Ar an Aoine freisin beidh foireann faoi 20 na hÉireann chomh maith le foireann idirnáisiúnta na mBan ag tabhairt faoi fhoirne as Sasana.

Ar an Satharn, beidh cluiche crua idir an na Muimhnigh atá sa 3ú háit ar an tábla agus Glaschú atá ar a bharr. Tá an t-ádh ar na Muimhnigh gur i gCorcaigh a bheas an cluiche sin agus an mBóthar Beag i nGaillimh, ar an nDomhnach, beidh Cúige Chonnacht i gcoinne Treviso na hIodáile agus bua baile mar sprioc acu.

 

Fág freagra ar 'Tráthnóna iontach eile i ndán dúinn i gcoinne na Sasanach'