Tráth na cinniúna don Phrótacal iarBhreatimeachta

Ba léir ón tús nach raibh fonn ar Boris Johnson ná a lucht tacaíochta an Prótacal a d’aontaigh siad a chur i bhfeidhm

Tráth na cinniúna don Phrótacal iarBhreatimeachta

D’fhógair rialtas na Breataine inné an casadh is deireanaí ina chur chuige i leith an Phrótacail iarBhreatimeachta.

D’éiligh siad ar an AE go ndéanfaí athscríobh ar an bprótacal, éileamh ar thug an tAE droim láimhe leis láithreach.

Babhta eile margála leis an mBruiséil a nó cealú aontaobhach ar sciar den tseiceáil a éilíonn an Prótacal ag calafoirt Thuaisceart Éireann atá ag teastáil ó Rialtas na Breataine.

Deir Rialtas na Breataine go bhfuil tréimhse chairde eile nó “tréimhse stad” á lorg acu le dul i mbun idirbheartaíochta arís maidir le hathruithe móra a dhéanamh ar Phrótacal Thuaisceart Éireann.

Seo an mhír de chomhaontú trádála an Bhreatimeachta a ceapadh chun teorainn chrua ar an oileán seo a sheachaint.

Dúirt David Frost, an t-aire Rialtais a bhí i mbun na hidirbheartaíochta leis an Aontas Eorpach ar son na Breataine, nach bhfuil an prótacal inbhuanaithe agus go bhfuil rialtas na Breataine ag éileamh go gcuirfí síneadh leis an tréimhse chairde atá i bhfeidhm faoi láthair i leith Thuaisceart Éireann.

Bhí práinn leis sa Bhruiséil agus i mBaile Átha Cliath gan trácht ar Thuaisceart Éireann go soiléireoidh an Bhreatain a leagan amach i dtaca leis an Phrótacal.

Ach níl mórán dul chun cinn déanta.

Deir an tAE go bhfuiltear sásta moltaí seiftiúla a phlé ar mhaithe le teacht ar réiteach ar an easaontas maidir le cúrsaí trádála ach nach bhfuil aon chuimhneamh acu dul i mbun margála arís faoin margadh i leith an Tuaiscirt.

D’uireasa soiléire, áfach, d’fhéadfadh dreas leadránach eile sáraíochta a bheith i ndán dúinn faoi conas fadhbanna a bhaineann le feidhmiú an Phrótacail a fhuascailt. Nó d’fhéadfaí géarú ar an teannas idir rialtas Boris Johnson agus an tAontas Eorpach, an margadh aistarraingthe a chur faoi bhrú agus deacrachtaí as cuimse a chothú don oileán seo thuaidh agus theas.

Tá sé ráite go minic ag David Frost, an tAire Breatimeachta, nach bhfuil an Prótacal mar atá sé inmharthana. Tugann an leagan amach sin uchtach dóibh siúd a dteastaíonn uathu go gcuirfí ar neamhní é scun scan chun deireadh a chur leis an teorainn i Muir Éireann. Ar an lámh eile is cúis mhagaidh, más searbh féin é, ag daoine eile a fhiafraíonn an bhfuil a fhios ag an Tiarna Frost cé a rinne an margadh leis an Aontas Eorpach. Ba é an Tiarna Frost an príomh-idirbheartaí thar ceann na Breataine a d’aontaigh an Prótacal le Michel Barnier, thar ceann an Aontais Eorpaigh.

Fuarthas léargas ar dhearcadh rialtas na Breataine ar an bPrótacal nuair a thug David Frost fianaise do choiste i dTeach na dTiarnaí le gairid. Ba léir ón tús nach raibh fonn ar Boris Johnson ná a lucht tacaíochta an Prótacal a d’aontaigh siad a chur i bhfeidhm.

Dúirt Johnson le lucht gnó abhus páipéarachas (riachtanach) a chaitheamh sa chiseán. Aithreachas an cheannaitheora, seans; nocht Frost do na Tiarnaí céard ba chúis leis. In 2019 nuair a aontaíodh é, bhí an rialtas faoi bhrú ó dhaoine ar theastaigh uathu fanacht san AE, agus b’éigean é sin a ionramháil go polaitiúil a dúirt sé. Tá doicheall Frost agus Johnson roimh an bPrótacal níos sothuigthe sa chomhthéacs sin; ní raibh siad ach ag cur caoirigh thar abhainn nuair a rinne siad an margadh ‘oven ready’ a bhuaigh an t-olltoghchán dóibh.

Dúirt an Tiarna Frost le coiste Parlaiminte Dé Luain go raibh forálacha sa chonradh a thagann salach ar a chéile nó ar féidir dhá bhrí a bhaint astu. Ina theannta sin, dúirt sé gur údar imní é an méadú ar thrádáil trasteorann agus an titim dá réir ar thrádáil idir an Bhreatain agus Tuaisceart Éireann. Bhí ganntanas earraí ar lucht gnó abhus toisc gur chinn a soláthróirí sa Bhreatain Mhór nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid na rialacha nua, faoin bPrótacal, a chomhlíonadh. Dá bhrí sin d’aimsigh an lucht gnó abhus soláthróirí sa Phoblacht nó i dtíortha eile san AE.

Atreorú trádála a thugtar air sin sa Phrótacal a aithníonn gur cúis bhailí é chun cleachtais a leasú.

Ar an Luan freisin ag cruinniú fíorúil le Maroš Šefčovič, dúirt ceannaire nua an DUP, Jeffrey Donaldson nár mhór an Prótacal a athdhearadh ó bhonn chun margadh aonair na Ríochta Aontaithe a shlánú maille le stádas an Tuaiscirt mar chuid dhílis den Ríocht. Teastaíonn uaidh go ngabhfaidh rialtas an Breataine agus an tAE i mbun idirbheartaíochta as an nua chun a theacht ar mhalairt réitigh.

Bhuail coiste feidhmithe an Bhreatimeachta le chéile chomh maith. Leanfar leis an bplé a dúradar ach níor eisíodh comhráiteas.

Dúradh i ráiteas na Breataine go raibh na mórfhadhbanna gan fuascailt – éifeacht na seiceálacha custaim ar earraí ón mBreatain Mhór ag calafoirt sa Tuaisceart agus na rialacha faoi agraibhia, an fheoil agus plandaí. Bhí an éiginnteacht faoi rún na Breataine soiléir sa ráiteas a d’eisigh an Coimisiún Eorpach. Theastaigh ón gCoimisiún go bhfaighfí dearbhú ón mBreatain gurb í a n-aidhm chomhroinnte go gcomhlíonfar an Prótacal ina iomlán.

Fuarthas freagra na ceiste sin inné.

Fág freagra ar 'Tráth na cinniúna don Phrótacal iarBhreatimeachta'