Tráma cogaidh san ionad cúraim – na rudaí arbh fhearr leat dearmad a dhéanamh orthu

 CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoi ghalar Alzheimer. An mhí seo, de réir mar a théann galar Alzheimer i ndonas, teipeann ar na córais san inchinn a chuireann trámaí faoi chois

Tráma cogaidh san ionad cúraim – na rudaí arbh fhearr leat dearmad a dhéanamh orthu

Tá cuimhní againn ar fad arbh fhearr linn dearmad a dhéanamh orthu. Rudaí a tharla dúinn agus nár labhair muid fúthu riamh; eachtraí a choinnigh muid i bhfolach, seans, ó chairde, ó ghaolta, ó chlann.

Le mí nó dhó anuas, tá cónaí san ionad cúraim ina bhfuil cónaí ar mo mháthair ar Bhean K. As Amsterdam ó dhúchas í Bean K. agus tá sí 94 bliain d’aois, rud a chiallaíonn nach raibh sí 15 fós nuair a chríochnaigh an dara cogadh domhanda.

Bean chiúin, chúthail fiú, a bhí inti riamh, nó sin a deir a muintir. Ach ó tháinig galar Alzheimer uirthi, d’éirigh Bean K. an-mhíshuaimhneach. Éiríonn sí corraithe go háirithe nuair a bhíonn fir i láthair, fir nach mbíonn aithne aici orthu – nó nach cuimhin léi gur casadh uirthi cheana iad. Mise, mar shampla.

Tosaíonn sí ag eascainí. Deir sí rudaí gáirsiúla agus déanann comharthaí gáirsiúla: corrmhéar a láimhe deise a shacadh isteach go fíochmhar i ndorn leathdhúnta a ciotóige, mar shampla.

‘An chéad uair eile tabharfaidh mé leadhb dó! Stócach brocach de Ghearmánach!’

Tá sé oibrithe amach ag muintir Bean K. agus ag an bhfoireann leighis go bhfuil tráma cogaidh aici agus gur dóichí ná a mhalairt gur éignigh saighdiúir Gearmánach í nuair a bhí sí ina girseach (leid atá sa nath ‘stócach brocach’ a bhíonn aici nach raibh an saighdiúir sin mórán níos sine ná í.)

De réir cosúlachta choinnigh Bean K. an scéal sin i bhfolach ar feadh a saoil, ach is é an chaoi go ndéanann galar Alzheimer dochar don chuid sin den inchinn a chuireann droch-chuimhní faoi chois sula scriostar na cuimhní ar fad, agus mar bharr ar an mí-ádh, is iad na cuimhní ón óige is faide a mhaireann, rud a fhágann go mbaineann an tráma a bhain do Bhean K. breis is 80 bliain ó shin di arís is arís eile inniu.

Ní hionann agus Bean K., ní éiríonn mo mháthair corraithe ach go hannamh. Go deimhin ní suaimhneas go dtí í, agus is dócha gurb í an tséimhe a leathnaíonn amach uaithi is cúis leis go gcuireann an fhoireann Bean K. in aice le mo mháthair go minic sa seomra suite coiteann. Socrú a fheidhmíonn go breá, is dócha, go dtí go dtagaimse ar cuairt agus go dtugaim póg ar a leiceann do mo mham.

‘Cé thusa?!’ a bhéic Bean K. an lá cheana agus í réidh le leadhb a thabhairt san éadan dom, shílfeá.

Mhínigh duine den fhoireann agus gariníon le Bean K. a bhí i láthair an scéal domsa agus mhínigh siad do Bhean K. gur mise mac mo mháthar.

‘Ach a bhean chóir,’ a dúirt mise chun an ghoimh a bhaint as an atmaisféar, ‘tá dúil agamsa i bhfir seachas mná agus ní gá duit imní a bheith ort faoi thada.’

Tháinig giodam ar Bhean K. ansin agus féachaint ina cuid súl amhail is go bhfaca sí uisce ag dul trí thine.

‘Is ea go deimhin,’ a dúirt mé, ‘tá ár leithéidí ann!’

Bhí comhrá deas againn ina dhiaidh sin (is é sin le rá, agam féin, ag Bean K., ag a gariníon agus ag an mball foirne – faraor géar níl aon chaint ag mo mháthair a thuilleadh.)

Ach an chéad uair eile ar tháinig mé ar cuairt agus ar thug mé póg ar a leiceann do mo mham?

‘Cé thusa?!’

Fág freagra ar 'Tráma cogaidh san ionad cúraim – na rudaí arbh fhearr leat dearmad a dhéanamh orthu'