‘Tragóid na gCoimíní’ – más ann di inniu an éagothroime is cúis léi

Os cionn milliún acra coimín atá in Éirinn, agus an chuid is mó de sna réimsí sléibhtiúla siar le cósta

‘Tragóid na gCoimíní’ – más ann di inniu an éagothroime is cúis léi

Nuair atá an gátar imithe, ní dochar greann.

‘Ó tá feilm mhór agatsa,’ a deir bean na hoifige sa Roinn Talmhaíochta i bPort Laoise liom. Bhí cuntas tugtha agam ar an achar talún a raibh úinéireacht agam air i gConamara. ‘Níl cuid de an-torthúil,’ arsa mé féin. ‘Is ar éigean go reáchtálfar an Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta ann an chéad bhliain eile.’

Ar ndóigh, bhí freagra aici. Ba as Ráth an Uisce í agus bheidís in ann an Comórtas Treabhdóireachta a eagrú ansin aríst, dá mbeadh aon chruóg orainn i gConamara!

Bhí an sciar den choimín sléibhe atá sa mbaile sin againne curtha isteach agam leis an mbeagán talamh bán atá againn. Ghlan mé amach cúpla céad acra go maith. Tá ceann de na coimíní sléibhe is mó sa nGaeltacht againn anseo. Tá daoine ann a cheapann gur talamh “poiblí” iad na sléibhte ach tá geall le chuile orlach acu cláraithe ar cháipéisí úinéireachta maoine.

Ar ndóigh, tá ceithre dhuine dhéag eile a bhfuil na cearta céanna acu ar an gcoimín sin againne agus an t-achar céanna sléibhe, idir mhoingeanna, leacracha, mulláin agus mullaigh.

An coimín sin againne.

Os cionn milliún acra (426,000 heicteár) coimín atá in Éirinn, agus an chuid is mó de sna réimsí sléibhtiúla siar le cósta – contaetha Gaeltachta den chuid is mó. Tuairim 4,500 réimse coimín atá i bpoblacht na hÉireann, agus tá cearta agus úinéireacht ag 15,000 feilméara orthusan.

Braitheann go leor d’fheilméaracht sléibhe na tíre ar an gcoimín. Ach dá ngéillfí do William Forster Lloyd, ní bheadh bun ná barr le cúrsaí coimín. Scríobh seisean paimfléad in 1833 atá ina bhunús leis an teoiric ar a dtugtar ‘The Tragedy of the Commons’. Fear darbh ainm Garret Hardin a chuir an teideal ar an smaointeoireacht sin, agus eisean ag scríobh i 1968.

Lena gceart a thabhairt don bheirt, bhí níos mó ná talamh sléibhe faoi thrácht acu; rud ar bith a dúradar a mbeadh slua istigh air, agus gan máistreacht ag aon duine air – ní bheadh tóin ná ceann air.

Bhainfeadh an fiontraí agus an té ab acmhainní sa ngrúpa an leas is mó as an gcoimín agus bheadh na séideoigíní eile thíos leis sin. Ach, níl tairngreacht Forster Llyod ná Hardin tagtha sa déanamh maidir leis na coimíní sa tír seo.

Coimín gan chlaí atá i gcuid mhór de na réimsí sléibhe seo. Rinne eallach trasnaíl ar na ‘teorainneacha’ a bhí ann ar pháipéar ach tuigeadh gur beag leigheas a bhí air sin. Thug sé beatha d’ainmhithe ar feadh píosa mór den bhliain; bhaineadh caoirigh ceart as, samhradh agus geimhreadh sna blianta siar. Ach feilméaracht ón lámh go dtí an béal a bhí ann. B’éigean fanacht nó go dtáinig comhghuaillíocht na hEorpa ar an saol nó gur tugadh aitheantas don choimín, ach ba go drogallach a rinneadh é.

Bhí ceist ann: an raibh cineál amháin talún i dteideal níos mó airgead tacaíochta ón mBruiséil ná cineál eile talún? Tá an cath sin buaite ag na machairí móra bána.

Thart air €155 in aghaidh an heicteáir atá ag dul don choimín, sin níos lú ná leath an airgid a thugtar d’fheilméaraí na machairí móra. Faightear tuilleadh as an scéim ACRES ach ní líonann sé an bhearna, ná gar dó, atá idir an tEachréidh agus Conamara, mar shampla amháin.

Seolann an saol ar aghaidh mar sin, agus má tá ‘Tragóid na gCoimíní’ ann anois, is í an éagothromaíocht sin í. Dá mbeadh páirceanna Ráth an Uisce againn, bheadh muid ag treabhadh linn “in éadan tailte bána” ach más coimín criathraigh féin é, baineann sé linne agus leis na glúnta a chuaigh romhainn.

Ní móide go dtuigeann na feidhmeannaigh san Berlaymont sa mBruiséil an greim a bhí ag an talamh, bíodh sé gann, garbh nó gortach, ar mhuintir na tuaithe in Éirinn. Bíodh sé ina choimín, nó ina thalamh coiscthe, ba mhaith ann é. Bás nó beatha a bhí ann – nó an ‘bád bán’. Bhíodh trácht thart anseo ar fhear bocht éicint a bhásaigh. Ag an gcomhrá teallaigh an oíche sin labhair comharsa: “Ó maise nach fearr dó a bheith imithe; ní raibh talamh ar bith aige.”

Greann inniu? Gátar inné.

Fág freagra ar '‘Tragóid na gCoimíní’ – más ann di inniu an éagothroime is cúis léi'