Tosaíonn an chosaint a thugann na snáthaidí ag lagú laistigh de shé mhí – staidéar

Deir an comhlacht Johnson & Johnson go n-ardaíonn an teanndáileog den vacsaín s’acusan an leibhéal antasubstaintí in aghaidh an choróinvíris sa chorp go mór

Tosaíonn an chosaint a thugann na snáthaidí ag lagú laistigh de shé mhí – staidéar

Maítear i dtaighde nua go dtosaíonn an chosaint a thugann dhá shnáthaid de vacsaíní Pfizer/BioNTech agus Oxford/AstraZeneca ag lagú laistigh de shé mhí.

Mí tar éis do dhuine an dara snáthaid de vacsaín Pfizer a fháil, bíonn cosaint 88% ag duine in aghaidh an Covid-19. Bíonn an chosaint sin laghdaithe go 74% idir 5 agus 6 mhí ina dhiaidh sin.

Cosaint 77% in aghaidh an ghalair a bhíonn ag duine mí tar éis an dara prioc de vacsaín AstraZeneca a fháil. Bíonn an chosaint sin laghdaithe go 67% ceathair nó cúig mhí ina dhiaidh sin.

Rinneadh anailís ar thorthaí bhreis is 1.2 milliún tástáil agus duine sa taighde seo sa Bhreatain ar a dtugtar Staidéar Zoe.

Dúirt an tOllamh Tim Spector, an t-eolaí a bhí ina cheann: “Is í mo thuairim féin, go mbeadh sé réasúnta a rá, sa gcás is measa, go mbeadh an chosaint a bheadh ag seandaoine agus ag oibrithe sláinte faoi bhun 50% ar theacht an gheimhridh.

“Má bhíonn an t-ionfabhtú an-fhairsing sa Ríocht Aontaithe de bharr na srianta sóisialta a bheith scaoilte agus an cineál an-tógálach den víreas rábach, d’fhéadfadh ardú a theacht ar líon na ndaoine a bheidh á gcur sna hospidéil agus ag fáil bháis.”

Dúirt an comhlacht Johnson & Johnson go n-ardaíonn an teanndáileog den vacsaín s’acusan an leibhéal antasubstaintí in aghaidh an choróinvíris sa chorp go mór.

Tá na sonraí is déanaí seo á gcur faoi bhráid an Údaráis Bia agus Drugaí i Stáit Aontaithe Mheiriceá ag Johnson & Johnson. Tá an tÚdarás ag breithniú taighde dá leithéid ó Pfizer agus Moderna chomh maith. Ach an tÚdarás Bia agus Drugaí a bheannacht a thabhairt don tríú snáthaid, tá rún ag Rialtas Joe Biden teanndáileog a chur ar fáil ocht mí i ndiaidh an dara vacsaín.

Fág freagra ar 'Tosaíonn an chosaint a thugann na snáthaidí ag lagú laistigh de shé mhí – staidéar'