Torthaí scrúduithe níos measa ag páistí ar tugadh fón póca dóibh ag aois óg – ESRI

Bíonn fón póca ag 40% de pháistí faoin am go mbíonn siad naoi mbliana

Torthaí scrúduithe níos measa ag páistí ar tugadh fón póca dóibh ag aois óg – ESRI

Ní éiríonn chomh maith sin i scrúduithe le páistí ar tugadh fón póca dóibh ag aois óg.

De réir taighde nua a rinne an ESRI níor éirigh chomh maith i scrúduithe le páistí 13 bliain d’aois a raibh fón póca acu nuair a bhí siad naoi mbliana d’aois.

Fuarthas sa taighde nua seo go raibh na torthaí scrúduithe a fuair páistí a bhí 13 bliain 4% níos ísle ar an meán i measc na bpáistí a raibh fón póca acu nuair a bhí siad naoi mbliana d’aois.

De réir an taighde, a rinneadh i gcomhar leis an Roinn Cumarsáide agus atá bunaithe ar an 8,500 páiste atá páirteach sa staidéar Growing Up in Ireland, bíonn fón póca ag 40% de pháistí faoin am go mbíonn siad naoi mbliana.

Is mó seans, a deirtear, go mbeadh fón póca ag páistí óga atá ag freastal ar scoileanna i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste agus is lú an seans go mbeadh fón póca ag páistí tuismitheoirí a bhfuil ioncam ard acu agus níos mó oideachais orthu.

Mar sin féin, fuair na páistí go léir a raibh fón póca nuair a bhí siad naoi mbliana d’aois torthaí níos measa sna scrúduithe matamaitice agus léitheoireachta, beag beann ar an gcúlra socheacnamaíochta lenar bhain siad.

Deir an ESRI go raibh súil acu go gcabhródh an taighde seo le tuismitheoirí agus scoileanna maidir lena bpolasaithe maidir le cead fón póca a bheith ag páistí óga.

Dúirt Selina McCoy, taighdeoir leis an ESRI:

“Seo an chéad uair gur fhéach an ESRI ar an tionchar a bhíonn ag fón póca a bheith ag páistí ar a bhforbairt acadúil. Tá sé tábhachtach go leanfaí ar aghaidh ag déanamh monatóireachta air seo chun go mbeadh fianaise ar fáil don díospóireacht mhór atá ar siúl faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag úsáid fón póca agus ag an méid ama a chaitheann páistí ag breathnú ar scáileán ar dhaoine óga in Éirinn.”

Fág freagra ar 'Torthaí scrúduithe níos measa ag páistí ar tugadh fón póca dóibh ag aois óg – ESRI'