Torthaí na hArdteiste fógartha – an Ghaeilge ag éirí níos éasca ach méadú ar líon na ndaltaí nach mbacann léi

Chinn os cionn leath de dhaltaí na hArdteiste i mbliana gan scrúdú scríofa Gaeilge a dhéanamh.

Torthaí na hArdteiste fógartha – an Ghaeilge ag éirí níos éasca ach méadú ar líon na ndaltaí nach mbacann léi

D’éirigh le 61% den 25,596 duine a chláraigh do scrúdú ardleibhéil na Gaeilge san Ardteist i mbliana ceann de na trí ghrád is airde a fháil, is é sin marc os cionn 70%.

Fuair 54% na trí ghrád is airde i scrúdú ardleibhéil an Bhéarla agus 53% a rinne amhlaidh sa Mhatamaitic, rud a fhágann gurb í an Ghaeilge an croí-ábhar ab éasca le torthaí maithe a fháil ann.

Bronnadh ceann de na trí ghrád is airde ar 56% de na daltaí a chláraigh don scrúdú Gaeilge anuraidh agus in 2019 fuair 45% den 23,176 duine a rinne scrúdú ardleibhéil na Gaeilge ceann de na trí ghrád is airde.

61,125 dalta atá ag fáil a gcuid torthaí inniu ach níor chláraigh 11,154 díobhsan don Ghaeilge. 49,971 dalta atá ag fáil toradh Gaeilge, rud a fhágann nach bhfuil 18% de na daltaí ag fáil aon toradh Gaeilge.

De réir thorthaí na hArdteiste atá foilsithe inniu ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit, 34% nó duine as gach triúr a chláraigh don Ghaeilge ardleibhéil a fuair an dá ghrád is airde, i gcomparáid le 29% anuraidh agus 23% in 2019.

Theip ar 0.8% de na daltaí ardleibhéil, méadú ar an ráta teipe sa Ghaeilge anuraidh, 0.2%.

Bhí difríocht shuntasach i mbliana idir líon na ndaoine nár chláraigh don Gaeilge ach atá ag fáil toradh Béarla nó Matamaitice. 7,094 níos mó atá ag fáil toradh Béarla ná mar atá ag fáil toradh Gaeilge i mbliana agus 7,332 níos mó atá ag fáil toradh don Mhatamaitic ná atá don Ghaeilge.

Mar gheall ar an bpaindéim tugadh gráid mheasta do gach dalta Ardteiste i mbliana, ach tugadh rogha dóibh scrúduithe traidisiúnta a dhéanamh freisin.

Chinn os cionn leath de dhaltaí na hArdteiste i mbliana gan scrúdú scríofa Gaeilge a dhéanamh.

52% de dhaltaí a shocraigh gan tabhairt faoin scrúdú Gaeilge agus grád measta amháin a fháil, céatadán níos airde ná aon ábhar eile seachas an eolaíocht talmhaíochta agus oideachas reiligiúnach.

Rinne 25,896 dalta cinneadh gan an scrúdú don Ghaeilge a dhéanamh agus grád measta amháin a fháil. 24,001 dalta a rinne scrúdú Gaeilge agus a fuair grád measta agus 74 dalta a rinne an scrúdú amháin.

Maidir leis na daltaí a rinne scrúdú traidisiúnta freisin bhí na gráid mheasta níos airde ná grád na scrúduithe i 52.5% de chásanna, bhí grád na scrúduithe níos airde i 16.1% de chásanna agus mar a chéile a bhí na torthaí i 31.3% de chásanna.

Fág freagra ar 'Torthaí na hArdteiste fógartha – an Ghaeilge ag éirí níos éasca ach méadú ar líon na ndaltaí nach mbacann léi'

  • Eimear

    An Ghaeilge ag éirí níos éasca…A cholúnaí, ar chuala tú faoi Chovid agus an cur isteach a bhí ar oideachas scoláirí le linn na tréimhse seo. Seo an cineál truflais a dhéanfas níos mó dochar don teanga. Staon leis an tseafóid!!