Torthaí Gaeilge Ardteist 2017 – cúis cheiliúrtha nó cúis imní?

Ceileann torthaí na Gaeilge san Ardteist an fhírinne nach milis le mórán

Torthaí Gaeilge Ardteist 2017 – cúis cheiliúrtha nó cúis imní?

Bhíothas ag ceiliúradh i mbólaí áirithe inné go raibh méadú 10% tagtha ar líon na n-iarrthóirí a rinne scrúdú Gaeilge na hArdteiste i mbliana ag an Ardleibhéal. Tuairiscítear go bhfuil laghdú 50% ar líon na n-iarrthóirí Ardleibhéil nár bhain pas amach sa scrúdú agus gurbh é an laghdú ar an bpasmharc ó 40% go 30% i mbliana ba chúis leis sin. Ach an bhfuil aon mhórchúis cheiliúrtha dáiríre sna figiúirí seo?

Níor chóir dearmad a dhéanamh nach ndearna beagnach duine as gach cúigear Gaeilge in aon chor agus díolúine ag formhór acu sin. Ba chóir cuimhneamh freisin nár bhain 8% pas amach ag an nGnáthleibhéal agus nár bhain 10% pas amach ag an mBonnleibhéal. Ach suimiú a dhéanamh ar líon na dteipeanna agus na ndíolúintí, déarfá go bhfuil breis agus 20% d’iarrthóirí Ardteiste 2017 nár chruthaigh go raibh bunchumas sa Ghaeilge acu agus iad ag fágáil an chórais iarbhunscoile, is é sin 12,600 dalta.

Maidir leis an gcóras marcála nua, tá pas agus pointí anois á dtabhairt dóibh siúd a bhaineann amach 30% ag an Ardleibhéal. I gcás na Gaeilge, ciallaíonn sé sin gur féidir le hiarrthóir pas a fháil (30%) ach 10 nó 15 nóiméad a chaitheamh ag scrúdú cainte san earrach, ag aithris píosaí fada cainte atá foghlamtha de ghlanmheabhair agus ag déanamh beagán cainte faoi shraitheanna pictiúr a bhfuil siad ag breathnú orthu le bliain go leith. Agus ar eagla na héagóra, ná déanaimis dearmad go mbíonn giota beag filíochta réamhullmhaithe le léamh agus cúpla ceist le freagairt faoi chaitheamh aimsire agus do rogha cúrsa tríú leibhéal. Agus sin sin.

Má tá an fhoghlaim de ghlanmheabhair go maith agat bhí do phas agat roimh Lá Bealtaine agus gan peann curtha le pár fós. Pas agus pointí sa phóca!

Níl aon ábhar eile san Ardteist a mbíonn marc chomh hard le tuilleamh ar a laghad sin dua agus ama. Níl ar fáil i scrúduithe cainte na dteangacha eile ach 20% agus níl múinteoirí ná daltaí ag éileamh go n-athrófaí an céatadán sin.

Tháinig athrú ar dháileadh na marcanna don Ghaeilge san Ardteist in 2012.

Rinneadh gearáin ag an am go raibh slad déanta ar an litríocht agus ar stair na teanga faoin gcóras nua, agus gealladh dá bharr go ndéanfaí athbhreithniú agus leasuithe dá réir ar an gcúrsa litríochta. Níl tásc ná tuairisc ar thoradh an athbhreithnithe sin go fóill.

An dalta a dúirt i mbliana, gur faide a thóg sé air a bhéile a ithe ná Páipéar 1 den scrúdú Gaeilge a dhéanamh, ní gá gur áibhéil nó magadh ar fad a bhí ar bun aige.

Is fiú go mór dul go cartlann ábhar scrúduithe an Choimisiúin Scrúduithe ar www.examinations.ie agus caighdeán na bpáipéar a mheas.

I ndiaidh duit 14 bliain a chaitheamh ag foghlaim na Gaeilge agus an scrúdú ardleibhéil roghnaithe agat, níl ort ach 500-600 focal a scríobh mar aiste. Má bhíonn baint bheag éigin ag a scríobann tú leis an ábhar, bronnfar marcanna go flaithiúil ort.

Agus féach an difríocht idir caighdeán na léamhthuisceana sa Bhéarla agus sa Ghaeilge in Ardteist na bliana seo.

An Ghaeilge ar dtús:

1. (a) Luaigh dhá thoradh atá ar an gcogadh cathartha sa tSiria. (Alt 1)

(b) (i) Cén íomhá sna meáin a tharraing aird an domhain ar uafás an chogaidh chathartha seo?       (Alt 1)      

(ii) Cad a deir an t‐údar faoi ghéarchéim na ndídeanaithe Siriacha? (Alt 1) 

Agus an Béarla…

QUESTION A (i) Based on your reading of TEXT 2, what do you learn about the impact of developments in technology on modern communication?  Support your answer with reference to the text.                                                 

(ii)   In your opinion, what should schools do to promote the appropriate use of free speech in society?   Give reasons for your answer.

(iii)     “Professor Garton Ash makes effective use of the languages of argument and persuasion to convince readers that today’s society needs more and better free speech.“ Do you agree with the above statement?  Support your answer with reference to Professor Garton Ash’s use of the languages of argument and persuasion in the above text to convince readers that today’s society needs more and better free speech.  

In ainneoin torthaí na scrúduithe Gaeilge, níl tuairiscí na gcigirí faoin nGaeilge chomh dearfach céanna ar chor bith agus atá i roinnt mhaith ábhar eile. Sa tréimhse 2010-2012 mheas na cigirí go raibh fadhbanna ag baint le foghlaim na ndaltaí sa Ghaeilge i 32% de na scoileanna a ndearnadh cigireacht orthu. De réir Tuarascáil an Phríomhchigire 2010-2012, ba léir freisin easnaimh sa tslí ina raibh an t-ábhar á theagasc i 28% de na ceachtanna Gaeilge a ndearnadh cigireacht orthu.

Dúradh sa tuarascáil sin:

Tá na torthaí a bhaineann le cáilíocht na pleanála don Ghaeilge sna hiarbhunscoileanna díomách. Bhí easnaimh thromchúiseacha sa phleanáil agus sna próisis ullmhúcháin ag 30% de na scoileanna a ndearnadh cigireacht ábhar ar an nGaeilge iontu.

Dúradh sa tuarascáil chigireachta chéanna go raibh caighdeán na Gaeilge lag ag 25% de na múinteoirí Gaeilge.

Cé gur moladh ionracas na tuarascála nuair a seoladh í, rinneadh neamhaird de na fadhbanna a nochtadh inti. Maidir le cúrsaí sna bunscoileanna, tháinig casadh tromchúiseach sa scéal i mbliana chomh fada is a bhaineann sé le caighdeán iontrála na gColáistí Oideachais. Cé gur eol do mhadraí an bhaile gur fíorlag atá caighdeán na Gaeilge ag mórchuid ábhar oidí, laghdaíodh go dtí 50% an grád sa Ghaeilge atá riachtanach le háit a fháil i gColáiste Oideachais. Go dtí seo grád C3 (55%)  a bhí riachtanach ach faoin gcóras nua H5 nó 50% atá riachtanach. Go teoiriciúil, d’fhéadfadh duine an marc sin a bhaint amach gan aon fhocal a scríobh ach lánmharcanna a fháil sa scrúdú cainte agus sa chluastuiscint.  C3 a bhíodh riachtanach sa mhata don innealtóireacht freisin, is amhlaidh a ardaíodh an riachtanas sin go dtí H4 nó 60%.

Ag an am céanna, de bharr chomh hard agus atá gráid na bliana seo san Ardteist (bhain 71% idir 60% agus 100% amach sa Ghaeilge), is beag duine a bheadh ag iarraidh dul leis an múinteoireacht nach mbeadh an 50% go bog acu. Cén dochar mura bhfuil cuid acu in ann bunchomhrá a dhéanamh i nGaeilge.

Sásta lena dtorthai ardteiste: scoláirí Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, ó chlé, Cian Breathnach (510 pointe); Laila Ní Fhlatharta, Cuileán (578 pointe) agus Úna Mac Donnchadha, An Gleann Mór (567).

Tá cúrsa nua don Ghaeilge ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh á thabhairt isteach sna scoileanna i mbliana. Ní hé an cúrsa céanna a bheidh ann i scoileanna a fheidhmíonn trí Bhéarla agus i scoileanna lán-Ghaeilge. Ní bheidh an scrúdú cainte roghnach, arbh fhiú 40% de na marcanna é don té a roghnaigh é a dhéanamh, mar chuid den chur chuige nua agus tá roinnt mhaith múinteoirí Gaeilge gearánach faoin athrú seo. Beidh saothrú na litríochta mar chuid lárnach den chur chuige nua agus táthar ag súil go gcuirfidh sé sin le saibhreas teanga na ndaltaí. Tá sé i gceist go leanfar leis an gcur chuige nua seo ag leibhéal na hArdteiste agus go mbeadh dhá chúrsa Gaeilge ann amach anseo. Deirtear in An Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022: ‘Sa tsraith shinsearach, tosóidh obair ar shonrúchán idirdhealaithe T1 agus T2 a fhorbairt don Ghaeilge nuair a bheidh na sonrúcháin idirdhealaithe don Ghaeilge sa tsraith shóisearach forbartha agus iad ag obair go maith sna scoileanna’.

Cé go bhfuil ciall áirithe leis an gcur chuige seo, tá imní léirithe cheana féin ag scoileanna go mbeifear ag éileamh ar iarrthóirí as scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge tabhairt faoi chúrsa a bheidh i bhfad níos dúshlánaí ná an cúrsa a bheidh á dhéanamh sna scoileanna Béarla, agus gan aon phointe breise le fáil acu as.

Mar sin, tá líon na ngrád ard agus líon na n-iarrthóirí ardleibhéil ag méadú, ach cúis cheiliúrtha? Neosfaidh an aimsir cén rian a fhágfaidh an t-ardú sin ar chumas Gaeilge na ndaoine a bhfuil an seomra ranga fágtha acu nó atá anois ag múineadh ann.

– Saineolaí i réimse an oideachais a scríobh an anailís thuas do Tuairisc.ie

Fág freagra ar 'Torthaí Gaeilge Ardteist 2017 – cúis cheiliúrtha nó cúis imní?'

  • Mánus

    Anailís den scoth. Is cuimhin liom leabhar faoi Stair na Gaeilge, díolaim mhór filíochta agus deich n-úrscéal i nGaeilge a léamh don Ardteist agus mé ar scoil sna 1980daí. Sin i scoil LánBhéarla! Ach ó thús na 1990daí deineadh dumáil leanúnach ar an gcuraclam agus ar an mharcáil go háirithe. Lagaíodh caighdeán na Gaeilge ag gach leibhéal de bharr an dumáil suarach seo ar an gcuraclam Ghaeilge Ardteiste. Ach an bhfuil na scoileanna réidh don churaclam Ghaeilge Ardteiste “dúshlánach” seo atá á phleanáil de réir cosúlachta. Bhí an saol ró-bhog le fada ag múinteoirí Ghaeilge sna Ghaelcholáistí agus an dornán scoil sa “Ghaeltacht” in a mbíonn an teagasc tré mheán na Gaeilge. Breathnófar ar an churaclam nua Ghaeilge mar phíonós mura mbeidh pointí breise CAO dá bharr.
    Cad mar gheall ar na scoláirí i scoileanna LánBhéarla go mbíonn an Ghaeilge á labhairt acu sa bhaile? An mbeidh cead acu an leibhéal dúshlánach seo a roghnú sa scrúdú Ardteiste?

  • Diarmuid

    Tagaim leat, a Mhánais. Faraor, go réadúil, ní bheidh scoileanna lánBhéarla ábalta an leibhéal dúshlánach sin a chur ar fáil. Trua mór, agus é intuigthe anois nach bhfuil meas madra ag an gcóras oideachais ar mo leithéidse, nach raibh Gaeilge agam ón gcliabhán agus a d’fhreastail ar scoil lán Bhéarla. Nuair a chuas le Gaeilge sa choláiste 15 bliain ó shin bhí a fhios agam ar a laghad go raibh an ardteist a dheineas ar comhchéim le mic léinn Gaeltachta. Fiú dá mbeadh ábhar ar leith ar nós litríocht na Gaeilge ar fáil i ngach scoil bheadh daltaí Gaeltachta agus Galltachta ar comhchéim. Ní gá go mbeifeá ag freastal ar scoil lán Ghaeilge chun suim a bheith agat ardchaighdeán a bhaint amach.

  • Mánus

    Cén fáth nach mbeidh cead an cúrsa seo a chur ar fáil i scoileanna LánBhéarla? Is cinnte go mbeadh éileamh ar chúrsa ceart Ghaeilge don Ardteist má bhíonn ponntí breise CAO dá bharr.

  • Siobhán

    Nílim ag iarraidh aon milleán a chuir ar aon duine, ach mar mhúinteoir Ghaeilge, caithfidh mé a rá ná bhfuil ach méid áirithe go bhfuil múinteoir in ann déanamh. Tá sé intuigthe go dtagann gach dalta arbh as do bhunscoil lán-Bhéarla dóibh isteach sa Chéad Bhliain le leibhéal áirithe Béarla, leibhéal áirithe Mata agus leibhéal áirithe Gaeilge. Bíonn scrúdú caighdeánach Béarla agus Mata ag daltaí chun cinntiú go bhfuil an comh-leibhéal seo sroichte acu. Níl aon scrúdú caighdeánach Gaeilge ann chun cinntiú go bhfuil múinteoirí ag comhlíonadh riachtanais múinteoireachta na Gaeilge. Nílim in aon slí ag rá nach mbíonn múinteoirí bunscoile ag múineadh na Gaeilge, ach níl aon caighdeán ar leith (go bhfios dom) go gcaithfidh daltaí bunscoile baint amach. Fágtar leis an fadhb seo muid – daltaí ag teacht isteach sa chéad bhliain le meascán ollmhór leibhéil – mar nach bhfuil aon scrúdú ann chun cinntiú go bhfuil daltaí ag teacht ar caighdeán náisiúnta. Más gá do bhunscoileanna lán-Ghaeilge scrúdú caighdeánach Béarla a dhéanamh cén fáth ná bhfuil gá do scoileanna lán-Bhéarla scrúdú caighdeánach Gaeilge a dhéanamh?