Tony Blair: ‘laoch’ nó ‘náire shaolta’

Tá fiosrú an Choiste ar an ‘scéim riaracháin’ do OTRs, nó daoine ar a dteitheadh ag druidim chun críche agus an dá thuairim i gcónaí faoi Iar-Phríomh-Aire na Breataine

Tony Blair

Laoch is ea é fós i súile Shinn Féin, nó cuid acu ar aon nós. Náire shaolta é ag daoine eile a mhaíonn gur chóir é a chúiseamh i ngeall ar chogadh na hIaráice. Cuma cad é do bharúil faoi Iar-Phríomh-Aire na Breataine, Tony Blair, ní féidir a chumas agus a shnastacht i láthair lucht a cheistithe a shéanadh mar a léirigh sé Dé Máirt seo caite.
Abhcóide é chomh maith le polaiteoir agus níorbh údar iontais é gur léirigh sé scileanna an dá ghairme mar chosaint ar chinnidh a rinne sé mar Phríomh-Aire. Bhain sé geit as daoine, áfach nuair a mhaígh sé go mbeadh próiséas síochána Thuaisceart Éireann ar lár d’uireasa na litreacha sóláis a seoladh chuig iarbhaill den IRA Sealadach a bhí ar a dteitheadh.
Ní raibh sé soiléir cén t-údar a bhí aige leis an mbreithiúnas sin. An raibh sé bunaithe ar rabhadh, ar bhagairt nó ar bhain sé le nós Blair “an t-uafás” a fheiceáil ar an tairseach mar a rinne sé nuair a mhaígh go bhféadfadh Saddam Husseim an Ríocht Aontaithe a ionsaí.
Bhí sé ag tarraingt na gcos le breis is leathbhliain ach sa deireadh b’éigean dó a dhul os comhair Coiste Parlaiminte Thuaisceart Éireann i Westminster chun ceisteanna faoi na litreacha conspóideacha a fhreagairt.
Tá fiosrú an Choiste ar an ‘scéim riaracháin’ do OTRs, nó daoine ar a dteitheadh ag druidim chun críche; chreid baill an choiste go mbeadh a saothar easnamhach gan fianaise Blair, bunaitheoir na scéime.
Chuaigh an Coiste i mbun oibre de bharr na conspóide a spréachadh nuair a thit triail John Downey as buamáil Pháirc Hyde as a chéile anuraidh mar go raibh litir ag an gcúisí ag rá nach raibh na húdaráis sa tóir air. Botún ab ea an litir sin – theastaigh ón Met, póilíní Londain, é a cheistiú faoin mbuamáil i Londain i 1982 inar maraíodh ceathrar saighdiúirí. D’ainneoin an bhotúin, chinn an Breitheamh gur thug an litir faoiseamh ó chúiseamh do Downey.

Eisíodh thart ar 200 litir ar fad ó 1999; bhí a bhformhór bailí ach b’earráid dornán acu. Margadh gránna rúnda le Sinn Féin agus an tIRA ab ea an scéim dar le hAontachtaithe. Bhagair Peter Robinson eirí as oifig i ndiaidh chás Downey.
Chun é a shásamh bhunaigh an Príomh-Aire Cameron fiosrú faoin mBantiarna Hallett a chinn go raibh lochtanna ar an scéim, gur déanadh botúin ach go raibh an chuid is mó de na litreacha dleathach mar go ndúirt siad nach rabhthas sa tóir ar dhuine de réir na fianaise a bhí ar fáil ag an am sin. Thairis sin, dúirt an Breitheamh Hallett gur iomaí tagairt do na litreacha a bhí ar fáil le fada don té a mbeadh a chluas ar bior aige agus a shúil géaraithe.
Shéan Blair gur scéim rúnda a bhí ann agus léirigh sé iontas faoi aineolas daoine ar an scéim.
“Níor phoibligh muid é,” a dúirt Blair, ag nochtadh ceann de na tréithe a bhí mar chomhartha sóirt ar a Phríomh-Aireacht – claonbholscaireacht. Bhí cáil orthu as eolas a cheilt chomh maith le ‘bainistiú’ faisnéise.
Gach seans go ndearna sé bainistiú go héifeachtach ar gach a ndúirt sé leis an gCoiste. D’fhag sé sinn le ceisteanna níos casta ná mar a bhí ag dó na geirbe ag lucht a cháinte roimh ré.
Nuair a thug Ian Paisley óg fogha faoi, d’fhreagair Blair nach mbeadh aon phróiséas síochána ann da mbeifí ag brath ar an DUP. Ach níor thairg sé soiléire faoina mhaíomh go raibh an próiséas síochána i mbaol mór ag deireadh 2006. N’fheadar an neosfaidh an aimsir.

Fág freagra ar 'Tony Blair: ‘laoch’ nó ‘náire shaolta’'

  • Páid Ó Donnchú

    Cailleadh thart ar 3500 duine le linn na dTrioblóidí ó Thuaidh dá bharr foréigean. Ghlac Blair a chuid dualgais chun cabhair leis an iarracht deireadh a chuir leis.
    Tá 133000 gnáthshibialtaigh caillte san Iaráic dá bharr an tIonradh a bhí Blair páirteach ann mar cheannaire.

    Ba cheart dhó a bheith i gcarcair i mo thuairimse.