Toni Morrison, an chéad bhean dhubh a bhuaigh duais Nobel na litríochta, ar shlí na fírinne

Bhain Toni Morrison, duine d’fhathaigh litríocht Mheiriceá, cáil amach mar gheall ar liriciúlacht a saothar agus í ag cur síos go macánta ar uafás na sclábhaíochta agus ar stair na nAfracach Meiriceánach

Toni Morrison, an chéad bhean dhubh a bhuaigh duais Nobel na litríochta, ar shlí na fírinne

Tá an scríbhneoir iomráiteach agus buaiteoir dhuais Nobel Toni Morrison tar éis bháis.

88 bliain d’aois a bhí Morrison, an chéad bhean den chine dubh a fuair duais Nobel don litríocht.

Nuair a bhuaigh sí an duais sin i 1993 dúirt na moltóirí gur mhian le Morrison “dul go domhain sa teanga agus í a shaoradh ó laincisí cine”.

Ina hóráid Nobel, thagair Morrison féin do thábhacht na teanga sa saol chomh maith.

“Ceard na bhfocal, tá sé go hiontach…toisc gur obair ghiniúna í; cruthaíonn sé brí a dhaingníonn ár n-éagsúlacht, ár n-éagsúlacht dhaonna — an chaoi nach ionann sinn agus aon bheatha eile.

“Faighimid bás. B’fhéidir gurb é sin brí na beatha. Ach tá bua na bhfocal againn. B’fhéidir gurb é sin fiúntas na beatha.”

Bhain Morrison cáil amach go háirithe mar gheall ar liriciúlacht a saothar agus í ag cur síos go macánta ar uafás na sclábhaíochta agus ar stair na nAfracach Meiriceánach.

Bhí Morrison, a rugadh i 1931 in Lorain, Ohio, 39 bliain d’aois nuair a chuir sí a céad leabhar amach, The Bluest Eye.

11 úrscéal ar fad a scríobh sí agus ba é God Help the Child an ceann deireanach acu.

Dúirt Morrison féin nach raibh ach rud amháin ar theastaigh uaithi scríobh faoi nuair a thosaigh sí amach, “an deargscrios a dhéanann an ciníochas ar an dream is laige, an dream is lú cosaint sa tsochaí – bean dhubh agus páiste,” a dúirt sí.

Scríobh sí tráth gur éirigh leis an gciníochas am agus fuinneamh an duine a chur amú ag iarraidh rudaí a chruthú nár chóir gur gá iad a chruthú.

“Is é is feidhm don chiníochas, agus feidhm an-tromchúiseach í, ná cur isteach ar dhuine. Coinníonn sé ó do chuid oibre thú. Coinníonn sé tú ag míniú arís agus arís eile an chúis gur ann duit. Deir duine éigin nach bhfuil aon teanga agat agus caitheann tú fiche bliain ag cruthú go bhfuil. Deir duine éigin nach bhfuil an cruth ceart ar do cheann agus bíonn ar eolaithe a chruthú go bhfuil. Deir duine éigin nach bhfuil aon ealaín agat, agus bíonn ort í sin a chartadh aníos.

“Deir duine éigin nach bhfuil aon ríocht agat agus caithfidh tú í sin a chartadh aníos. Níl aon ghá leis seo go léir. Beidh rud amháin eile ann i gcónaí,” a dúirt sí.

Ba é Song of Solomon, úrscéal staire a foilsíodh i 1977, a tharraing aird an tsaoil mhóir ar Morrison agus bhí a húrscéal  Beloved, a bhuaigh duais Pulitzer agus a ndearnadh scannán de, ar an saothar léi is mó a chuaigh i bhfeidhm ar an bpobal.

Chomh maith leis an duais Nobel, b’iomaí duais agus gradam eile a tugadh do Morrison, ina measc an gradam National Book Circle, céimeanna oinigh ó olscoileanna Oxford, Harvard agus na Ginéive, Légion d’Honneur na Fraince agus Bonn Saoirse an Uachtaráin a bhronn Barack Obama uirthi.

Fág freagra ar 'Toni Morrison, an chéad bhean dhubh a bhuaigh duais Nobel na litríochta, ar shlí na fírinne'