Tommy Peoples: Rí Éigeas na nGael in aimsir na hAiséirí

Thug Tommy Peoples a chroí agus a anam don cheol. Rinne sé éachtaí móra ach rinne sé go ciúin iad ar a bhealach féin…

Tommy Peoples: Rí Éigeas na nGael in aimsir na hAiséirí

Tommy Peoples 1948-2018 Pictiúr: TG4

Agus mé ag smaoineamh ar Tommy Peoples agus ar a bhás róluath le seachtain anuas, rith an abairt ‘Rí Éigeas na nGael in aimsir na hAiséirí’ as Mo Bhealach Féin le Seosamh Mac Grianna liom. Ní raibh mé cinnte i ndáiríre cad chuige a dtáinig sí isteach i mo chloigeann, ach de réir mar a léigh mé agus a d’éist mé leis na tuairiscí a thug daoine eile air, agus ar na hagallaimh a thug sé féin, fuair mé léargas níb fhearr ar an chéad splanc sin.

Tá clár iontach faoi a rinneadh sa tsraith Sé Mo Laoch do TG4 agus é le feiceáil ar You Tube i gcónaí. Aon duine ar mhaith leis scéal Tommy Peoples a bheith aige, b’fhiú dó amharc ar an chlár úd. Labhraíonn Tommy féin faoin cheol agus ar rud a bhí an-tábhachtach dó féin, mar a bhí, spiorad an cheoil, nó nádúr an cheoil, nó b’fhéidir, an focal is fearr ar fad, dúchas an cheoil. Luaigh sé go dtiocfadh le mórán rudaí beaga an nádúr sin a spreagadh agus go mbláthódh an ceol dá mbarr.

Thrácht sé ar chuideachta na gceoltóirí féin, ar na héisteoirí,  ar ghrianghraif agus ar scéalta agus ar chuimhní. Dúirt sé go dtiocfadh le ceann ar bith de na gnéithe sin aigne nó fonnmhaireacht na hócáide a mhúscailt. Ach dúirt sé rud eile, a bhí chomh tábhachtach céanna. Ní thig an fonn sin a smachtú.

Ní thig á thabhairt i láthair le gníomh tola. Sa chuntas sin, léiríonn Tommy cuid mhór dá fhealsúnacht i leith an cheoil agus léiríonn sé chomh maith na rudaí a spreag é féin ina leith.

Is cuimhin liom an chéad uair a casadh orm é. Bhí muid páirteach i gceolchoirm in Ionad Ealaíon an Belltable i gcathair Luimnigh. Tháinig sé féin agus a iníon Siobhán isteach le poirt a sheinm agus bhí ormsa amhrán nó dhó a rá. Ceann de na hamhráin a bhí agam an oíche sin, ‘Ceol Loch Fhia’, amhrán a chum Sinéad Nic Mhonagail, as Taobh an Locha, na Gleannta, nuair a pósadh í agus nuair a d’aistrigh sí go baile a fir.

Amhrán simplí atá ann ar dhóigh ach tá dianmhothú na cumha ar áilleacht ann. Sular dhúirt mé an t-amhrán, mhínigh mé an scéal a bhí leis. Nuair a bhí muid ag comhrá ina dhiaidh sin, dúirt Tommy liom gur chuir mé a mháthair mhór i gcuimhne dó agus é ag éisteacht liom ag tabhairt brí an amhráin. ‘Eibhlín Nic Aoidh a bhí ar mo mháthair mhór,’ arsa Tommy, ‘agus ba as an tSeanbhaile, in aice leis an Fhál Charrach í ó dhúchas.’ Bhí a fhios ag Tommy go maith cérbh as mise agus d’imir sé an dáimh sin liom.

Rugadh agus tógadh Tommy Peoples gar do Bhaile Suingean, St. Johnston, ar bhruach Abhainn an Fheabhail, gar do chathair Dhoire agus níba ghaire arís don chríoch idir Dún na nGall agus Contae Dhoire. Chuala mé ráite gur bhain sé d’Inis Eoghain, ach i mo bharúil féin tá an chríoch sin rud beag níos faide ó thuaidh.  Fear de chuid an Lagáin a bhí ann ar a admháil féin. Ba cheoltóirí iad a mhuintir uilig ar thaobh a athar agus thosaigh sé a fhoghlaim na fidile nuair a bhí sé seacht mbliana. Col ceathrair dó féin a bhí níba shine ná é an chéad mhúinteoir fidile a bhí aige.

Bhí cultúr na cuartaíochta láidir ina óige agus suim ag daoine in amhráin. Is minic a thosaíodh an amhránaíocht i measc scaifte a bheadh cruinn le chéile agus gan mórán spreagtha de dhíobháil. Dúirt sé féin gur chaith sé am go leor agus é ina thachrán ina shuí ag bun an staighre agus é ag ceol na n-amhrán a bhí ar eolas aige. Dar ndóigh, chum Tommy amhrán Gaeilge é féin lá ab fhaide anonn, agus ba mhór an sásamh a thug sin domsa an chéad uair a chuala mé é.   

Ní ar mhaithe le hairgead a bhí suim ag daoine sa cheol, dar leis, ach ar mhaithe le grá don cheol san am sin le linn a óige. Dúirt Tríona Ní Dhomhnaill, bean a bhí sa Bhothy Band ina chuideachta, sa chlár chéanna, gur duine a bhí ann a raibh sé doiligh aithne a chur air go bhfaighfeá leis féin go ciúin é. Thuigfeá ansin go raibh doimhneacht ar leith ann agus tuiscint ar leith aige ar an tsaol agus ar an cheol.

Níl léamh ná scríobh ná inse béil ar an cheol a bhí ag Tommy Peoples. Pléann daoine cúrsaí teicníce agus cúrsaí stíle. Bhí deireadh de sin ag Tommy ach má bhí féin, bhí giota beag de bharraíocht aige agus ba í an chuid sin nach raibh daoine ábalta méar a leagan uirthi. Stíl dá chuid féin go hiomlán nach bhféadfaí sainmhíniú a dhéanamh uirthi ach a bhí soiléir ón chéad nóta. Sin gan trácht ar chor ar bith ar na píosaí iomadúla a chum sé féin fosta, poirt a sheasfas clú dó an dá lá a bheas fidléirí ag seinm in Éirinn.

Cuirfidh léitheoirí Tuairisc.ie suim sa dá agallamh Gaeilge a chraol Neansaí Ní Choisdealbha ar a clár ‘Ceol Binn Ó na Beanna’ oíche Mháirt seo caite (7 Lúnasa). Cé gur fhág Tommy an scoil ag sé bliana déag, bhí an-smacht aige ar theanga na Gaeilge agus thug sé sásamh mór dó í a labhairt. Le Marcas Ó Murchú a rinne Tommy an chéad agallamh agus le Neansaí féin a rinne sé an dara ceann. Pléisiúr é a bheith ag éisteacht le Tommy ag inse faoina shaol in Oirthear Dhún na nGall ina óige i gcaogaidí na haoise seo a chuaigh thart. Thrácht sé ar na daoine a chonaic sé ag teacht go dtí an Lagán as Iarthar Dhún na nGall  agus gan mórán Béarla ag cuid acu.

Labhair sé ar a chuid oideachais agus ar an mháistir scoile a mhúin Gaeilge dó – agus glacaim leis gur sa bhunscoil a bhí i gceist aige – fear de chlainn Mhic Fhionnghaile as Oileán Uaighe. Dúirt Tommy go ndearnadh na hábhair ar fad trí Ghaeilge. 

Frása eile a rith liom de chuid Sheosaimh Mhic Grianna agus é ag caint ar chúrsaí scolaíochta i dtaca lena chleachtadh féin orthu: ‘Bhí na rialacha crua is ní raibh mise ró-umhal.’ Dúirt Tommy go carthanach nach ndeachaigh an scoil rómhaith dó agus thrácht sé ar na heaspaí a bhí ar an chóras san am – easpa grinn agus easpa mhór tuisceana ar ghealgháire agus ar aoibhneas an tsaoil. Fuair sé scoláireacht a fhad le Coláiste Adhamhnáin agus d’imigh sé ón scoil gan an Ardteist a dhéanamh. Thug sé a chroí agus a anam don cheol agus lean sé an tsraith sin go ceann cúrsa a thug go Sasana agus go Meiriceá é agus go Contae an Chláir mar a ndearna sé a bhaile buan. Rinne sé éachtaí móra ach rinne sé go ciúin iad ar a bhealach féin. Níl focail is cruinne a chuireann síos air ná na cinn a d’úsáid Diarmuid Johnson sa mharbhna álainn a chum sé:

Soraidh slán leat, a chiúinfhir shéimh
Tá Fódla faoi dhólás i do dhiaidh anocht
Go brách arís do mhacasamhail ní chluinfear
Thaosc tú do chuid feasa as sruth atá ag dul i léig.

Ba tú oidhre na mbard grinn
Ceol na dtéad ba rannaíocht duit, ba rannaíocht agus deibhí,
Mór an scéal atá fuinte i do chuid fonn;
Scéal ár gcinniúna, ár gcinniúint ‘s ár mórtas….

D’ólfainn an béiléiste duit, agus chanfainn duit mo dhán –

‘Soraidh slán, soraidh slán’.

Fág freagra ar 'Tommy Peoples: Rí Éigeas na nGael in aimsir na hAiséirí'

  • Colum Mac Giolla Fhiontáin

    Maith an alt seo.Bhain mé taithneamh as.