Togra Nua ag stiúrthóir An Cailín Ciúin i bpáirt le PJ Harvey

Colm Bairéad, stiúrthóir An Cailín Ciúin, a stiúir an físeán d’amhrán nua PJ Harvey, an ceoltóir mór le rá

Togra Nua ag stiúrthóir An Cailín Ciúin i bpáirt le PJ Harvey

Is é Colm Bairéad, stiúrthóir An Cailín Ciúin, a stiúraigh an físeán d’amhrán nua PJ Harvey, an ceoltóir mór le rá.

Aithnítear PJ Harvey mar dhuine de na ceoltóirí is ceannródaíche amuigh, agus í ag saothrú léi le breis is tríocha bliain.

Tá an t-amhrán a ngabhann an físeán leis, ‘Seem an I’, le fáil ar an albam is déanaí de chuid Harvey, I Inside the Old Year Dying. Tá ábhar an albaim fite fuaite i ndán eipiciúil dar teideal ‘Orlam’ a scríobh Harvey i gcanúint Bhéarla Dorset, a ceantar dúchais. Úsáideann Harvey roinnt mhaith de théarmaí na canúna sna hamhráin ar I Inside the Old Year Dying freisin. Déileálann an dán agus an t-albam le cumhacht athshlánaithe an dúlra i measc téamaí eile.

Is í an t-aisteoir Ruth Wilson an t-aon duine atá le feiceáil san fhíseán. Dúirt Wilson agus Harvey beirt go raibh baint mhór ag an meas atá acu ar shaothar Bhairéid lena roghnú chun an físeán a stiúradh. Bhí an phríomhpháirt ag Wilson roimhe seo sa scannán Dark River, ar chum Harvey an t-amhrán ‘An Acre of Land’ dó.

Tugtar radharc buaice An Cailín Ciúin, a fuair ainmniúchán do ghradam Oscar, chun cuimhne in eachtraíocht lom, dhíreach ‘Seem an I’.

Tháinig cúrsaí na hÉireann i gceist i saothar Harvey roimhe seo. Let England Shake an teideal a bhí ar an albam a d’eisigh sí in 2011, frása as an amhrán ‘The West’s Awake’ le Thomas Davis, duine de bhunaitheoirí na heagraíochta Éire Óg sna 1840idí.

Is beag má thug aon léirmheastóir aird ar an ngné sin den albam, agus cé go mbíonn Harvey féin sásta cuid dá foinsí a phlé, ní i gcónaí ná ní gach rud. Mórshaothar frithchogaidh is ea Let England Shake, agus ruainne den tírghrá tríd freisin. Ghnóthaigh an t-albam go leor molta agus raidhse duaiseanna, Gradam Mercury i Sasana ina measc, an dara Mercury a bhuaigh Harvey, agus is ise an t-aon duine fós a ghnóthaigh gradam Mercury faoi dhó.

I gcéad líne an amhráin ‘Let England Shake’ thóg Harvey frása eile ar iasacht as amhrán Davis, ‘The west’s asleep’, ach casadh bainte aici as chun tagairt do thíortha cumhachtacha iarthar na hEorpa. ‘I fear our blood won’t rise again’ a deir sí ag pointe eile san amhrán, téama atá coitianta in roinnt amhrán traidisiúnta, ach sa chás seo baintear macalla áirithe as amhrán dar teideal ‘Home by Bearna’, a luaitear le Sliabh Luachra. D’eisigh Harvey an singil ‘Sheela-Na-Gig’ sa bhliain 1992.

Beidh PJ Harvey ag casadh i mBéal Feirste i mí Lúnasa.

pjharvey.net              colmbairead.com

Fág freagra ar 'Togra Nua ag stiúrthóir An Cailín Ciúin i bpáirt le PJ Harvey'