TOGHCHEANTAIR GHAELTACHTA: Tá sé ina bhrachán sa Ríocht ó léiríodh i bpobalbhreith TG4 nach raibh ach 4% ag Danny Healy-Rae

Tá caint forleathan go bhfuil margadh déanta cheana féin ag beirt Chill Gharbháin go dtacóidís le Micheál Martin mar Thaoiseach

TOGHCHEANTAIR GHAELTACHTA: Tá sé ina bhrachán sa Ríocht ó léiríodh i bpobalbhreith TG4 nach raibh ach 4% ag Danny Healy-Rae

Danny Healy-Rae

Sular craoladh torthaí phobalbhreith Ipsos MRBI TG4 Dé Máirt, bhí lucht fáistine, tráchtairí is geallghlacadóirí ag déanamh talamh slán de go raibh suíocháin Michael and Danny Healy-Rae slán sábháilte. Bhí 40% den vóta eatarthu beirt in 2016 agus 12% díobh ag Danny agus a bhuíochas don dea-bhainistiú a rinneadar ar na vótaí thug Michael an deartháir leis suas go Dáil Éireann.

Ach tá sé ina bhrachán sa Ríocht ó léiríodh sa phobalbhreith sin nach raibh ach 4% ag Danny Healy-Rae. Más amhlaidh a bheidh an scéal ar an Satharn, beidh scéal an-mhór go deo i gCiarraí mar fiú agus 20% ag Michael sa phobalbhreith níor leor é le Danny a tharraingt leis.

Níl aon duine de mhuintir Ferris ar an bpáipéar ballóide an uair seo ó tharla Martin Ferris ag éirí as an Dáil agus a iníon Toiréasa tar éis éirí as an bpolaitíocht ar mhaithe lena sláinte. B’údar iontais mar sin chomh maith agus a chruthaigh iarrthóir Shinn Féin Pa Daly sa phobalbhreith agus é gob ar ghob le Michael Healy-Rae.

Is beag aithne a bhí ar Daly, dlíodóir as Trá Lí, roimh an bhfeachtas seo ach an chuma air gur aige a bheidh an dara suíochán i gCiarraí. 

Is deacair a cheapadh go gcaillfeadh Danny Healy-Rae a shuíochán. Is beag duine eile a réitíonn chomh maith leis an ngnáthvótóir tuaithe ná é féin agus a dheartháir. Is maith le daoine sa chontae a chuid cainte faoi chúrsaí ólacháin agus tiomáint i gcontae ina bhfuil deireadh beagnach tagtha leis an dteach ósta tuaithe. Gáire a tharraingíonn na ráitis is mire a dhéanann sé mar go ndearna sé obair thairbheach ó toghadh é – d’eagraigh sé busanna do sheandaoine chun cóir leighis ar a súile ó thuaidh. Tá rud amháin cinnte, spreagadh a bhí sa phobalbhreith dó le dul sa tóir ar chuile vóta i gCiarraí thoir agus i gCill Airne.

Tá caint forleathan go bhfuil margadh déanta cheana féin ag beirt Chill Gharbháin go dtacóidís le Micheál Martin mar Thaoiseach agus tháinig cosa faoin scéal sin toisc nár ainmnigh Fianna Fail aon iarrthóir i gCiarraí Thoir ná i gCill Airne. Níl iarrthóir amháin féin as Cill Airne i measc an 15 iarrthóir i gCiarraí.

Bhí flosc breise faoi fheachtas Fhianna Fáil i gceantar Chill Airne le cúpla lá agus bhí triúr iarrthóirí an pháirtí, John Brassil, Norma Foley agus Norma Moriarty, ag stocaireacht ansin chomh maith le Micheál Martin é féin.

Chaith Martin an Domhnach agus an Luan seo caite leis an triúr i gCiarraí, rud a léiríonn go bhfuil dóchas acu gur féidir leo dhá shuíochán a bhuachan ansin. Nuair a fiafraíodh de Mhicheál Martin an mbeadh aireacht ann do Michael Healy-Rae, dúirt sé nach bhféadfadh sé aon rud a rá faoi sin ach níor chuir sé as an áireamh é ach an oiread.

D’éirigh le John Brassil, Fianna Fáil an cúigiú suíochán a thabhairt leis an uair dheiridh. Poitigéir as Baile Uí Thaidhg é Brassil a bhfuil meas air ach tá an-bhrú air i dTrá Lí óna chomhghleacaí Norma Foley.   

Iníon í Norma leis an iarTheachta Dála Denis Foley, agus bhí sí ar cheann an chomhairimh sna toghcháin áitiúla anuraidh. Sheas sí cheana don Dáil in 2007 ach tá níos mó aithne anois uirthi agus tá gach seans ann gurbh aici a bheidh an chéad suíochán ar son Fhianna Fáil.

Is é an peileadóir cáiliúil Mick O’Dwyer uncail a céile ach is míbhuntáiste do Norma Moriarty go bhfuil sí ina cónaí ar an imeall in Uíbh Ráthach. As an gCoireán í Norma agus ní mór na vótaí atá thart sna bólaí sin.

Fuair Michael Healy-Rae lear vótaí i gCiarraí Thuaidh in 2016 ach beidh Mike Kennelly ag fiach ar na vótaí sin do Fine Gael an babhta seo. Deartháir é Mike le laoch Chiarraí Tim Kennelly, agus má éiríonn leis-sean vótaí an pháirtí i Lios Tuathail a chruinniú chuige féin ar an Satharn, d’fhéadfadh leath den chuóta a bheith aige. Rachaidh sé dian air, áfach, an beart a dhéanamh.

Ba cheart go gcuideodh vótaí dara rogha Kennelly lena chomhghleacaí, an tAire Brendan Griffin, lena shuíochán a choinneáil. Bhí Griffin cáinteach go maith faoi cheannaireacht Enda Kenny agus rinne Leo Varadkar Aire Sóisearach de sa Roinn Iompair agus Turasóireachta. Níor lig sé a mhaidí le sruth sa gcúram sin agus chuir sé maoiniú ar fáil i gcontae atá ag brath go mór ar an turasóireacht.

Is cosúil go bhfuil an comhshaol ag déanamh imní do mhuintir Chiarraí faoi dheireadh agus beidh Cleo Murphy ón gComhaontas Glas ag fiach ar an suíochán deiridh in aghaidh John Brassil agus Danny Healy-Rae.

B’fhéidir sa deireadh gurb iad Michael Healy Rae (NS), Pa Daly (SF), Brendan Griffin (FG), Norma Foley (FF) agus John Brassil (FF) a bheidh ag ceiliúradh.

– Is leas-eagarthóir ar nuachtán an Kerryman é Dónal Nolan

Fág freagra ar 'TOGHCHEANTAIR GHAELTACHTA: Tá sé ina bhrachán sa Ríocht ó léiríodh i bpobalbhreith TG4 nach raibh ach 4% ag Danny Healy-Rae'