Fear Manach /Tír Eoghain Theas
Buille mór do Shinn Féin ab ea é nuair a bhain Tom Elliott ón UUP an suíochán Parlaiminte seo de Michelle Gildernew dhá bhliain ó shin. Bhí tacaíocht ó na páirtithe aontachtacha ar fad ag Elliott an t-am sin agus is é an scéal céanna é i mbliana. Bhí an suíochán ag Michelle Gildernew ar feadh ceithre bliana déag go dtí 2015, agus ise an céile comhraic is mó a bheidh ag Elliott arís. Tá Sinn Féin cíocrach chun ‘suíochán Bobby Sands a bhaint ar ais’.
Iontas a bheadh ann mura mbeadh ach bearna an-bheag atá idir an bheirt. Dhá bhliain ó shin bhí Elliott 530 vóta chun tosaigh ar Gildernew. San olltoghchán roimhe sin, in 2010, ní raibh Gildernew ach ceithre vóta chun tosaigh ar aontachtach aontaithe; bearna aon vóta amháin a bhí eatarthu i ndiaidh athchomhairimh.
I dtoghchán an Tionóil sa Mhárta i mbliana, bhí Sinn Féin go mór chun tosaigh ar gach páirtí eile. Bhain siad trí shuíochán as na cúig cinn agus ceann amháin an páirtí a bhí ag an DUP agus an UUP. Mar sin féin, bhí 473 vóta níos lú ag Sinn Féin ná mar a bhí ag na haontachtaithe ar fad le chéile. Tá siad ag tathant ar vótóirí náisiúnacha eile tacú leo ar bhonn straitéiseach agus iad ag iarraidh ar chuid den mhóramh a vótáil in aghaidh an Bhreatimeachta iompú chucu. Cé go raibh an UUP in aghaidh imeacht as an Aontas Eorpach, níor aontaigh Tom Elliott le cur chuige an pháirtí. Dá bharr sin táthar á mheabhrú gur Breatimitheoir é Elliott agus, dá réir, nach bhfuil sé ionadaíoch ar an bpobal.
Ceantar teorann é seo agus dá bharr sin tá daoine an-bhuartha faoina bhfuil i ndán dóibh i ndiaidh imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach ach ní léir cén sciar díobh a bheadh toilteanach vótáil do Shinn Féin. Tá triúr iarrthóirí eile san iomaíocht, Mary Garrity, ón SDLP, Noreen Campbell ón Alliance agus Tanya Jones, ón gComhaontas Glas. Páirtithe ar son an Bhreatimeachta iad sin go léir a raibh os cionn 7,000 vóta san iomlán acu sa Mhárta. Údar gearáin, ag aontachtaithe go speisialta, ach ag páirtithe eile freisin, is ea polasaí Shinn Féin gan freastal ar Westminster. Tá béim ar leith á cur ar an gceist sin tráth a bhfuil Feidhmeannas Stormont ar fionraí agus éiginnteacht ann maidir le cathain a chuirfear deireadh leis an bhfolús.
An Feabhal
Den chéad uair, tá forlámhas an SDLP sa bhFeabhal i mbaol. Tá an suíochán i seilbh an SDLP ó bunaíodh an toghcheantar i 1983 nuair a toghadh John Hume, a bhí ina fheisire go dtí 2005. Tháinig Mark Durkan i gcomharbacht air agus tá an suíochán á chosaint aige ar Shinn Féin, a chuaigh chun tosaigh ar an SDLP den chéad uair i dtoghchán an Tionóil sa Mhárta. ’Sí an Teachta Tionóil Elisha McCallion iarrthóir Shinn Féin.
Fuair Sinn Féin agus an SDLP araon dhá shuíochán Tionóil, agus ba ag an DUP a bhí an cúigiú ceann. Bhí 2,362 vóta sa bhreis ag Sinn Féin ar an SDLP. Bhí Elisha McCallion, iarmhéara Dhoire ar cheann an chomhairimh agus ba ise an t-iarrthóir a tháinig i gcomharbacht ar Martin McGuinness, an chéad uair aici sa rás. Pé acu an vóta comhbhróin mar gheall ar bhás McGuinness a bhí ann nó comhartha ar fhorbairt Shinn Féin, is cinnte go mbeidh an páirtí ag iarraidh fanacht chun tosaigh anseo.
Ceapadh in 2015 go bhféadfadh Mark Durkan a bheith i dtrioblóid mar go raibh Sinn Féin imithe chun cinn ar an SDLP i dtoghcháin áitiúla na bliana roimhe sin, ach mhéadaigh Durkan a vóta os cionn 3%. Meastar go bhfuil brú níos mó air an t-am seo mar nach bhfuil ach trí mhí ann ó thoghchán an Tionóil agus Sinn Féin fós ar mhuin na muice dá bharr. Údar caithréime as cuimse do Shinn Féin a bheadh ann an suíochán Parlaiminte a ghnóthú agus tubaiste don SDLP a bheadh ann é a chailliúint. Tá an iomaíocht fíochmhar.
Cúigear iarrthóirí atá ann. ’Siad an triúr eile. Gary Middleton Teachta Tionóil an DUP, John Doherty ón Alliance agus Shaun Harkin ó Phobal Roimh Bhrabach. Níl aon ionadaí anseo ag an UUP. Maítear go gcaitheann roinnt aontachtaithe vóta do Mark Durkan chun Sinn Féin a choinneáil amach mar nach bhfuil seans ar bith ag aontachtach ar shuíochán a ghnóthú. Ní léir an ndéanfar sin an uair seo nuair atá aontachtaithe ag iarraidh a chinntiú go mbeidh líon iomlán na vótaí sa toghchán a chaithfear ‘ar son na Ríochta Aontaithe’ níos airde ná líon iomlán na vótaí náisiúnacha.
Is ionann toghcheantar an Fheabhail go bunúsach agus cathair Dhoire agus roinnt bruachbhailte, agus is ann a bhí an móramh ba mhó sa Ríocht Aontaithe ar son fanacht san Aontas Eorpach, airteagal creidimh ag an SDLP. Ó tá Sinn Féin in aghaidh an Bhreatimeachta freisin, ní léir cén tionchar a bheidh ag an gceist áirithe sin ar an gcoibhneas idir an dá pháirtí.
Tá feachtas láidir sa cheantar ag iarraidh gníomh a chosnódh daoine ar fhadhbanna de bharr imeacht na Breataine as an AE.
Is fiú faire air.
Fág freagra ar 'TOGHCHÁN WESTMINSTER: Súil ar na toghcheantair chinniúnacha taobh thiar den Bhanna…'