Toghchán anois nó arís – rogha an dá dhíogha

Chuir Leo Varadkar olltoghchán luath as an áireamh, ach cuirfidh na fothoghcháin imní ar Fhine Gael

Toghchán anois nó arís – rogha an dá dhíogha

Bíonn rogha an dá dhíogha le déanamh ag gach Taoiseach agus dáta oiriúnach d’olltoghchán á roghnú aige. 

Má roghnaíonn Taoiseach breith an phobail ar a rialtas a lorg gan mhoill, agus más géar a mbreith, ní dhéanfar dearmad ar feadh i bhfad ar a bheartaíocht lochtach.

Má chuireann sé lá na vótála siar, agus má chuirtear a pháirtí as oifig, beidh na saoithe sa pháirtí a mhol olltoghchán luath glórach ar feadh tamaill. 

Tá scata airí agus Teachtaí Dála ag moladh don Taoiseach olloghchán a ghairm gan mhoill ó tháinig an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach ar chomhaontú faoi aistarraingt na Breataine coícís ó shin. Dúirt siad freisin gur neartaigh an fógra faoi olltoghchán sa Bhreatain ar an 12 Nollaig a gcás.

Mar shampla, dúirt an Teachta Dara Murphy inné, Dé Céadaoin, go mbeadh ciall le olltoghchán a fhógairt anois toisc moill a bheith curtha ar Bhreatimeacht ar feadh trí mhí eile, ar a laghad. D’fhéadfaí an deis a thapú, a dúirt sé, ionas go mbeadh rialtas nua tofa chun déileáil le Coimisiún nua na hEorpa agus le rialtas nua na Breataine.

Dúirt Teachtaí Dála eile i bhFine Gael le Leo Varadkar go príobháideach go mbeadh dearcadh an phobail ar a rialtas níos géire, agus a ndearcadh ar Fhianna Fáil níos cineálta, tar éis an gheimhridh. 

“Féach ar na pobalbhreitheanna,” a dúirt comhalta sinsearach den pháirtí le scríbhneoir an cholúin seo. “Tá bearna dheas eadrainn le tamall, agus is léir meas an phobail ar sheasamh an rialtais maidir leis an mBreatimeacht. Ach ní rachaidh cúrsaí sláinte ná cúrsaí tithíochta i bhfeabhas idir seo agus tús an earraigh, agus rachaidh míshásamh an phobail i dtreise dá réir.”

Is fiú cuimhneamh ar an tuairimíocht sin agus cinneadh an Taoisigh gan olltoghchán a reachtáil i mbliana á mheá. Thar aon chúis eile, mar a dúirt Alan Dukes ar 7Lá ar TG4 le gairid, ní raibh leithscéal ar fáil chun toghchán a ghairm – is é sin le rá, leithscéal a mbeadh cuma leathréasúnta air.

Tá tacaíocht leanúnach á tabhairt don rialtas ag Fianna Fáil. Beidh an bille airgeadais, ina ndéantar cur síos sonrach ar bheartais an bhuiséid, á phlé idir seo agus an Nollaig. Cá bhfios cén cineál rialtais a bheidh in oifig tar éis olltoghchán na Breataine, ná cén socrú Breatimeachta a dhéanfaidh an rialtas sin roimh an 31 Eanáir?

Má chuimhnítear ar na pointí sin go léir, agus ar ráiteas Leo Varadkar mí ó shin nach ngairfí olltoghchán go dtí Bealtaine na bliana seo chugainn, is fusa drogall an Taoisigh a thuiscint. Ach ní thiocfaidh maolú ar imní a chomhghleacaithe dá ainneoin.

Beidh cúrsaí toghcháin ag cur imní orthu go léir as seo go deireadh na Samhna nuair a vótálfar sna fothoghcháin atá riachtanach mar gheall gur toghadh ina bhfeisirí Eorpacha Teachtaí Dála as Corcaigh Lár-Thuaidh, Loch Garman, Baile Átha Cliath Lár-Theas agus Baile Átha Cliath Thuaidh. 

Ní bheidh mórthionchar ag na foththoghcháin ar chomhdhéanamh na Dála toisc gurb é suíochán Frances Fitzgerald i mBaile Átha Cliath Lár-Theas an t-aon suíochán acu sin a bhíodh i seilbh Fhine Gael. Mar sin féin, go háirithe mura gcoinníonn an páirtí a suíochán, is dóichí ná a mhalairt go gcuirfidh na torthaí brú ar an rialtas.

Idir an dá linn, ní chuimhneoidh ach corrdhuine i dTeach Laighean ar an dáta deireanach de réir dlí a gcaithfear olltoghchán a reachtáil: an 26 Feabhra, 2021. 

Fág freagra ar 'Toghchán anois nó arís – rogha an dá dhíogha'