TOGHCHÁN 2020: 1,000 eile vóta agus déanfaidh Wall an beart do Pháirtí an Lucht Oibre i gCill Dara Theas

Sa tsraith speisialta seo, caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugann a thuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo

TOGHCHÁN 2020: 1,000 eile vóta agus déanfaidh Wall an beart do Pháirtí an Lucht Oibre i gCill Dara Theas

Dáilcheantar: Cill Dara Theas

Líon na suíochán: 4 (3 le líonadh)

Cuóta mar % den vóta: 25%

Leagan amach an dáilcheantair: Taobh ó dheas de chontae Chill Dara, chomh maith le póca i gcontae Laoise thart ar Chúl an tSúdaire agus póca in Uíbh Fhailí. Tá Baile Átha Í, Mainistir Eimhín, Cill Dara agus an Droichead Nua sa dáilcheantar seo. 

Teachtaí Dála an 32ú Dáil atá ag seasamh: Fiona O’Loughlin (FF), Martin Heydon (FG). Beidh an Ceann Comhairle Seán Ó Fearghaíl (FF) ina Theachta Dála sa chéad Dáil eile, gan seasamh sa toghchán.

Staid na bpáirtithe in Olltoghchán 2016 agus i dtoghcháin áitiúla 2019

Páirtí Olltoghchán 2016 (%) Togh Áitiúla 2019 (%)
Fianna Fáil 36.4 30
Fine Gael 30.2 24
Lucht Oibre 11.6 17
Sinn Féin 11.6 6
C Glas 2.3 3.5
Clé 5.8 3.5
Eile 2.1 16

Anailís: Rinne Fianna Fáil go maith dhá shuíochán as trí cinn a fháisceadh as an Dáilcheantar seo in 2016 le 36% den vóta.  Tá ceithre shuíochán anois ann ach níl ach trí cinn le líonadh. Tá suíochán amháin cheana ag Fianna Fáil mar go mbeidh suíochán ag Seán Ó Fearghaíl, an Ceann Comhairle, gan seasamh. Den trí shuíochán atá le líonadh, beidh ceann ag Fianna Fáil agus ceann ag Fine Gael agus idir Fianna Fáil, Páirtí an Lucht Oibre agus iarrthóir neamhspleách a bheidh an tríú ceann. Ag seasamh do Pháirtí an Lucht Oibre tá an Comhairleoir Mark Wall (LO), mac le Jack Wall, a bhíodh ina Theachta Dála sa dáilcheantar seo.  D’éirigh sé as in 2016 ach níor éirigh lena mhac Mark an suíochán a choinneáil don Lucht Oibre in 2016. Bhí bearna de bheagnach 1,300 vóta idir é féin agus Seán Ó Fearghaíl (FF) don suíochán deireanach.

Gan Ó Fearghaíl (FF) ag seasamh tá seans níos fearr ag Wall (LO) an babhta seo, mar gur as ceantar Bhaile Átha Í an bheirt acu. Ba é Wall (LO) an duine is mó a fuair vótaí sna toghcháin áitiúla i gcontae Chill Dara, nuair a toghadh é agus 1,000 vóta thar an gcuóta aige. Fuair iarrthóirí ó Pháirtí an Lucht Oibre 4,622 vóta sna toghcháin áitiúla sa Dáilcheantar seo. Más féidir le Wall 1,000 eile vóta a chur leis an méid sin beidh seans an-mhaith aige ar shuíochán.

As na trí shuíochán atá le líonadh beidh ceann amháin ag Fianna Fáil agus sí Fiona O’Loughlin (FF) as Droichead Nua a líonfaidh é. Tá an Comhairleoir Suzanne Doyle (FF) ar an ticéad léi.  Bhí sí ar bharr an chomhairimh do cheantar Chill Dara sna toghcháin áitiúla, mí Bealtaine seo caite. D’fhéadfadh sí a bheith san iomaíocht le Fiona McLoughlin Healy (NS) agus le Mark Wall (LO) ag an deireadh.

Tá an chuma air go mbeidh suíochán amháin ag Fine Gael agus go dtoghfar Martin Heydon (FG) arís agus gan aon iarrthóir eile ón bpáirtí ar an ticéad leis.

Ní cabhair ar bith don Chomhairleoir Fiona McLoughlin-Healy (NS) gurb as an Droichead Nua í, an ceantar céanna le Fiona O’Loughlin (FF).  Tá tacaíocht láidir ag McLoughlin Healy (NS) i nDroichead Nua, áit a bhfuair sí 2,331 vóta sna toghcháin áitiúla, mí Bealtaine seo caite. Rinne sí réasúnta maith san olltoghchán in 2016, agus geansaí Fine Gael uirthi, nuair a fuair sí 3,250 vóta. Le seans a bheith aici theastódh go mbeadh sí chun cinn ar Wall (LO).

Ní bhfuair Sinn Féin ach 6% den vóta sna toghcháin áitiúla sé mhí ó shin. D’éirigh leis an iarrthóir, an Comhairleoir Patricia Ryan (SF), an t-aon suíochán atá ag Sinn Féin ar Chomhairle Chontae Chill Dara. Fuair sí 4,267 vóta san olltoghchán 2016. Beidh sí ag déanamh go maith an cineál vóta céanna a fháil an uair seo. Beidh aistriú a cuid vótaí an-tábhachtach maidir lena shocrú cá rachaidh an suíochán deireanach.  Fuair Mark Wall (LO) os cionn 1,000 vótaí aistrithe sa toghchán deireanach.

D’fhéadfadh vóta réasúnta a bheith ag Linda Hayden (DS) atá ag seasamh do na Daonlathaigh Shóisialacha, de bharr gur ón dáilcheantar eile i gCill Dara í Catherine Murphy (DS).  Ag seasamh chomh maith tá Ronan Maher (CG) do Chomhaontas Glas,  Róisín Uí Bhroin do Phobal Roimh Brabús agus Anita Mhic Gib atá ag seasamh d’Aontú. Chomh maith le Fiona McLoughlin-Healy (NS) tá iarrthóir amháin eile neamhspleách san iomaíocht, Cathal Berry (NS).

Tuar: Heydon (FG), O’Loughlin (FF) Wall (LO) agus An Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghail (FF) a thoghfar gan seasamh

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN 2020: 1,000 eile vóta agus déanfaidh Wall an beart do Pháirtí an Lucht Oibre i gCill Dara Theas'