Toghchán 2016: Na Dáilcheantair: tuairisc agus tuar (Iarthar na Mumhan)

Sa tsraith speisialta seo, caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugann a thuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo

Toghchán Strap

Ciarrai

Líon na suíochán: 5

Athruithe sa dáilcheantar ó 2011: Tá Ciarraí Theas agus Ciarraí Thuaidh curtha le chéile i ndáilcheantar cúig shuíochán.

Na Teachtaí Dála atá ag seasamh: Jimmy Deenihan (FG), Brendan Griffin (FG), Michael Healy-Rae (Nspl), Martin Ferris (SF) agus Arthur Spring (LO).

Anailís: Tá cúigear Teachtaí Dála ag seasamh ach gan ach cúig shuíochán le líonadh. Níor toghadh aon duine ó Fhianna Fáil i 2011. Tá beirt iarrthóirí ag Fianna Fáil, an Comhairleoir John Brassil agus an Comhairleoir Norma Moriarty, a cuireadh ar an dticéad ina dhiaidh cé gur tharraing sí siar a hainm ón gcoinbhinsiún. Tá Brassil (FF) lonnaithe i gCiarraí Thuaidh agus bhí sé ar bharr an liosta sna toghcháin áitiúla i gceantar Lios Tuathail le 1,912 vóta. Toghadh Norma Moriarty ar an gComhairle Chontae le vóta maith – 1,512. Ba cheart go mbeadh Fianna Fáil in ann suíochán amháin a thógáil ach aistriú maith a bheith ann idir an bheirt iarrthóirí. Bhí 22% den vóta ag Fianna Fáil sna toghcháin áitiúla i gCiarraí 2014. Is mó seans atá ag John Brassil ná mar atá ag Norma Moriarty.

Tá sé réasúnta cinnte go dtoghfar Martin Ferris (SF) agus Michael Healy Rae (Nspl).

Michael Healy Rae. Pictiúr: Laura Hutton/RollingNews.ie
Michael Healy Rae. Pictiúr: Laura Hutton/RollingNews.ie

Anois go bhfuil Danny Healy Rae tar éis a ainm a chur chun cinn, scoiltfear an vóta idir é féin agus a dheartháir Michael. Má bhíonn sé roinnte go cothrom eatarthu bheadh seans ag an mbeirt acu ar shuíochán, ach fanacht chun cinn ar Norma Moriarty (FF) agus roinnt aistrithe a fháil uaithi. Tá amhras orm, áfach, go mbeidh a dhóthain vótaí ag Danny le go mbeidh sé in ann an ceann is fearr a fháil ar Bhrendan Griffin (FG). 

Tá trí shuíochán ag an gcomhrialtas, péire ag Fine Gael agus ceann amháin ag an Lucht Oibre. Caillfear ceann acu, má tá Fianna Fáil le suíochán a thógáil. Má théann an iomarca vótaí i dtreo Jimmy Deenihan (FG) d’fhéadfadh Brendan Griffin (FG) a bheith fágtha ar an ngannchuid agus é ag troid le fanacht sa rása agus ag braith ar aistriú ó Arthur Spring (LO). D’fhéadfadh chomh maith áfach gur cabhair do Griffin a bheadh ann nach bhfuil Tom Fleming (Nspl) ag seasamh.

Thit vóta Pháirtí an Lucht Oibre go 7% sna toghcháin áitiúla agus leis an leibhéal tacaíochta sin beidh sé deacair d’Arthur Spring a shuíochán a choinneáil. Chaithfeadh sé a bheith chun tosaigh ar Brendan Griffin (FG) le bheith san iomaíocht ag an deireadh. Tá Sinn Féin an-láidir i dTrá Lí, an tobar as a mbeidh Spring (LO) agus Ferris (SF) ag tarraingt.

Fuair Sinn Féin 30% den vóta sna toghcháin áitiúla i gceantar Thrá Lí. Ar an gcaoi sin, níl aon amhras ach go dtoghfar Martin Ferris (SF).

Tá mé ag glacadh leis go mbeidh an ceathrú suíochán ag Brassil (FF). Beidh an troid don chúigiú suíochán idir Brendan Griffin (FG), Arthur Spring (LO), Danny Healy-Rae agus Norma Moriarty (FF). Ba cheart go mbeadh a dhóthain aistriúchán le fáil ag Griffin (FG) ó Spring (LO) lena shuíochán a choinneáil.

Tuar: Michael Healy-Rae (Nspl); Ferris (SF); Brassil (FF); Deenihan (FG) agus Griffin (FG).


Luimneach Contae

Líon na suíochán: 3

Athruithe sa dáilcheantar ó 2011: Tá athrú mór déanta ar an dáilcheantar ó 2011, sa mhéad is go bhfuil an taobh thiar den chontae bainte ó Chiarraí agus an chuid den chontae ó dheas den chathair curtha le Cathair Luimnigh.

Na Teachtaí Dála atá ag seasamh: Beirt Teachtaí Dála atá ag seasamh – Patrick O’Donavan (FG), agus Niall Collins (FF). Tá Dan Neville (FG) ag éirí as, ach tá a mhac Tom ag seasamh ina áit.

Anailís: Seans nach mbeidh aon athrú sa dáilcheantar seo agus go dtoghfar beirt ó Fhine Gael agus duine ó Fhianna Fáil arís. Feileann an t-athrú ó 2011 do Niall Collins (FF), sa mhéad is go bhfuil Mainistir na Féile, an baile arb as a mhuintir, ar ais sa dáilcheantar. Toghfar é cinnte.

Niall Collins. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie
Niall Collins. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Ní raibh aon iarrthóir ag Sinn Féin i 2011 sa dáilcheantar seo ach an uair seo tá an Comhairleoir Séamas Browne le seasamh an. Fuair Séamas Browne (SF) 1,271 vóta sna toghcháin áitiúla anuraidh sa Chaisleán Nua ach ní raibh aige ach 10% den vóta i dtoghchán na comhairle i 2011. Níl aon seans ag Sinn Féin ar shuíochán. D’fhéadfadh a chuid aistrithe a bheith tábhachtach ag an deireadh, áfach.

Iarrthóir a d’fhéadfadh seans a bheith aige ar shuíochán is ea James Heffernan (DS). Fuair sé 7,910 vóta sa toghchán i 2011 agus é ag seasamh do Pháirtí Lucht Oibre. Is as ceantar Chill Mocheallóg é James. Más féidir leis fanacht sa rása sách fada beidh aistrithe le fail aige ó iarrthóir Shinn Féin agus roinnt aistrithe le fáil ón bhfarasbarr a d’fhéadfadh a bheith ag Niall Collins. Thabharfadh an méid sin seans dó an tríú suíochán a bhaint ó Patrick O’Donavan (FG).

Ba cheart go mbeadh an Comhairleoir Tom Neville (FG) in ann an suíochán a bhí ag a athair Dan a choinneáil sa gclann gan stró. Fuair sé 1,873 vóta sna toghcháin áitiúla i gceantar Ath Dara-Rath Caola.

Is fiú súil a choinneáil ar iomaitheoir eile sa dáilcheantar seo, an t-iarrthóir neamhspleách, Emmet O’Brien (Nspl). Is de shliocht Fhianna Fáil é an feirmeoir agus an t-abhcóide, a toghadh ar an gComhairle Chontae i 2014.

Tuar: Neville (FG), O’Donavan (FG), Collins (FF).


Cathair Lumnigh

Líon na suíochán: 4

Athruithe sa dáilcheantar ó 2011: Tá cuid de cheantar na tuaithe curtha leis an gcathair ó 2011

Na Teachtaí Dála atá ag seasamh: Micheal Noonan (FG), Kieran O’Donnell (FG), Willie O’Dea (FF), agus Jan O’Sullivan (LO).

Anailís: Tá Michael Noonan (FG) agus Willie O’Dea (FF) réasúnta cinnte go mbeidh siad tofa arís. Beidh troid don tríú agus don cheathrú suíochán idir Maurice Quinlivan (SF), Jan O’Sullivan (LO) agus Kieran O’Donnell (FG).

Gabhfaidh sé rite ar an Aire Oideachais, Jan O’Sullivan (LO) a suíochán a choinneáil.

Má éiríonn le Fine Gael bainistíocht chliste a dhéanamh ar na vótaí agus iad a roinnt go cothrom idir an Aire Airgeadais, Michael Noonan (FG) agus Kieran O’Donnell (FG), coinneoidh Kieran O’Donnell (FG) a shuíochán.

Fuair Maurice Quinlivan (SF) 3,711 vóta i 2011. Sna toghcháin áitiúla anuraidh ba é is mó a fuair vótaí i Luimneach, le 2,456 vóta. Tá Cian Prenderville (AAA/PBP) san iomaíocht chomh maith. Fuair sé 721 vóta i 2011, ach ba cheart go mbeadh dúbailt an vóta sin aige an babhta seo. Nuair a chuirfear é as an gcomhaireamh seans go rachaidh aistriú maith chuig Quinlivan (SF). Má thógann Sinn Féin an suíochán, is dócha gurb í Jan O’Sullivan (LO) a bheas thíos leis, sin mura n-éiríonn léi fanacht chun cinn ar Kieran O’Donnell (FG).

Ag seasamh chomh maith tá Sarah Jane Hennelly (DS). Níor toghadh í sna toghcháin áitiúla anuraidh agus is beag seans go mbeidh sí san iomaíocht anseo, ach d’fhéadfadh tábhacht faoi leith a bheith ag baint leis na haistrithe uaithi más idir Kieran O’Donnell (FG) agus Jan O’Sullivan (LO) atá an ceathrú suíochán.

Tuar: Noonan (FG), O’Dea (FF), O’Donnell (FG) agus Quinlivan (SF)


An Clar

Líon na suíochán: 4

Athruithe sa dháilcheantar ó 2011: Níl aon athrú ar an dáilcheantar seo ó 2011.

Na Teachtaí Dála atá ag seasamh: Pat Breen (FG), Joe Carey (FG), Timmy Dooley (FF), agus Micheal McNamara (LO).

Anailís: Tá seans an-mhaith ag Fine Gael an dá shuíochán, an ceann atá ag Pat Breen (FG) agus an ceann atá Joe Carey (FG) a choinneáil. Coinneoidh Timmy Dooley (FF) a shuíochán chomh maith. Beidh troid don cheathrú suíochán idir an dochtúir leighis Michael Harty (Nspl), James Breen (Nspl), Michael McNamara (LO) agus Michael ‘Malty’ McDonagh (FF).

Pat Breen
Pat Breen

Níl McDonagh (FF) ar an gComhairle Chontae ach is é an Cathaoirleach ar Bhord an Chontae den CLG. I gContae an Chláir rinne Fianna Fáil (36%) níos fearr ná Fine Gael (31%) sna toghcháin áitiúla i 2014, rud a thugann seans d’Fhianna Fáil an dara suíochán a fháil anseo.

Thit vóta an Lucht Oibre go 3% sna toghcháin áitiúla i 2014 agus, ar an gcaoi sin, is deacair a fheiceáil cén chaoi a d’fhéadfadh Michael McNamara (LO) a shuíochán a choinneáil. Má chailleann sé an suíochán cé a thógfaidh é?

Níl James Breen (Nspl), a fuair 6,491 vóta i 2011 agus a fuair an líon is airde vótaí i gceantar Inis sna toghcháin áitiúla, ag seasamh an turas seo. Ach tá iarrthóir neamhspleách eile, Ann Norton (Nspl), san iomaíocht. Toghadh Norton ar an gComhairle Chontae i gceantar Inis sna toghcháin áitiúla anuraidh le 821vóta agus ba cheart go bhfaigheadh sí cuid de vóta Breen.

Níl mórán tacaíochta ag Sinn Féin sa dáilcheantar seo agus ní raibh aon iarrthóir acu i 2011. Anuas air sin, ní bhfuair an páirtí ach 4% den vóta sna toghcháin áitiúla anuraidh. Fuair an t-iarrthóir atá roghnaithe ag Sinn Féin, Noeleen Moran, 1023 vóta ag seasamh in iarthar an Chláir anuraidh, ach in ainneoin sin níor toghadh í.

Tá seans an-mhaith ag Michael Harty (Nspl). Tá sé ag seasamh mar gheall ar cheist atá ag déanamh imní do dhaoine i gceantair tuaithe, an ganntanas dochtúirí leighis. Má fhanann sé chun cinn ar Micheal Mc Namara (LO) agus Ann Norton (Nspl) bheadh aistriú láidir a dhóthain le fáil aige leis an suíochán a thógáil.

Tuar: Dooley (FF), Breen (FG), Carey (FG) agus Harty (Nspl)

Fág freagra ar 'Toghchán 2016: Na Dáilcheantair: tuairisc agus tuar (Iarthar na Mumhan)'

  • Seán

    Tá tuairaimí Donncha i leith Ciarraí an éagsúil ó Pobalbhreith TG4 aréir. An mbeadh spéis aige athbhreithniú a dhéanamh?
    Seán