Ar chuala tú faoin titim 18.9% i dtáirgiúlacht thionsclaíoch na hÉireann i mí Iúil, an titim is mó i limistéar an euro agus titim a d’fhág go raibh meánfhigiúr an limistéir ag 2.3% in ionad an titim 0.6% a bheadh ann murach Éire?
Níor chuala? Ná mise ach an oiread, go dtí gur léigh mé faoi i nuachtán eachtrannach.
Tuairiscíonn an Financial Times go ndúirt Conal Mac Coille, príomheacnamaí Stocbhróicéirí Davy, “go bhfuil treocht ann – go bhfuil sonraí eacnamaíochta na hÉireann ag dul i luaineacht, agus ag cur isteach de réir a chéile ar mheánfhigiúirí limistéar an euro. Tá figiúirí den chineál seo le feiceáil an t-am ar fad, agus is cosúil go bhfuil siad ag dul i ndonas.”
Nach ait nach bhfuil aon aird ar an scéal seo abhus, ná aon mhíniú ar impleachtaí an scéil i gcomhthéacs na bhfadhbanna móra eacnamaíochta atá romhainn?
Cinnte, bíonn míonna ann nuair a bhíonn na figiúirí níos fearr in Éirinn ná i dtíortha eile, ach léiríonn sin go gcumann na hollchomhlachtaí Meiriceánacha a bhfigiúirí féin de réir mar a oireann dóibh, go háirithe in earnáil na cógaisíochta.
Uaireanta luann an rialtas an baol a bhaineann le bheith ag brath ar cháin ó na comhlachtaí seo, ach luaitear sin i gcónaí nuair nach dteastaíonn uathu tuilleadh a chaitheamh ar sheirbhísí poiblí. Ní luaitear an rian a fhágann sé ar an eacnamaíocht, laige nach féidir a leigheas ach trí earnáil láidir phoiblí a chruthú, go háirithe maidir le táirgiúlacht thionsclaíoch.
Tá sé seo an-ábhartha chomh fada agus a bhaineann sé leis an ngéarchéim sa costas maireachtála agus na harduithe ar phraghas breosla atá ag dul ó smacht. Dá mba chomhlacht stáit na comhlachtaí fuinnimh bheadh an chumhacht ag an rialtas praghas a shocrú ar bhonn sóisialta seachas ar bhonn eacnamaíochta amháin.
Sa bhFrainc, mar shampla, is comhlacht stáit atá i gceannas, agus cé go bhfuil oibrithe ag gearán faoi leisce an rialtais ina thaobh seo, tá an chumhacht ag an rialtas é a dhéanamh agus tá fócas ag na hoibrithe dá gcuid feirge.
Abhus bíonn an rialtas ag criongán faoi chearta comhlachtaí is eile.
Bhí an rialtas ag súil go gcuirfeadh plean an Aontais Eorpaigh i dtaobh cáin amhantair suim mhór airgid ar fáil dóibh. Ní mar sin atá sé, is gan ach suim bheag bhídeach ag teacht chugainn anois.
Ar ndóigh, níl sé de mhisneach ag an rialtas a gcinneadh féin a dhéanamh, ní mór dúinn arís géilleadh dár máistrí sa mBruiséil. Beidh na hollchomhlachtaí ag leanúint lena n-ollbhrabús agus muide ag crith leis an bhfuacht an geimhreadh seo.
Séard atá á mholadh ag an rialtas ná creidmheas breosla – €200, nó b’fhéidir €600 don bhliain, ach cén mhaith sin má tá arduithe breise le teacht agus billí pearsanta ag dul ó €2,000 in aghaidh na bliana go dtí €6,000 nó níos mó?
Go deimhin, measaim go bhfuil an ceart ag Sinn Féin a bheith ag iarraidh uasteorainn a chur ar phraghas an bhreosla, mar in éagmais a leithéid ní féidir daoine a chur ar a suaimhneas faoina bhfuil i ndán dúinn nó a chinntiú go mbeidh daoine in ann a mbillí a ghlanadh.
Ní seic bán é sin mar a deir an rialtas, ach beart a chuireann riachtanais an phobail chun tosaigh ar bhrabús lucht an rachmais.
Ach sin an áit atá an fhadhb. Ar dtús cheadaíomar go mbeadh infreastruchtúr criticiúil an stáit i seilbh lucht an rachmais – leictreachas, gás, breosla den uile shórt. Agus mar lánbhall den Aontas Eorpach glacann muid leis an riail go gcaithfidh polasaí eacnamaíochta na tíre cloí le polasaithe an tsaormhargaidh.
Sin é an fáth go mbíonn muid ag breathnú ón taobhlíne agus daoine eile ag déanamh na gcinntí, daoine nach bhfuil aon smacht daonlathach againn orthu.
Níl muid linn féin sa trioblóid seo, mar tá na fadhbanna céanna acu thall i Sasana. Ach tá daoine ansin freisin ag teacht ar an tuiscint nach chun a leasa an príobháidiú a rinneadh ar chomhlachtaí fuinnimh, ar na hiarnróid, ar chúrsaí iompair nó eile.
Tá daoine i mbun agóide ann. Nach sampla é sin dúinne leis, gur chóir agóid a dhéanamh? Nach cóir, má tá muid sa tsáinn le chéile, go dtiocfadh muid as le chéile, agus an t-ualach is mó a chur ar na daoine is saibhre, agus an chabhair is mó a thabhairt do na daoine is boichte?
Ach níl aon smaointe nua ag an rialtas – rialtas, is cosúil, nach bhfuil aon aidhm aige ach fanacht in oifig chomh fada agus is féidir.
Ach tá smaoineamh nua uainn agus polasaithe nua uainn ionas nach mbeidh muid gafa i gcónaí le seanphrionsabail nach gcinntíonn caigheán ceart maireachtála dúinn.
Fág freagra ar 'Titim mhór i dtáirgiúlacht thionsclaíoch, ach is beag caint faoi anseo'