Titeann léamh Disney ar an bhfíseán gnéis idir cúpla stól

An ndéanann an saothar seo éagóir ar Pamela Anderson agus Tommy Lee in athuair?

Titeann léamh Disney ar an bhfíseán gnéis idir cúpla stól

Sé Disney ceárta na saothar teaghlaigh leis na cianta cairbeacha, saothair neamhurchóideacha chaithiseacha amhail Snow White agus Lion King ag mealladh lucht féachana idir óg agus aosta. Tá gothaí nach beag á gcur orthu féin acu le tamall; tá saothair Marvel ar a n-ardán Disney+ agus ba iad a thug an tsraith iontach Dopesick dúinn le déanaí.

Anois seo chugainn iad le Pam & Tommy, sraith ocht gclár a thugann siar go lár na nóchaidí sinn, tráth arbh réalta idirnáisiúnta í Pamela Anderson agus tráth a raibh cáil bainte amach ag Tommy Lee mar dhrumadóir leis an mbanna miotal trom drabhlásach Mötley Crüe.

Tháinig casadh cinniúnach i saol na beirte, agus an idirlín go deimhin, nuair a thosaigh físeán gnéis dá gcuid ag scaipeadh le cabhair an idirlín. Sé bunús agus scaipeadh an fhíseáin sin bunchlocha an scannáin. Tá cúpla téama sollúnta, suimiúil á gcíoradh ag an scannán, áfach.

An ceann is tromchúisí ná an éagóir a deineadh ar an mbeirt agus an t-ionsaí fíochmhar, neamhthrócaireach a deineadh ar a bpríobháideachas. Bhí aighneas idir Tommy agus fear oibre dá chuid darbh ainm Rand (Seth Rogen). Mar chúiteamh ar íocaíocht ná fuair sé, ghoid sé taisceadán agus ba nuair a d’oscail sé é sin a d’aimsigh sé an físeán. Níl ach trí ghála seolta go dtí seo ach is léir go bhfuil an saothar ag iarraidh cíoradh de shaghas éigin a dhéanamh ar an éagóir sin. Ba chúis mhagaidh iad ag an am agus i dtosach an chéad ghála címid athléiriú ar agallamh Jay Leno le Anderson; agallamh nach mbeadh Leno pioc bródúil as inniu.

Tá an saothar bunaithe ar alt in Rolling Stone a thug taobh Rand den chuid is mó mar aon le tarraingt as dírbheathaisnéis Tommy ó 2004. Ní rabhadar rannpháirteach sa saothar seo in aon chor. Is íorónta an mhaise é go bhfuil an saothar seo ag iarraidh a gceart a thabhairt don bheirt ach níl a nguthanna le sonrú sa saothar agus níor shantaigh siad é. D’fhéadfaí a mhaíomh, dá réir, go bhfuil éagóir á dhéanamh orthu in athuair. Is cinnte go ndéantar iarracht fhónta ar uairibh léargas a thabhairt ar phearsantachtaí na beirte ach is minic sinn i dtaobh le scigphictiúir chomh maith.

Lena chois sin déantar gníomhartha fill Rand a mhaitheamh dó; ní chabhraíonn sé gurb é Seth Rogen geanúil na pleidhcíochta atá sa ról; éiríonn leis bá a cothú do charachtar nach bhfuil sin tuillte aige. Tugann Sebastian Stan agus Lily James faoina gcarachtair le flosc agus tá cad é caint faoin gclaochlú físiúil a tháinig orthu don ról, gach rud ó bhod beochantrónaic go sciathlúireach.

Gné shuimiúil den scéal ná an bhaint a bhí ag an idirlíon le scaipeadh an fhíseáin. Ní raibh an Gréasán Domhanda, mar a thugtaí air, ach ina thús agus tá greann ag baint leis an tslí go bhfuil ar Rand feidhmiú an idirlín a mhíniú. Meabhraítear gur sa tréimhse seo a thosaigh an t-idirlíon ag briseadh an tseanghnáthaimh agus ag seoladh chugainn an ghnímh fill anaithnid agus an saothar mearscaipthe.

Níl an saothar gan a mhaitheasaí ach is dóigh liom go dtiteann sé idir cúpla stól.

Fág freagra ar 'Titeann léamh Disney ar an bhfíseán gnéis idir cúpla stól'