Tír Eoghain v Ciarraí agus cluichí móra eile na deireadh seachtaine

D’imir na foirne seo in aghaidh a chéile faoi dhó i gCluichí Ceannais na hÉireann le deich mbliana anuas ach níl an duais leath chomh mealltach an uair seo agus muid tagtha chun babhta deireanach na sraithe.

Peter Crowley (Ciarraí) agus Darren McCurry (Tír Eoghain) ag imirt sa chluiche sraithe i gCill Airne anuraidh. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Peter Crowley (Ciarraí) agus Darren McCurry (Tír Eoghain) ag imirt sa chluiche sraithe i gCill Airne anuraidh. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

an babhta deireanach den tsraith náisiúnta peile sroichte againn agus gan a fhios againn fós cé a chríochnóidh ar bharr nó ag bun na sraithe i gcuid de na ranna.

I Roinn 1, tá deimhnithe go bhfuil áit bainte amach ag na Corcaígh sna cluichí leathcheannais agus gur i Roinn 2 a bheidh Doire ag imirt i 2016, ach seachas sin, tá an uile rud idir dhá cheann na meá.

Rud amháin atá beagnach cinnte ná go mbeidh ceann de na foirne atá ag imirt i bPáirc Uí Éilí ar an Ómaigh ag imirt i Roinn 2 an bhliain seo chugainn. Tá Ciarraí dhá phointe chun cinn ar Thír Eoghain faoi láthair agus tá bua dhá phointe nó níos mó ag teastáil ó fhoireann Mickey Harte chun dul thar churaidh na hÉireann.

aon toradh eile ann, is iad Tír Eoghain a dhíbreofar as Roinn 1 den chéad uair ó 2010. Tá deis fós ag na Ciarraígh áit a fháil sna cluichí leathcheannais ach ag brath ar ar thorthaí eile a bheidh siad, an cluiche i gCluain Eois go háirithe. Má bhuann Muineachán i gcoinne Bhaile Átha Cliath, bheadh bua ar Thír Eoghain sách maith do Chiarraí, ach má éiríonn le Baile Átha Cliath an bua a fháil i gCluain Eois, beidh ar Chiarraí an bhearna scórála de 15 phointe atá idir iad féin agus Muineachán a líonadh.

an oiread sin féidearthachtaí ann ó bhun go barr na sraithe go dteastódh ríomhaire uait, ach is ar a gcluiche féin amháin a bheidh aird Mickey Harte agus Éamonn Fitzmaurice ar an nDomhnach.

Bhí géarchoimhlint idir Chiarraí agus Tír Eoghain ag tús an chéid seo, ach níor chas siad ar a chéile sa chraobh ach aon uair amháin ó Chluiche Ceannais na hÉireann i 2008. Tá an ceann is fearr faighte ag Ciarraí ar na hUltaigh le cúpla bliain anuas.

Tar éis an cailliúint i gcoinne Dhún na nGall an Domhnach seo caite, dúirt Mickey Harte gurb é an taispeántas is measa a thug aon foireann ó Thír Eoghain le linn a thréimhse bhainistíochta. Dúirt sé an rud céanna an t-am seo anuraidh tar éis go raibh bua 15 phointe ag Ciarraí orthu i gCill Airne.

Beidh Harte buíoch nach bhfuil fáil fós i mbliana ar laoch Chiarraí an lá sin, James O’Donoghue. Faraor do Harte, dúirt Fitzmaurice roimh chluiche na seachtaine seo caite go raibh seans ann go mbeadh Colm Cooper réidh chun filleadh an Domhnach beag seo.

Is iad na tosaithe a chlis ar Chiarraí i gcoinne Mhuineacháin an deireadh seachtaine seo caite agus is deacair a shamhlú go dtarlódh an rud céanna arís.

Rogha Tuairisc.ie: Ciarraí

Dé Sathairn, 4 Aibreán

Sraith Peile Allianz – Roinn 4

Liatroim v Port Láirge, Páirc Seán Mac Diarmada, 3i.n,

Sraith Iomána Allianz – Cluiche Ceannais Roinn 2A

An Iarmhí v Ciarraí, Páirc na nGael, 3i.n.

Sraith Iomána Allianz – Cluiche Ceannais Roinn 2B

Cill Dara v An Mhí, An Muileann gCearr, 3i.n.

Sraith Iomána Allianz – Cluiche Ceannais Roinn 3A

Muineachán v Tír Eoghain, An Céide, 3i.n.

Sraith Iomána Allianz – Cluiche Ceannais Roinn 3B

An Longfort v Warwickshire, Ráth Tó, 3i.n.

Dé Domhnaigh, 5 Aibreán

Sraith Peile Allianz – Roinn 1

Doire v Corcaigh, An Abhainn Beag, 3i.n.

Maigh Eo v Dún na nGall, Páirc Mhic Éil, 3i.n.

Muineachán v Baile Átha Cliath, Cluain Eois, 3i.n.

Tír Eoghain v Ciarraí, Ómaigh, 3i.n.

Sraith Peile Allianz – Roinn 2

An Dún v Laois, Páirc Esler, 3i.n.

Gaillimh v Cill Dara, Tuaim, 3i.n.

An Mhí v An Cabhán, Páirc Tailteann, 3i.n.

An Iarmhí v Ros Comáin, An Muileann gCearr, 3i.n.

Sraith Peile Allianz – Roinn 3

An Clár v Fear Manach, Páirc Uí Chíosóg, 3i.n.

An Lú v Luimneach, Páirc na nGael, 3i.n.

Sligeach v Ard Mhacha, Páirc Markievicz, 3i.n.

Tiobraid Árann v Loch Garman, Cluain Meala, 3i.n.

Sraith Peile Allianz – Roinn 4

Uíbh Fhailí v Aontroim, Páirc Uí Conchúir, 2i.n.

Cill Mhantáin v Londain, Baile Coimín, 2i.n.

Ceatharlach v An Longfort, Páirc Uí Chuilinn, 2i.n.

Fág freagra ar 'Tír Eoghain v Ciarraí agus cluichí móra eile na deireadh seachtaine'