Tír Eoghain i gcluiche ceannais na hÉireann agus an Ríocht buailte acu

Cosúil leis an tubaiste in aghaidh Chorcaí anuraidh, goillfidh an cluiche seo go mór ar lucht peile Chiarraí idir seo agus tús an tséasúir seo chugainn

Tír Eoghain i gcluiche ceannais na hÉireann agus an Ríocht buailte acu

Cathal McShane ag ceiliúradh tar éis dó cúl a scóráil. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Tír Eoghain 3-14 Ciarraí 0-22 (Théis am breise)

Is beag duine a thuar i ndiaidh chluichí ceannais na gcraobhacha cúige go mbeadh Tír Eoghain agus Maigh Eo le chéile i gcluiche ceannais na hÉireann ach sin mar a bheidh tar éis d’fhir na Láimhe Deirge an ceann is fearr a fháil ar Chiarraí sa bhabhta leathcheannais.

Bhí campa Thír Eoghain trína chéile mar gheall ar ráig den Covid agus iad ag ullmhú don chluiche seo ach ní raibh an chuma sin orthu i bPáirc an Chórcaigh tráthnóna. Na Ciarraígh a bhí i dtrioblóid  i dtreo dheireadh na himeartha agus a laoch David Clifford gortaithe. Sheas Tír Eoghain an fód.

Tá moladh ar leith tuillte ag Tír Eoghain as cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach ach, cosúil leis an tubaiste in aghaidh Chorcaí anuraidh, goillfidh an cluiche seo go mór ar lucht peile na Ríochta idir seo agus tús an tséasúir seo chugainn.

Bhí 21 cúl scóráilte ag Ciarraí sna seacht gcluiche a bhí acu i mbliana roimh cheann an lae inniu ach thréig an cumas sin cúil a scóráil iad inniu, cinnte. Bhí seans i ndiaidh seans ag Ciarraí ar chúil, go háirithe sa dara leath nuair a ghearr siad trí chosaint Thír Eoghain roinnt uaireanta, ach chinn orthu aon cheann  acu a thapú agus ní raibh aon sábháil le déanamh ag Niall Morgan fiú.

Ar an taobh eile, neamhthrócaireach go maith a bhí Tír Eoghain. D’éirigh réasúnta maith le cosantóirí Chiarraí, Tom O’Sullivan agus Jason Foley go háirithe, ach thit imreoirí na Ríochta ina gcodladh cúpla babhta agus d’íoc siad go daor as na botúin sin.

Bainisteoir Chiarraí, Peter Keane. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Bhí fadhbanna uile Chiarraí le feiceáil i dtréimhse ceithre nóiméad sa chéad leath. Agus na foirne ar comhscór théis 20 nóiméad, 0-5 an taobh, bhí deis iontach ar chúl ag Ciarraí ach rinneadh praiseach di. Bhí comhimirt iontach ann idir David Moran, Dara Moynihan, Seán O’Shea agus Paul Geaney chun an seans a chruthú ach d’fhág mífhoighne Stephen O’Brien go raibh a dhá chois sa chearnóg bheag aige faoin am gur cuireadh an liathróid ina threo agus cuireadh scór tábhachtach ar neamhní.

90 soicind ina dhiaidh sin, bhí Jack Barry ciontach as seilbh na liathróide a choinneáil rófhada, peaca a rinneadh i bhfad an iomarca i gcás imreoirí Chiarraí sa chéad leath. Bhuaigh Ciarraí seilbh ar ais ar an liathróid ach baineadh de David Clifford arís í agus chuaigh Tír Eoghain ar an ionsaí.

Bhí cead a gcinn ag Kieran McGeary agus Peter Harte agus iad ag imeacht i dtreo an chúil agus, faoi dheireadh, tugadh an pheil do Conor McKenna os comhair na bpostaí agus chuir sé an liathróid faoi Shane Ryan i gcúl Chiarraí. In áit a bheith cúl chun cinn, mar a bheadh dá mbeadh guaim coinnithe ag Stephen O’Brien air féin, bhí Ciarraí cúl chun deiridh.

Ba é cúl sin McKenna an t-aon scór a fuair duine de thosaithe Thír Eoghain ón imirt sa chéad leath sin, rud a léirigh cé chomh maith agus a bhí ag éirí le cosantóirí Chiarraí go dtí sin. Bhí an beart á dhéanamh ag cosantóirí Thír Eoghain os comhair an chúil, áfach, agus pointí faighte ag gach duine den triúr sa líne lánchúil roimh leath ama chomh maith le péire ó Niall Morgan agus ceann eile ó Peter Harte.

Pointe amháin a bhí idir na foirne ag leath ama, Tír Eoghain 1-7 in aghaidh 0-9 chun tosaigh, ach bhí Ciarraí níos fearr ag tús an dara leath agus bhíodar imithe dhá phointe chun tosaigh théis deich nóiméad. In ainneoin na cainte uile a bhí ann i mbliana faoi chumas thosaithe Chiarraí, bhíodar fós ag brath an iomarca ar David Clifford agus Seán O’Shea. Mar sin féin bhí ag éirí leis an mbeirt ghaiscíoch.

David Clifford. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Thug cártaí dubha a bronnadh ar Niall Sludden agus Darren McCurry deis do Chiarraí bearna níos mó a chur idir na foirne ach theip orthu sin a dhéanamh.

Ach ní raibh ach pointe amháin idir na foirne tar éis  65 nóiméad imeartha nuair a chuir Seán O’Shea seans eile ar chúl amú nuair a theip air David Clifford a phiocadh amach le pas láimhe. Cé gur éirigh le Tom O’’Sullivan pointe a fháil ón ngluaiseacht, d’íoc fir Chiarraí as a gcaifeachas arís.

Trí nóiméad ina dhiaidh sin, tugadh i bhfad an iomarca spáis arís do Mattie Donnelly  agus nuair a thug sé pas simplí do Darragh Canavan bhí an tosach óg os comhair an chúil amach. Shábháil Shane Ryan iarracht an Cheannabhánaigh ach d’éirigh le Cathal McShane an liathróid a chur san eangach lena dhorn.

D’fhág an cúl go raibh Tír Eoghain pointe chun tosaigh, 2-10 in aghaidh 0-15, ach bhí Ciarraí ar ais ar comhscór ar an bpointe a bhuíochas do – cé eile? – ach Clifford agus O’Shea. Rinneadh feall ar Clifford agus shlánaigh O’Shea an cic saor. Bhabhtáil Darren McCurry agus Clifford scóranna idir sin agus an deireadh ach buaileadh buille ollmhór ar Chiarraí roimh am breise nuair a d’fhág gortú nach raibh Clifford, a raibh ocht bpointe scóráilte aige, in ann filleadh ar an imirt.

Is cinnte gur chuir sin borradh faoi Thír Eoghain, a d’aimsigh an chéad dá phointe d’am breise, Bhí cuma na maitheasa ar fad orthu nuair a scóráil Conor McKenna a dhara chúl. Arís, bhí cosaint Chiarraí uafásach. Bhí lagiarracht ó Kieran McGeary ag dul ar fóraoil nuair a chuir Jack Barry cos leis an liathróid, rud a chuir  díreach i dtreo McKenna í. Bhí tosach Thír Eoghain ina aonar, agus chuir sé a fhoireann cúig phointe chun tosaigh.

Spreagadh imreoirí eile Chiarraí faoi dheireadh, agus laghdaíodh an bhearna go dtí aon phointe amháin agus sé nóiméad fágtha. Chinn ar Chiarraí an comhscór a fháil. Is le Tommy Walsh a thit an seans deireanach ach  drochiarracht cheart a bhí ann. Bhí an lá le Tír Eoghain.

Imreoirí Thír Eoghain ag ceiliúradh. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Tír Eoghain: N. Morgan (0-2, 0-1 ó chic saor, 0-1 ó chic ‘45), M. McKernan (0-1), R. McNamee (0-1), P. Hampsey (0-1); F. Burns, K. McGeary, P. Harte (0-1); B. Kennedy, C. Kilpatrick; C. Meyler, M. O’Neill, N. Sludden; D. McCurry (0-4, 0-2 ó chiceanna saora), M. Donnelly (0-1 ó mharc), C. McKenna (2-0). Fir Ionaid: C. McShane (1-3, 0-1 ó chic saor) in áit B. Kennedy (43 nóim), T. McCann in áit M. O’Neill (54 nóim), B. McDonnell in áit T. McCann (63 nóim), D. Canavan in áit N. Sludden (63-67 nóim), B. McDonnell in áit C. Kilpatrick (70+3 nóim), L. Rafferty in áit P. Harte (75 nóim), M. Bradley in áit D. McCurry (75 nóim).

Ciarraí: S. Ryan; B. Ó Beaglaoich, J. Foley, T. O’Sullivan (0-1); M. Breen, P. Murphy (0-1), G. White; D. Moran, J. Barry; D. Moynihan, S. O’Shea (0-8, 0-6 ó chiceanna saora, 0-1 ó chic ‘45), S. O’Brien; D. Clifford (0-8, 0-2 ó chiceanna saora, 0-2 ó mharcanna), P. Geaney (0-1), P. Clifford (0-2). Fir Ionaid: K. Spillane in áit D. Moynihan (Leath ama), G. Crowley in áit M. Breen (49 nóim), A. Spillane in áit S. O’Brien (54 nóim), D. O’Connor in áit P. Geaney (54 nóim) T. Walsh in áit D. Moran (59 nóim), T. Morley in áit B. Ó Beaglaoich (Am Breise), P. Geaney in áit D. Clifford (Am breise), J. Sherwood in áit J. Barry (77 nóim), G. O’Sullivan in áit J. Foley (80 nóim), M. Burns in áit T. O’Sullivan (86 nóim).

Réiteoir: David Coldrick.

Fág freagra ar 'Tír Eoghain i gcluiche ceannais na hÉireann agus an Ríocht buailte acu'