‘Tiontaíonn an saol bunoscionn nuair a chreideann gnáthdhaoine i mbréaga na ngealt’ – Thaddeus Ó Buachalla

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar 2022 le roinnt Gael. Inár dteannta an geábh seo, tá Thaddeus Ó Buachalla, a thug leis an gradam do 'Leabhar Gaeilge na Bliana' ag na An Post Irish Book Awards

‘Tiontaíonn an saol bunoscionn nuair a chreideann gnáthdhaoine i mbréaga na ngealt’ – Thaddeus Ó Buachalla

Thaddeus Ó Buachalla ag reic Tigh Levis, Béal an Dá Chab, Iarthar Chorcaí

Céard í an chuimhne is mó atá agat ar 2022?

Is í an chuimhne is mó a sheasann amach dom ná an oíche sin ag Gradaim Leabhar

an Phoist nuair a bronnadh an gradam ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ ar m’úrscéal EL.

B’eispéireas iontach é agus ba mhór an onóir dom, ní hamháin an duais a fháil ach a bheith i gcomhluadar na scríbhneoirí iontacha eile a bhí ar an ngearrliosta. Bhí an-chraic againn timpeall an bhoird chomh maith.

Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2022?

Tar éis na mblianta faoin dianghlasáil, bhí an seans againn arís in 2022 Lá Fhéile

Pádraig a cheiliúradh sna pubanna. B’iontach an rud é a bheith amuigh faoi lán seoil arís, ag bualadh le cairde agus ag bleaisteáil na bport amach i seisiúin traidisiúnta

an lá sin. Tar éis na gceolchoirmeacha saorga ar zoom agus gach rud eile ón tréimhse sin, bhíomar saor arís. Do shamhlófá nach dtiocfadh an lá go deo, ach tháinig sé!

Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2022?

Ba dheacair labhairt faoi scéal bróin in 2022 gan trácht ar an uafás atá ag titim amach fé láthair san Úcráin. Is déistineach an rud atá déanta i mbliana ag impiriúlachas na

Rúise agus tá súil agam go dtagann deireadh leis go luath. Ar na leibhéal pearsanta, ba é an drochscéal ba mhó a tharla ná go bhfuaireamar Cóibhid agus sinn ar saoire as Fhrainc. Bhí orainn fanacht san árasán ag féachaint amach tríd an bhfuinneog ar feadh deich lá. Crá croí a bhí ann agus na teocht sna tríochaidí lasmuigh!

Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2022?

Ceapaim gur fhoghlaim mé cé chomh leochaileach atá an saol ina bhfuilimid ag maireachtaint. Tógadh mé le linn na Chogaidh Fhuair nuair a bhíodh trácht go minic ann ar choimhlint núicléach. Ní raibh an téarma sin i mbéal an phobail le tamall fada, ach anois tá sé ar ais. Is minic a shamhlaímid cogaí móra mar rudaí a tharla fadó, nó atá i bhfad uainn. Ba léir in 2022, áfach, cé chomh héasca a thiontaíonn an saol

bunoscionn nuair a chreideann gnáthdhaoine i mbréaga na ngealt.

Ar éirigh leat déanamh de réir aon rúin a bhí agat ag tús na bliana 2022?

Bhí rún agam ag tús na bliana go ndéanfainn níos mó oibre leis an gcomharghrúpa atá againn in Iarthar Chorcaí. Tá idir fhilí agus cheoltóirí ann a thagann le chéile chun filíocht ó bhéal a dhéanamh le tionlacan ceoil. Dheineamar seónna i rith na bliana sa Ghaeilge, sa Bhéarla agus go fiú sa tSúlúis. Scríobh mé dán fada dar teideal ‘Immram an Phréacháin’ agus chuir mé tionlacan ceoil leis, le cabhair ón gcomharghrúpa. Bhí sé mar chuid den Fhéile IMRAM ansin i mí Dheireadh Fómhair. Bhí rún agam chomh maith stiúideo taifeadta a thógáil agus taifeadadh a dhéanamh den chineál seo saothair. Tá sé tógtha agam anois cé nach raibh an seans agam tús a chur leis an taifeadadh go fóill. Sin saothar 2023!

Fág freagra ar '‘Tiontaíonn an saol bunoscionn nuair a chreideann gnáthdhaoine i mbréaga na ngealt’ – Thaddeus Ó Buachalla'