Cuirfidh grúpaí teanga ‘Tionól Náisiúnta Géarchéime’ ar siúl i mBéal Feirste tráthnóna chun aird a tharraingt ar na dúshláin is práinní atá roimh an Ghaeilge agus an Ghaeltacht.
Déanfaidh cainteoirí éagsúla plé i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, ar Bhóthar na bhFál, ar na “na ceisteanna is mó atá roimh phobal na Gaeilge”, i réimsí na tithíochta, an oideachais agus na gceart teanga.
Tá an tionól á eagrú ag Conradh na Gaeilge mar chuid den fheachtas Raic a ndeirtear go bhfuil breis agus 50 eagraíocht Ghaeilge agus Ghaeltachta páirteach ann.
Deir lucht eagraithe an tionóil go bhfuil géarghá I gcónaí le mórleasú ar struchtúr maoinithe Fhoras na Gaeilge chun maoiniú a bheadh fadtéarmach agus cothrom a chinntiú don Ghaeilge. Deir siad chomh maith go bhfuil buncheisteanna eile “fós gan réiteach”, ceisteanna a bhaineann le maoiniú na teanga, cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht, cúrsaí oideachais agus “todhchaí na teanga thuaidh agus theas”.
Tá lucht an fheachtais ag iarraidh go nglacfadh an dá Rialtas láithreach bonn leis an múnla nua maoinithe d’Fhoras na Gaeilge atá molta ag an dá Roinn Airgeadais.
Táthar ag iarraidh go gcuirfí ar a laghad €20 milliún sa bhreis ar fáil d’Fhoras na Gaeilge.
Sa chás nach bhféadfaí an múnla maoinithe a leasú, tá na grúpaí ag éileamh ar Rialtas na hÉireann an maoiniú sin a chur ar fáil “bealach éigin eile mar ábhar práinne”.
Dúirt Foras na Gaeilge ina straitéis nua a foilsíodh an mhí seo caite gur soláthar cuí acmhainní a fháil an dúshlán is mó atá ag an eagraíocht agus go bhfuil géarghá le plean fadtéarmach maoinithe a aontú leis na rialtais ó thuaidh agus ó dheas.
Sa phlean straitéiseach cúig bliana nua, deirtear go bhfuil easpa maoinithe ag cur as go mór d’obair na heagraíochta.
Faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta, tagann 75% de mhaoiniú an Fhorais ón rialtas ó dheas agus tagann 25% ón rialtas ó thuaidh
Faoi mhúnla atá aontaithe ag na ranna airgeadais sa dá dhlínse, ní bheadh gá cloí leis an gcóimheas maoinithe sin, ach tá bac curtha ag an DUP ar an múnla nua sin a chur i bhfeidhm.
Tosóidh an Tionól ag meán lae inniu. Déanfaidh Ruairí Ó Donnáin, Oifigeach Forbartha le Conradh na Gaeilge Boirche Íochtar, cur síos ar an bhfeachtas Raic go dtí seo. Na dúshláin atá roimh an nGaeltacht ó thaobh cúrsaí tithíochta agus inbhuanaitheachta pobail a bheidh faoi chaibidil ag Éibhín Ní Shlattara, Oifigeach Pleanála Teanga le Tobar Dhuibhne.
Na fadhbanna atá ag an nGaeilge sa chóras oideachais a bheidh mar ábhar cainte ag Louisa Ní Éideáin ón bhfeachtas Baile Átha Cliath 2 4 6 8, feachtas atá ag lorg gaelcholáiste nua don cheantar sin.
Beidh Eoghan Ó Garmaile, gníomhaí Gaeilge le Glór na Móna agus An Dream Dearg, ag plé cearta teanga agus cás na straitéise Gaeilge ó thuaidh.
Fág freagra ar 'Tionól ‘géarchéime’ i mBéal Feirste le haird a tharraingt ar fhadhbanna na Gaeilge'