‘Tionól Gaeilge UCD’ le reáchtáil den chéad uair an samhradh seo

Dírithe ar dhaoine fásta in Éirinn agus thar lear ar spéis leo an Ghaeilge a bheidh an tionól agus deirtear go mbeidh sé ‘an-oiriúnach’ do mhic léinn atá ag plé le cúrsaí Gaeilge nó leis an Léann Éireannach

‘Tionól Gaeilge UCD’ le reáchtáil den chéad uair an samhradh seo

Reáchtálfar ‘Tionól Gaeilge UCD’ den chéad uair i mbliana idir an 31 Iúil agus an 4 Lúnasa.

Beidh an scoil samhraidh á reáchtáil ag Bord na Gaeilge san ollscoil i gcomhar le Gaelchultúr, agus é ar siúl ar champas Belfield na hollscoile.

Dírithe ar dhaoine fásta in Éirinn agus thar lear ar spéis leo an Ghaeilge a bheidh an tionól seo agus maíonn lucht a eagraithe go mbeadh sé “an-oiriúnach” do mhic léinn atá ag plé le cúrsaí Gaeilge nó leis an Léann Éireannach i láthair na huaire, in Éirinn agus i dtíortha eile, chomh maith le foghlaimeoirí.

Beidh ranganna teanga, ag cúig leibhéal éagsúla, á dtabhairt mar chuid den Tionól agus cuirfear béim sna ranganna sin ar an teanga labhartha.

San iarnóin beidh léachtaí ar siúl ina ndíreofar ar ghnéithe éagsúla den Ghaeilge agus den chultúr Gaelach — an béaloideas, logainmneacha na hÉireann, an litríocht agus an amhránaíocht Ghaelach. Beidh na léachtaí á dtabhairt i nGaeilge agus i mBéarla agus fágfar faoi lucht freastail an Tionóil an cinneadh a dhéanamh cé acu i mBéarla nó i nGaeilge ar mhaith leo na léachtaí a chloisteáil. Is é an leagan Gaeilge den léacht a thabharfar ar dtús.

“Tá an Ghaeilge beo bríomhar i measc phobal na mac léinn ar champas. Ba mhaith linn anois seirbhís a thairiscint don phobal lasmuigh den ollscoil agus is céim mhór chun tosaigh é an Tionól Gaeilge.

“Beidh na ranganna agus na múinteoirí ar ardchaighdeán ach lena chois sin, tá éagsúlacht iontach ag baint leis na léachtaí agus leis na himeachtaí eile atá beartaithe againn. Ceiliúradh a bheidh sa Tionól, mar sin, ar an teanga agus ar an gcultúr, agus táimid ag súil go mór le fáilte a chur roimh dhaoine as gach cearn den tír agus níos faide i gcéin,” a dúirt Clár Ní Bhuachalla, Oifigeach Gaeilge na hOllscoile,

Tá costas idir €50 agus €600 ar an Tionól, ag brath ar stádas fostaíochta an té atá ag freastal air agus ar líon na laethanta a bheidh an duine i láthair.

Cuirfear lóistín agus bricfeasta ar fáil i lóistín na hollscoile freisin, don té ar mhaith leis sin. Ní mór teagmháil a dhéanamh le Bord na Gaeilge in UCD le háit a chur in áirithint don Tionól.

Fág freagra ar '‘Tionól Gaeilge UCD’ le reáchtáil den chéad uair an samhradh seo'