Tiománaithe as a meabhair, rothaithe sceimhlithe agus turasóirí drochmheasúla – fáilte go Corca Dhuibhne

Ní théann éinne ar a laethanta saoire chun a gcuid ama a chaitheamh teanntaithe sa trácht, ag stánadh ar thóin bus amháin agus ceann eile id’ dhiaidh aniar

Tiománaithe as a meabhair, rothaithe sceimhlithe agus turasóirí drochmheasúla  – fáilte go Corca Dhuibhne

Bhí fear baidhsicil ar lóistín againn le cúpla lá. Éireannach fir, a bhí i gCorca Dhuibhne tríocha éigin bliain ó shin agus é ina scoláire. Bhí sé i gceist aige a chúpla lá a chaitheamh ag gabháilt timpeall na dúichí ar a rothar, ar a shuaimhneas, gach aon mhórdheabhadh air, fé mar a dhéanfá ar do laethanta saoire.

Chonaic an rothar imithe ar an gcéad lá, ach níor chorraigh sé an dá lá eile. B’ait liom é. Ach a raibh sé ag fágaint ar an dtreas lá, d’fhiafraíos de an raibh a roth pollta, nó cad ba chúis lena easpa rothaíochta.

“Dheas liom tamaillín eile a chaitheamh ar an saol seo,” arsa é siúd mar fhreagra.

D’eachtraigh sé dom fén lá a chaith sé ar a rothar. Ba dhóbair gur leag veain campála é ag Casadh na Gráige. Tiománaithe bus tiarnúla ag séideadh na hadhairce nuair nach raibh sé ag gluaiseacht tapaidh a dhóthain dóibh. Bhí sé i dtranglam tráchta chomh fada sin thiar i gCeann Sléibhe, b’ait leis, a dúirt sé, nár tháinig meirg ar na hacsailí. Agus cairteacha na háite? Glan scuabtha as a meabhair, dar leis.

Fillfidh sé, a dúirt sé, ach i rith an gheimhridh, agus le ceithre roth fé.

Thuigfeá dhó. Tá tamall ann ó bhí rothar agam, (agus níor ghluais sé sin riamh ar aistear níos faide ná Tigh Khrúgair), ach is é mo mhórthuairim ná go gcaithfeadh leadhbaíocht éigin a bheith ort chun dul ag rothaíocht anseo i rith an tsamhraidh. Níl aon chompord ann don rothaí, agus ní beag an dainséar a bhaineann leis. Tá na bóithre róchúng chun dóthain spáis a thabhairt dóibh agus tú ag gabháilt tharstu, róchúng dos na buíonta móra rothaithe a bhíonn coitianta anseo gach deireadh seachtaine, agus tá an ceart ag mo dhuine thuas; táimid, tiománaithe na háite, as ár meabhair ar an mbóthar. (Tá scata a cheapann gur do thurasóirí amháin rialacha an bhóthair). Agus sin gan trácht ar na veaineanna campála ná ar na busanna a bhíonn róchoitianta abhus ó Lá le Pádraig go deireadh mhí Mheán Fómhair.

Más rud é go ndeir rothaí mar Thomás Mac a’ tSaoir, atá tar éis rothaíocht ó bharra go bun na hAfraice agus ó thaobh taobh Mheiriceá, go bhfuil sé an-chontúirteach do bheith ag rothaíocht ina áit dhúchais féin, tá rud éigin an-bhunoscionn leis mar scéal.

Is minic rothaithe agus tiománaithe cairteacha in earráid le chéile, ní hamháin sna cathracha ach abhus chomh maith. Is mó cúis atá leis, iad araon ag cur tiarnúlacht agus easpa measa i leith a chéile, agus ní mise a thabharfaidh breithiúnas ar an aighneas eatarthu, ach tá scata tiománaithe a cheapann gur cheart cosc iomlán a chur ar rothair ar bhóithre tuaithe, agus mórán rothaithe a déarfadh leat gur cheart bealaí rothaíochta a dhéanamh de bhóithre na tuaithe. Ach i gcás Bhóthar Chinn Sléibhe, déarfainn féin gur cheart do lucht na gcairteacha agus na rothaithe a bhfearg a dhíriú ar na cúiseanna is mó go bhfuil cúrsaí chomh holc ar na bóithre anseo i gcaitheamh an tsamhraidh; busanna agus veaineanna campála.

Formhór mór na mbusanna agus na veaineanna campála a gheibheann timpeall Chinn Sléibhe, ní fiú trumpa gan teanga iad do mhuintir na háite. Stopann fobhus i bhfoghnó, agus úsáideann cúpla veain campála na háiseanna atá ann dóibh, ach ní chaitheann a bhformhór oiread agus pingin amháin laistiar den nDaingean. An-chuid de na busanna, fágann siad Cill Airne, stadann ag Tráigh Inse chun cúpla pictiúr a thógaint, deinid amhlaidh ag Ceann Sléibhe nó Casadh na Gráige, agus away leo soir go Cill Airne aríst chun lóin agus am siopadóireachta.

Bíonn a gcuid bídh ceannaithe ag na veaineanna campála in ollmhargaí sara dtagaid don dúthaigh in aon chor, agus aon mhaidin a bheifeá ag gabháilt timpeall is i gcarrchlóis agus in áiteanna gan seirbhísí, áiteanna nach gá dóibh díol astu, a chífeá iad.

Agus is iadsan is cúis leis an dtranglam tráchta ar fad, agus gan faic dá bharra ag muintir na háite. Ní fhágann siad ina ndiaidh ach fearg, tranglam, bruscar, mátaí agus mún.

Fé mar atá ráite agam, tá roinnt gnóthaí ag brath ar bhusanna chun cúpla pingin a thuilleamh, ach is céatadán fíorbheag de na busanna agus na veaineanna campála a fhágann aon phingin ina ndiaidh, cé gurb iad bun agus barr fadhbanna tráchta na leithinse. B’fhéidir go bhfuil sé in am córas ceadúnais nó cead slí a bhunú ar mhórchuaird Chinn Sléibhe; mura bhfuil áirithint agat le gnó éigin áit éigin idir Ceann Trá agus Cuas a’ Bhodaigh, mura bhfuilid chun tacú le muintir na háite, níl aon ghnó siar acu agus níor cheart cead siar a thabhairt dóibh.

Mara ndéanfar rud éigin fén dtranglam tráchta ar mhórchuaird Chinn Sléibhe (agus is cosúil nach bhfuil aon deabhadh ar an gComhairle Contae aon ní a dhéanamh fé), beidh muintir na háite agus na turasóirí a chaitheann cúpla pingin san áit, teanntaithe, sáinnithe, ag tiománaithe bus tiarnúla agus ag seanchracanna de veaineanna campála.

Ní théann éinne ar a laethanta saoire chun a gcuid ama a chaitheamh teanntaithe sa trácht, ag stánadh ar thóin bus amháin agus ceann eile id’ dhiaidh aniar. Más é sin atá uait, gabh go Sráid Uí Chonaill dhuit fhéin.

Is mó comhdháil turasóireachta ag a rabhas ag labhairt agus nuair a dúirt go raibh an iomarca busanna ag gabháilt an treo chugainn, bhí daoine as áiteanna nach raibh chomh forbartha ó thaobh na turasóireachta de ag rá gur mhaith an gearán a bhí againne agus go mba bhreá leo féin a leithéid d’fhadhb bheith acu. Seachain nach bhfíorófaí bhur nguí….

AGUISÍN: Bhíos lasmuigh de shiopa an Bhuailtín an lá eile agus bhuail fear liom agus conach air (ní haon nuacht é sin, arsa tusa, mar go mó babhta feirge a bhuail fear ar an mBuailtín). Cúrsaí pleanála a chuir an phip air an geábh seo, agus ní bhéarfadh punt gallúnaí é le cuid de na scéalta a bhí á gcloisint aige faoi chead pleanála lánúineacha óga, gan trácht ar scéal Bhreanndán Bhaile na bPoc. “Má tá oiread measa ag an gCouncil ar thurasóirí, agus má tá tús áite á thabhairt acu don radharc a bhíonn ag turasóirí agus iad ag gabháilt mórthimpeall,” arsa mo dhuine, “ba cheart dúinn dosaen nó dhá dhosaen tractors a thiomáint siar i gcoinne na tráchta ar Cheann Sléibhe, mar agóid, cúpla lá i lár an tsamhraidh, nó go bhfaighidh muintir na háite a gcearta. B’fhéidir go n-éisteofaí leis na daoine ansan.”

Fág freagra ar 'Tiománaithe as a meabhair, rothaithe sceimhlithe agus turasóirí drochmheasúla – fáilte go Corca Dhuibhne'

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Is maith go bhfuil scéal tráchta Chorca Dhuibhne sa nuacht arís, bíodh is go mbíonn sé ann bliain i ndiaidh bliana ar nós teacht na bhfáinleog. Is scéal fadálach tuirsiúil bacainneach é seo nach bhfuil ag teastáil ach córas dearfach bainistíochta. Ach dealraíonn sé nach bhfuil suim ag an gComhaile Contae ann in ainneoin an iliomad iarratas.
    Ní aontaím leis an dtuairim, áfach, ná chaitheann na busanna ná na veaineanna campála aon phingin sa dúthaigh. Tá cuid mhaith de ghnóthaí an cheantair ar brath ar na busanna céanna (Ionad an Bhlascaoid Mhóir, siopaí ceardaíochta, bialanna, agus eile). Agus mar dhuine go raibh veain campála aige tráth, cím an fhadhb atá leis na veaineanna seo, nach bhfuil ach ionad oifigiúil amháin ann dóibh agus é sin amuigh faoin tuath gan na háiseanna cuí ina thimpeall ionas go gcaithfidis taisteal timpeall i rith an lae chun an cheantar a bhlaiseadh, nó páirceáil thar oíche in áit gan seirbhís ar bith ann – ’sé sin, muna bhfuil fógra na Comhairle Contae ann a dheireann “No Camping of Overnight Parking”!