Tinn den phlaisteach? ‘Shop and drop’ amárach

Tá lá speisialta agóide á eagrú ag Cairde na Cruinne amárach chun aird a dhíriú ar an lear mór pacáistiú plaisteach a bhíonn ar earraí

Tinn den phlaisteach? ‘Shop and drop’ amárach

Is minic a chloistear caint ar an ‘shop till you drop’ ach is ‘shop and drop’ an chomhairle don lá amárach.

Tá lá speisialta agóide á eagrú ag Cairde na Cruinne amárach chun aird a dhíriú ar an lear mór pacáistiú plaisteach a bhíonn ar earraí sna hollmhargaí.

Tinn den Phlaisteach atá baiste ar an bhfeachtas aon lae seo. Tá Cairde na Cruinne ag iarraidh ar a lucht tacaíochta a gcuid siopadóireachta a dhéanamh san ollmhargadh mar a dhéanann de ghnáth agus nuair a bheidh a gcuid earraí íoctha acu, aon phacáistiú nach dteastaíonn a leagan ag an gcuntar.

‘Shop and Drop’ mana an fheachtais, déan do chuid siopadóireachta agus fág i do dhiaidh aon phacáistiú nach dteastaíonn.

Tabharfaidh an agóid seo deis do dhaoine a n-imní a chur in iúl faoin truailliú plaisteach atá ag tarlú  ar fud an domhain agus súil ann go spreagfaidh sé táirgeoirí le deireadh a chur le pacáistiú nach gá, rud a bhfuil géarghá leis.

Tá treoir de chuid an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm cheana féin go gcaithfidh siopaí glacadh le pacáistiú nach dteastaíonn óna gcustaiméirí ach feicfidh an saol mór amárach an carn plaisteach nach dteastaíonn ar do chuid earraí beag ná mór.

Dúirt an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, Denis Naughten sa Dáil Déardaoin go raibh an feachtas seo in aghaidh an ró-phacáistiú bunaithe ‘ar phrionsabail fhiúntacha’ agus gur maith an rud é go mbeadh siopaí sásta táirgí a dhíol ‘d’uireasa pacáistí nár theastaigh uathu nó i bpacáistí a d’fhéadfaí a athchúrsáil’.

Tá roinnt de na hollmhargaí móra ag tacú leis an laghdú seo ar phacáistiú plaisteach. Tá rún ag Supervalu málaí a thabhairt isteach  le haghaidh glasraí agus torthaí a bhféadfar múirín a dhéanamh astu nó iad a chur sa mbosca bruscair donn. Dúirt Tesco go raibh boscaí bruscair athchúrsála ina gcuid siopaí acu féin a bhféadfaí aon phacáistiú a chur iontu agus tá a leithéidí ag Aldi agus Lidl chomh maith.

Táthar ag súil go mbeidh málaí níos éadroime ag lucht siopadóireachta agus iad ag gabháil abhaile ón siopa amárach.

Fág freagra ar 'Tinn den phlaisteach? ‘Shop and drop’ amárach'