‘Thuig an DUP go rabhthas ag glacadh le hAcht Gaeilge nuair a glacadh le Comhaontú Chill Rímhinn’ – Dermot Ahern

Tá ráite ag an iar-aire gnóthaí eachtracha Dermot Ahern gurb é a thuiscint i ndiaidh cainteanna Chill Rímhinn go dtabharfaí Acht Gaeilge isteach ó thuaidh in 2007

‘Thuig an DUP go rabhthas ag glacadh le hAcht Gaeilge nuair a glacadh le Comhaontú Chill Rímhinn’ – Dermot Ahern

Dermot Ahern, sa lár, ag caint le Ian Paisley agus Martin McGuinness in 2007. Pictiúr: Rollingnews.ie

Tá ráite ag an iar-aire gnóthaí eachtracha Dermot Ahern go raibh sé ag súil go dtabharfaí Acht Gaeilge isteach ó thuaidh in 2007 nuair a chuathas i mbun roinnt na cumhachta i ndiaidh cainteanna Chill Rímhinn.

D’fháiltigh Janet Muller, Stiúrthóir an bhrúghrúpa POBAL roimh ráiteas Ahern.

“Más mall is mithid. Is trua gur ghlac sé deich mbliana ag Dermot Ahern teacht amach go poiblí leis an léamh seo ar na comhchainteanna a tharla siar in 2006. Tá sé suimiúil chomh maith go gceanglaíonn sé an Ghaeilge le hAlbainis Uladh ina ráiteas. Dar ndóigh, Tuigeann pobal na Gaeilge sna sé chontae an tábhacht atá le meas a léiriú ar an Albainis Uladh, ach is léir nár tugadh gealltanas ar bith faoi ghníomh ar bith I leith na hUltaise sa Chomhaontú.

“Tá am na cinniúna ag teacht ó thaobh na gcainteanna de, agus beidh muid ag faire na bhforbairtí go cúramach agus le suim mhór sna laethanta amach romhainn,” a dúirt Janet Muller, Stiúrthóir an bhrúghrúpa POBAL anocht.

Fágann ráiteas Ahern gurb é an dara duine a raibh baint mhór aige le cainteanna Chill Rímhinn atá den tuairim gur aontaíodh le linn na gcainteanna go dtabharfaí reachtaíocht chosanta isteach don Ghaeilge.

An tseachtain seo caite, dúirt Jonathan Powell, iar-cheann foirne Tony Blair, gurb é a chuimhne siúd ná gur thángthas ar réiteach maidir le cosaint a thabhairt do phobal na Gaeilge ó thuaidh le linn na gcainteanna in 2006.

Tá ráite go minic ag baill den DUP nár aontaigh an páirtí sin riamh le hAcht Gaeilge a thabhairt isteach, ainneoin gealltanas a bheith i gComhaontú Chill Rímhinn go ndéanfaí a leithéid.

Mhaígh an t-iar-aire cultúir Edwin Poots, mar shampla, gur “socrú dá gcuid féin” idir ceannaire Shinn Féin, Gerry Adams, agus iarPhríomh-Aire na Breataine, Tony Blair, a bhí sa ghealltanas Acht Gaeilge a thabhairt isteach.

Ag labhairt dó le Sunday Politics ar an BBC inné, áfach, dúirt Ahern go raibh an “tuiscint” ann i gcónaí gur aontaigh rialtas na Breataine go dtabharfaí isteach Acht Gaeilge agus gurbh é an “quid pro quo” a bhí ann go dtabharfaí “aird” chomh maith ar cheist na hUltaise.

Dúirt Ahern gurbh í an tuiscint a bhí ag Rialtas na hÉireann ná go raibh an DUP ar an eolas faoi gach a cuireadh isteach sa chomhaontú, an tAcht Gaeilge san áireamh.

Maidir le háiteamh an DUP nár aontaigh siad gur cheart Acht Gaeilge a thabhairt isteach, dúirt Ahern gur thuig siad dá nglacfaí le Comhaontú Chill Rímhinn go gcaithfí glacadh le gach a raibh ann.

“While the DUP would and might be able to say that they never actually signed the dotted line, there was a tacit understanding – an implicit understanding – that ultimately if they accepted the St Andrews agreement regime, they had to accept it all. Warts and all,” a dúirt an t-iar-aire gnóthaí eachtracha.

An tseachtain seo caite, dúirt Jonathan Powell, a d’oibrigh mar phríomh-idirbheartaí do rilatas Tony Blair sna cainteanna ó thuaidh, go raibh sé ‘an-shoiléir’ gur aontaíodh go dtabharfaí reachtaíocht chosanta isteach don Ghaeilge.

“I know how vexed a political point that is here now, but I’d have to say that my memory of the negotiations is very clear that we, the Government had agreed to the Irish language issue.

“Now the DUP will have to interpret what happened in the negotiations in their way, but it was very clear that was agreed there as far as we were concerned,” a dúirt an t-iarchomhairleoir de chuid Tony Blair.

Luaitear Acht Gaeilge go sonrach i gComhaontú Chill Rímhinn faoin gceannteideal ‘Cearta an Duine, Comhionannas, Íospartaigh agus Ceisteanna eile’.

“Tabharfaidh an Rialtas Acht Gaeilge isteach bunaithe ar thaithí na Breataine Bige agus na hÉireann agus oibreoidh i gcomhar leis an bhFeidhmeannas nuathofa le forbairt na Gaeilge a chur chun cinn agus a chosaint” a scríobhadh sa Chomhaontú a shínigh an DUP in 2006.

Tá ceist an Achta Gaeilge ar an dris chosáin is mó sna cainteanna atá ar bun idir an DUP agus Sinn Féin maidir le hathbhunú Fheidhmeannas Stormont.

Fág freagra ar '‘Thuig an DUP go rabhthas ag glacadh le hAcht Gaeilge nuair a glacadh le Comhaontú Chill Rímhinn’ – Dermot Ahern'