Thuas seal, thíos seal atá ‘Downsizing’ Alexander Payne

Bhí an t-amhábhar ag Alexander Payne le scannán grinn, aorúil le dealramh a dhéanamh ach ní dhéanann ‘Downsizing’ an t-amhábhar sin a ionramháil i gceart

Thuas seal, thíos seal atá ‘Downsizing’ Alexander Payne

Downsizing
Stiúrthóir/Scríbhneoir: Alexander Payne
Cliar: Matt Damon, Hong Chau, Christopher Waltz, Kristen Wiig.

Aisteoir cumasach é Matt Damon a bhfuil a mhianach léirithe aige ins an iliomad táirgí i gcaitheamh na mblianta, agus a bhfuil trí ainmniúchán d’Oscar aisteoireachta gnóthaithe aige. Níl a shárú ann le tabhairt faoi ról Thadhg an Mhargaidh, rud is léir ó shaothair cosúil le Contagion (2011) agus Suburbicon (2017).

Bhí tine ar an gcraiceann mar sin nuair a tuigeadh go mbeadh sé ag comhghuaillíocht le Alexander Payne i scannán a léireodh leagan na linne seo de Lilliput. Léirigh Payne a dhintiúir mar scríbhneoir/stiúrthóir ar leithligh i saothair cosúil le Nebraska (2013), The Descendants (2001) agus Sideways (2004). An greann dorcha agus an aoir cniotáilte leis an drámatúlacht agus an áiféis na comharthaí sóirt a bhíonn ar scannáin Payne.

Sa scannán seo cuirtear Paul Safranek (Damon) os ár gcomhair mar dhuine atá ag broic leis an saol. A mhian a bheith ina mháinlia imithe le cúr na habhann agus é ag treabhadh leis mar theiripeoir saothair. I radharc amháin chímid é ag tabhairt aire dá mháthair atá sna croití deireanacha agus i bhfaiteadh na súl tá deich mbliana gafa tharainn agus é fós sa tigh céanna, ach bean chéile, Audrey (Wiig), ar an gcúits seachas an mháthair.

Ag tús an scannáin cuirtear abhaile orainn go bhfuiltear tar éis teacht ar theicneolaíocht atá in ann an duine daonna a chrapadh go toirt Thomás na hOrdóige. Deirtear linn gurb é seo an leigheas is fearr ar an dochar atá an cine daonna a dhéanamh don timpeallacht. Tá Paul agus Audrey bailithe den saol agus iad clipthe ag easpa airgid agus cinneann siad, i gcomhrá nach léirítear dúinn, ar an drochuair, tabhairt faoin gclaochlú seo. Gan amhras tá impleachtaí airgid ag baint leis an gcúram óir déanfaidh sé $12.5 milliún ar a infheistíocht $150,000 in Leisureland, má éiríonn le tearmann/cathair na mbeag.

Is í an phrapáil chun chlaochlaithe agus an próiseas a leanann an chuid is taitneamhaí den scannán agus an chuid is mó ina léirítear samhlaíocht. An ghruaig á bearradh, gach líonadh á thógáil amach agus na daoine craptha á n-ardú den leaba le spadal.

Is cuma ann nó as carachtar Wiig óir caitheann sí a hata leis an gcúram an-luath agus fágtar Paul leis féin ag iarraidh a chuid féin a dhéanamh den domhan aduain seo. Tá paistí beaga deasa anseo agus ansiúd; a fháinne pósta atá chomh mór le baoi tarrthála á iompar isteach an tigh mar shampla. Ag an am céanna déantar an leábharaic Dusan (Waltz) agus an t-inimirceach/easaontóir polaitiúil Ngoc Lan Tran (Hong Chau) a chur os ár gcomhair.

Ní fada go dtosaíonn rudaí ag imeacht ar bóiléagar, áfach. Carachtar suimiúil é Dusan, ach caitear fé thóin na gcártaí é tar éis scaithimh, déantar neamhshuim den fhophlota a bhaineann leis an ról atá ag an teicneolaíocht seo san inimirce agus mar uirlis le cos ar bolg a imirt ar easaontóirí polaitiúla.

Go deimhin, tar éis tamaill déantar dearmad ar aon chíoradh a dhéanamh ar shaol na mbeag. Téann rudaí amach ón gcairt ar fad nuair a thugtar aghaidh ar an Iorua agus na daoine a cheap an próiseas an chéad lá riamh. 

Bhí an t-amhábhar anseo le scannán grinn, aorúil le dealramh a dhéanamh ach níor deineadh é a ionramháil chun mo shástachta.

Fág freagra ar 'Thuas seal, thíos seal atá ‘Downsizing’ Alexander Payne'