Thosaigh beagán den chathú ag teacht orm nuair a bhí na Sasannaigh ag fáil réidh do na ciceanna éirice

Níorbh aon dáimh ba chúis leis ná aon athrú dílseachta ag ár gcolúnaí – ach trua don triúr ar chinn orthu na ciceanna éirice a chur go ceann cúrsa

Thosaigh beagán den chathú ag teacht orm nuair a bhí na Sasannaigh ag fáil réidh do na ciceanna éirice

Pictiúr: Twitter

Ar mhachaire an ghailf cúpla seachtain ó shin, le linn dom féin agus do bheirt chomrádaithe a bheith ag fágáil iomairí agus claisí inár ndiaidh nach mbeadh as áit ag an gCraobh Náisiúnta Treabhdóireachta, tarraingíodh anuas Craobhacha Sacair na hEorpa 2020 a bhí ar leic na tairsí.

Ní raibh aon chúl le cine i láthair ná aon amharc ar chaora dhubh. Mar a bheifí ag súil leis, chuile dhuine acu ag súil nach iad Sasana a chrochfadh an corn.

Baineadh siar astu nuair a dúirt mé féin go raibh súil agam go mbainfeadh siad an babhta ceannais amach. Ach nuair a chuir mé an t-aguisín leis go raibh súil agam go mbuailfí ar chiceanna éirice ansiúd iad, thuill sin an gháire gháifeach a raibh mé ag iascach air.

Is furasta a ghabháil leis an sruth.

Le linn dom a bheith ag breathnú air sin ag tarlú san oíche Dé Domhnaigh seo caite, thosaigh beagán den chathú ag teacht orm ina thaobh.

Níorbh aon dáimh ba chúis leis ná aon athrú dílseachta – ach trua.

Cásamh go háirithe don triúr ar chinn orthu na ciceanna éirice a chur go ceann cúrsa. Anois bhí deis faighte acu siúd a chreid chomh mór sin go raibh úinéireacht acu ar an spórt gur ‘abhaile’ a thiocfadh an corn i gcás bua – deis aer a thabhairt dá gcuid gangaide, a gcuid goimhe agus a gcreideamh gur giollaí iad an chuid eile againn in impireacht atá curtha caillte le céad bliain ar a laghad.

Ba chóir dom a rá láithreach gur mionlach atá iontu, mionlach faraor a bhfuil an drochbhraon iontu agus mionlach a bhfuil smál tarraingthe acu ar Shasanaigh ghnaíúla ar suim leo cluiche an tsacair agus arb óna gcroíthe a thagann a ndílseacht dá dtír.

Ba mhó fós a ghoill sé orm go mba pheileadóirí de chine daite (nó daoine de dhath), iad an triúr nár éirigh leo scóráil. “Ós rud é go bhfuil cic éirice a chinn ar Gareth Southgate a chur san eangach sa gcomórtas céanna 25 bliain ó shin fós beo in intinn daoine, cén sórt spídiúlachta a gheobhaidh Marcus Rashford, Jadon Sancho agus Bukayo Saka ón gcuid sin de lucht a leanta nach bhfuil fáilte in aon áit rompu?” a d’fhiafraigh mé díom féin.

Iad siúd a mbíonn lán a mboilg de bheoir slogtha acu, iad nochta go básta, bratacha an Fhronta Náisiúnta ar foluain agus a réabann agus a chiceálann a mbealach rompu isteach sna staideanna, áit a gcuireann siad scéin ina bhfuil ina dtimpeall.

Ní raibh mé i bhfad ag fanacht le freagra. Sula ndeachaigh an ghrian i dtalamh bhí a gcuid mionnaí agus a ngáirsiúlacht scrábáilte ar phictiúr de Rashford atá ar bhalla i Manchain agus tá sruth seasta de ag teacht chun cinn ó shin.

23 bliain d’aois atá seisean, ógánach a tógadh beo bocht sa gcathair sin. Anuraidh agus rialtas na Breataine ag cur deireadh le scéim a chuir béilí ar fáil do 1.3 milliún páiste scoile ar theastaigh a leithéid go géar uathu, thug Marcus a ndúshlán agus náirigh chomh mór sin iad go dtángthas ar athrú intinne. Lena chois fuair sé tabhartais £20 milliún ó ollmhargaí agus ó lucht gnó agus tá sé ag leanacht lena fheachtas i gcónaí.

Tá a chuid oibre molta ag Barack Obama agus onóir faighte aige ó Phálás Buckingham.

F***, s***t agus b*****d, a bheith scríofa ar a ghnúis ar mhúrphictiúr dá chuid atá ar bhalla ina chathair dhúchais an buíochas a léirigh mionlach atá luaite thuas agam do Rashford. Scríobh an dream céanna ainm Bukayo Sako ar an bpictiúr go gceanglódh siad na maslaí céanna leis siúd.

Naoi mbliana déag atá Sako agus ba é an cic éirice ar thug sé faoi an oíche faoi dheireadh an chéad cheann a thóg sé sna 9 gcluiche comórtais atá imeartha aige sa ngrád is airde.

Ar chóir cúram chomh mór sin a bheith leagtha air ag a bhainisteoir? Ní móide é, cé go mba é an t-imreoir féin a dúirt gur mhaith leis a leithéid a dhéanamh.

Bhí sin ar cheann den bheagán botún a rinne Gareth Southgate le linn na himeartha. Ceann ba mheasa ná é ab ea seasamh siar agus seilbh na liathróide a thabhairt do na hIodálaigh a luaithe agus a chuir Luke Shaw Sasana chun cinn í agus gan caite ach dhá nóiméad.

Seachas a bhfuil d’fhoirne ar domhan, níor chóir sin a dhéanamh in aghaidh na hIodáile, a mba acu a bhí 65% den tseilbh faoin am a dtáinig na ciceanna éirice.

Ag an tráth sin, Dé Domhnaigh seo caite (cé gur sheol mé féin ceann nó dhó acu, admhaím), bhí mo dhóthain agam de na jócanna, de na físeáin agus de na haisfhreagraí scigmhagúla a bhí sa timpeall – Harry Kane agus geansaí Mhaigh Eo air, an Bhanríon i gceannas scáileáin an VAR, srl.

Ba i ndán a chonaic mé a bhí an iarracht ab fhearr míniú a thabhairt go díreach cén fáth go raibh formhór na tíre seo ar an intinn chéanna liomsa agus le mo chuid galfairí – dán Béarla nár luadh aon údar leis.

It’s not just about oppression, or the famine genocide,

Not just Mr. Cromwell, sure we let all that stuff slide,

Not just the youthful squaddies, killing protestors at will,

Not about the Black and Tans, not just the ‘Shoot to Kill’,

Not just about the Hunger Strikes, not just about evictions,

Not just framing random Irish folks, to get a quick conviction,

Not just ‘No Blacks or Irish’ signs, no more can they be seen,

Sure don’t the Blacks and Irish, make up half the English team,

No it’s the lads with lasers and National Front tattoos,

Who hear another country’s anthem and proceed to boo,

Your team gets down on bended knee, you show them no respect,

Now other nations don’t support you, what did you expect,

So when we hear the tired refrain, ‘Football’s Coming Home’

Don’t take offence if some of us, hope football’s going to Rome. 

Fág freagra ar 'Thosaigh beagán den chathú ag teacht orm nuair a bhí na Sasannaigh ag fáil réidh do na ciceanna éirice'