‘This world demands the qualities of youth…’ – Robert Kennedy agus an óige

Cothrom an lae seo 50 bliain ó sin, an 6 Meitheamh 2018, maraíodh Robert Kennedy. Aige atá an míniú is fearr agus is iomláine fós ar thréithe na hóige

‘This world demands the qualities of youth…’ – Robert Kennedy agus an óige

Labhair Robert Kennedy faoin óige in Ollscoil Cape Town san Afraic Theas 52 bliain sa lá inniu. Daoine óga a bhí ina bhformhór siúd ar labhair sé leo freisin.  Ní raibh Kennedy é féin sé ach dhá scór san am. Ar nós treibh na gCinnéideach bhí iomhá agus cosúlacht na hóige air i gcónaí.  Mullach breá gruaige, drad geal glan, meangadh go cluasa agus foclaíocht chróga agus mhisniúil.

Ar an turas sin san Afraic Theas labhair Robert Kennedy le go leor daoine óga.  Mheabhraigh sé dóibh go raibh gach a raibh i ndán don Afraic Theas agus don domhan ina gcuid lámh.

Ba mhór an díol spéise é dá bhfaighfí cuntas ar an saol a chaith – cuir i gcás – cúpla scór féin de na daoine sin a bhí óg i 1966 agus ag éisteacht le Robert Kennedy in Ollscoileanna na hAfraice Theas i mí Meitheamh na bliana sin.  Mar baineann sé leis an óige – go hiondúil – go mbíonn siad ag iarraidh athruithe; saol eile seachas an seansaol a bhí múnlaithe ag na glúnta a chuaigh rompu.  Scaití bíonn an ceart acu; scaití eile ní bhíonn – mar atá a fhios ag an dream againn a bhfuil ciall (pé ar bith beagán é sin!) cheannaithe againn.  Ach cé mhéad duine de ghlúin óg ar bith a chuirfidh d’anró orthu féin an pobal agus an tír a chur chun cinn taobh amuigh dá ndualgais phearsanta agus oibre féin: gníomh seachas caint, beart i leaba briathair?

An lá céanna seo a bhfuil bás Robert Kennedy leathchéad bliain ó shin á thabhairt chun cuimhne,  tá moladh á thabhairt anseo in Éirinn do na mílte daoine óga a vótáil sa Reifreann le gairid.  Chinntigh  siadsan go mbeadh deis ann le hathruithe a chur ar dhlíthe ginmhillte sa tír seo.  Is cosúil, mar shampla, go raibh 3,000 duine óg i gcathair na Gaillimhe a chláraigh le haghaidh cead vótála agus fonn orthu a nguth a chur ag obair sna boscaí ballóide.   Glacadh, ar ndóigh, go réidh leis an Reifreann seo – agus tá sin togha.

Le  gairid, thug mé faoi deara an cheist a chuir mo chomhghleacaí oibre ar feadh roinnt mhaith blianta, Eoin Ó Murchú, i dTuairisc.ie  i bhfianaise thoradh an Reifrinn: “An dtuigeann na daoine óga an chumhacht atá acu anois?”   Glacaim leis gur bhain an cheist le polasaithe agus polaitíocht náisiúnta – nó b’fhéidir idirnáisiúnta féin.   Ar ndóigh, ní féidir le duine ar bith, dá mheabhraí í/é ciall a fháil roimh aois – mar a deir an seanfhocal.  San am céanna, tá i bhfad níos mo deiseanna scolaíochta ag glúnta óga na linne seo ná mar a bhíodh san aimsir a caitheadh.  Sa mullach air sin, tá na maidhmeanna eolais ar an iliomad bealach ag teacht chomh fada leo chuile lá.  Tá buntáistí acu ar an gcaoi sin nach mbíodh ann roimhe seo.   Is túisce, is dóigh, a bheadh tuiscint acu ar chumhacht an vóta agus ar dheiseanna leis an saol a athrú chun feabhais ná a bhí ag glúnta rompu.  Go n-éirí leo ar an turas sin.   

Ach tá deiseanna  ann leis an saol a fheabhsú gar do leic an dorais freisin, chomh maith leis an leibhéal náisiúnta nó an domhan mór a chur ar mhalairt cúrsa. 

Dúirt duine liom le gairid atá ag obair sa réimse sóisialta in iarthar na hÉireann go bhfuil sé tugtha faoi deara aige nach bhfuil mórán daoine óga anois páirteach i ngníomhaíocht phobail.  Luaigh an duine seo go raibh sé ag cruinniú i gcontae Mhaigh Eo le gairid ag a raibh ionadaithe as grúpaí/coistí srl ar fud na tuaithe; ba bheag duine faoi 50 bliain d’aois a bhí ann – go deimhin bhí cuid mhór acu sna seascaidí agus roint sna seachtóidí.

Bhí fear a bhí ag cruinniú de chumainn rugbaí i gCúige Chonnacht ag rá liom le gairid go raibh an easpa cúnamh riaracháin agus eagrúcháin ar an gceist ba mhó a bhí á plé ansin. Tá sé ina imní ag daoine eile nach bhféadfaí cumainn a choinneáil ag imeacht  – tá muid ag trácht ar chumainn amaitéaracha anseo – mura dtiocfaidh daoine níos óige ar bord.  ’Sé an t-adhmad atá le baint as na scéalta a chloisfeá ná nach bhfuil an ghlúin óg chomh gníomhach i saol an phobail agus a bhíodh na glúnta rompu.

Scéal é seo atá coitianta go maith anois, pé ar bith údar atá leis. 

Dhá bhliain agus leathchéad agus an lá inniu a labhair Robert Kennedy leis na daoine óga in Ollscoil Cape Town san Afraic Theas.    Dhá bhliain ina dhiaidh sin, fágadh fuar marbh é in Los Angeles: ar an 6 Meitheamh, 1968 – caoga bliain sa lá inniu. 

B’fhéidir go bhfuil leagan Robert Kennedy, agus é ag caint leis an óige in Ollscoil Cape Town san Afraic Theas, ar an míniú is fearr agus is iomláine ar thréithe na hóige fós:

“This world demands the qualities of youth; not a time of life but a state of mind, a temper of the will, a quality of the imagination, a predominance of courage over timidity, of the appetite for adventure over the life of ease.”

Ní dóigh gur tháinig meirg ná aois ar bhrí na bhfocal sin le leathchéad bliain.     

Fág freagra ar '‘This world demands the qualities of youth…’ – Robert Kennedy agus an óige'

  • Carraig53@protonmail.com

    An fón póca agus an ríomhaire a d’athraigh an saol ó bhonn agus as cuimse ar fad ó shin. B’in uile a raibh de réabhlóid ann. Narcissism. Féach an focal ‘FACEbook’ ina chruthúnas sin. Daoine agus a gcaincinn sáite suas i bpoll a dtóna féin. nArsecissm. Cad é, an dóigh leat, a fheicfidh siad ann…an ghrian ag éirí? Ní chloiseann siad ná ní fheiceann siad f—ál ach a nguth féin agus a ngnúis féin. Ag glacadh pictiúirí gach uile neomat de gach uile lá…díobh féin den chuid is mó. Féach istigh i Sceilg Mhichíl iad. Chuirfidís an tonn taoscaigh ar na gainéid féinig. WTF nó OPW…mar a chéile iad.