‘This is what this country has succumbed to’ – an oíche caite ag leanaí gan dídean ar chathaoireacha i stáisiún Gardaí

Tuairiscítear go raibh an oíche aréir ar cheann de na hoícheanta ba mheasa riamh maidir le líon na dteaghlach gan dídean a bhí ag cuardach lóistín i mBaile Átha Cliath

‘This is what this country has succumbed to’ – an oíche caite ag leanaí gan dídean ar chathaoireacha i stáisiún Gardaí

Tá pictiúr á scaipeadh go mear ar líne de sheisear leanaí agus a máthair ina gcodladh ar chathaoireacha crua i stáisiún Gardaí Thamhlachta, agus tuairiscí ann go raibh an oíche aréir ar cheann de na hoícheanta ba mheasa riamh maidir le líon na dteaghlach gan dídean a bhí ag cuardach lóistín i mBaile Átha Cliath.

Idir bliain agus 11 bliain d’aois atá na leanaí sa phictiúr.

Dúirt an Garda Síochána gur tháinig na leanaí agus a máthair go dtí an stáisiún i dTamhlacht aréir “mar nach raibh aon áit eile le dul acu”.

“Ghlaoigh baill den Gharda Síochána ar na línte ar fad atá ag na seirbhísí éigeandála do dhaoine gan dídean agus ar roinnt óstán áitiúil ach ní raibh aon lóistín ar fáil.

“Thug na Gardaí a bhí ar dualgas  aire don teaghlach le linn na hoíche agus tugadh bricfeasta te dóibh ar maidin i Stáisiún an Gharda Síochána i dTamhlacht. D’fhág an teaghlach an stáisiún Gardaí ó shin agus tá siad ar a mbealach go dtí rannóg tithíochta Chomhairle Contae Átha Cliath Theas,” a dúradh i ráiteas ó na Gardaí.

Dúirt an Fheidhmeannacht um Dhaoine ar Easpa Dídine i Réigiún Bhaile Átha Cliath (DRHE) go raibh líon na ndaoine a bhí ag cuardach cóiríocht éigeandála aréir níos airde ná mar a bhí riamh agus gur phléigh siad aréir le deich dteaghlach nach raibh in ann teacht ar lóistín.

Dúradh i ráiteas ón DHRE go raibh na seirbhísí do dhaoine gan dídean nach mór ag an bpointe go gclisfeadh ar fad orthu mar gheall “ar an bhfás leanúnach gach mí ar líon na ndaoine gan dídean”.

“Eisceacht” a bhí san oíche aréir, a dúirt an DHRE, ach léiriú ab ea é ar ghéarchéim “atá ag dul in olcas” agus a bhfuil “rabhadh” á thabhairt acu don Rialtas ina taobh “le breis is dhá bhliain anuas”.

Dúirt Anthony Flynn ó Inner City Helping Homeless, gur údar “uafáis” agus “náire” a bhí sa scéal.

“Seo mar atá againn sa tír seo anois, seo mar a chaitheann seirbhísí do dhaoine gan dídean lenár leanaí. Tá uafás an domhain orm,” a dúirt Flynn. Dúirt sé gur cuireadh ocht dteaghlach go dtí stáisiúin Gardaí aréir mar nach raibh aon áit eile ar fáil dóibh.

Fág freagra ar '‘This is what this country has succumbed to’ – an oíche caite ag leanaí gan dídean ar chathaoireacha i stáisiún Gardaí'

  • Murchadh

    Is bocht an scéal é go deimhin. Ach tá freagracht ar thuismitheoirí freisin GAN leanaí a thabhairt ar an saol nuair nach bhfuil ina gcumas críoch cheart a chur orthu. Tuigim gur ceist an-choigilteach í seo ach ní miste í a ardú. Saolaítear an-chuid páistí agus gan i ndán dóibh ach an ainnise agus a fhios sin go maith ag na tuismitheoirí roimh ré go ró-mhinic. Ní fhéadfá ‘grá’ a thabhairt air sin. Is gá fuineadh d’réir na mine. Caithimid go maith LEIS na boicht sa tír seo ach ní féidir cóiríocht a thabhairt do gach uile dhuine atá ag éalú thar teorainn isteach. Is córas briste neamhinniúil atá sa tír seo go háirithe mar le tithíocht de agus tá mórán Éireann daoine thíos leis. Agus na húdaráis ábhartha ag cacadh ar na huibhe. Nílimid in ann sinn féin a rialú mar is cóir nó níl an toil ann chuige. Tá greim docht daingean ag dream beag ar rachmas na tíre agus dorn iata acu. Tugadh an rachmas sin ar láimh dóibh. Cé thugann an chumhacht sin don mbunaíocht? Cé méid a d’íocamarna, cáiníocóirí, as lóistín oíche 5 réalt don Uachtarán le déanaí? Cá hionadh nach áil leis fágáil! Ara éist.

  • Murchadh

    ‘ceist chigilteach’

  • Murchadh

    €3000 in aghaidh na hoíche a íocadh ar lóistín don Uachtarán.