‘They’ve broken out the Gaeilge. It’s senior fuc*ing hurling now lads’ – an Ghaeilge ar Prime Time

Deineadh go leor cabaireachta faoin argóint as Gaeilge idir Liadh Ní Riada agus Micheál D Ó hUigínn ar dhíospóireacht uachtaránachta RTÉ, agus ba léir gur thaitin an dátheangachas le mórán

‘They’ve broken out the Gaeilge. It’s senior fuc*ing hurling now lads’ – an Ghaeilge ar Prime Time

Cé gurb í tuairim na coitiantachta ná nach raibh mórán brí ná anam i ndíospóireacht uachtaránachta na hoíche aréir ar Prime Time RTÉ, tugadh an-suntas ar na meáin shóisialta don phaiste cainte as Gaeilge a rinne Liadh Ní Riada agus Micheál Ó hUigínn.

Deineadh go leor cabaireachta faoin argóint as Gaeilge faoi uachtaráin a bheith ag tabhairt óráidí i dTithe an Oireachtais agus ba léir gur thaitin an dátheangachas le tráchtairí na meán sóisialta.

Mheas daoine eile gurbh amhlaidh go raibh níos mó beochta san argóint nuair a d’iompaigh an bheirt ar chéad teanga oifigiúil na tíre.

Níor mhair an comhrá as Gaeilge i bhfad, áfach, rud a thuar an craoltóir Gormfhlaith Ní Thuairisg ó RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Fág freagra ar '‘They’ve broken out the Gaeilge. It’s senior fuc*ing hurling now lads’ – an Ghaeilge ar Prime Time'