‘They tried to stop the lights!’ – Bunny Carr agus bunú Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta

Agus an t-iarláithreoir Bunny Carr tar éis bháis in aois a 91 bliain, tugtar chun cuimhne an ceangal cinniúnach idir ‘Quicksilver’, an clár is mó a luaití leis, agus dán na Gaeltachta

‘They tried to stop the lights!’ – Bunny Carr agus bunú Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta

Mhúscail scéala báis Bunny Carr, an t-iarláithreoir teilifíse agus fear caidreamh poiblí, cuimhní i gConamara inniu ar cheann de na heachtraí ba chinniúnaí i stair na Gaeltachta.

Tharla an eachtra sin ar an 18 Márta 1969 nuair a rinneadh agóid i gcoinne thaifeadadh an chláir Béarla Quicksilver i dTeach Furbo i nGaeltacht Chonamara.

Chuir lucht agóide stop le taifeadadh dhá chlár sa tsraith aitheanta, a bhíodh á cur i láthair ag Carr, mar agóid i gcoinne a leithéid a bheith á dhéanamh i mBéarla sa Ghaeltacht agus i gcoinne a laghad Gaeilge a bhíodh ar RTÉ.

Chuir an agóid dlús le bunú Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus leis na feachtais arbh é a dtoradh ná bunú Raidió na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus, lá níos faide anonn fós, Teilifís na Gaeilge. 

D’éirigh le ceathrar den lucht agóide – Seosamh Ó Cuaig, Tadhg Ó Curraidhin, Joe Steve Ó Neachtain agus Tomás Ó Neachtain – ticéad a fháil le bheith sa lucht féachana do thaifeadadh na gclár agus thóg siad clampar istigh fad is a bhí an chuid eile den bhuíon taobh amuigh de Theach Furbo i mbun picéid. Bhí suas le seachtó duine páirteach san agóid tráthnóna fliuch fuar feanntach Máirt agus comharthaí ar iompar acu ar a raibh manaí amhail ‘An Ghaeltacht R.IP. ag R.T.E’.

Bhí 12 Garda ar dualgas lasmuigh den óstán agus iad ag fanacht le lucht na hagóide a mháirseáil an leathmhíle ó shéipéal na bhForbacha go dtí an t-óstán, mar ar bhronn siad ráiteas ar fheidhmeannaigh de chuid RTÉ. Agóid shíochánta a bhí inti nár chuir aon mhairg ar na Gardaí a bhí ar dualgas.

Dúirt Pádraig Ó Concheanainn, nach maireann, ball den chumann nua a bhí faoi anáil na gluaiseachta cearta sibhialta a bhí i mbarr a réime ar fud an domhain i ndeireadh na seascaidí, nach raibh uathu ach go dtabharfadh RTÉ cothrom na Féinne do mhuintir na Gaeltachta. Dúirt sé nach raibh san agóid “ach tús” maidir le cearta a bhaint amach do mhuintir na Gaeltachta.

Bunny Carr

Ar dhuine den cheathrar a chuir isteach ar thaifeadadh Quicksilver bhí Seosamh Ó Cuaig, duine de bhunaitheoirí Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie inniu, dúirt Ó Cuaig, a bhí 20 bliain d’aois tráth na hagóide, go raibh “lámh mhór” ag Bunny Carr i mbunú Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta.

“Shocraigh ceathrar againn dul isteach sa lucht féachana agus an clár a chur trína chéile. Thosaigh muid ag caint agus ag déanamh óráidí le linn an chláir. Ina dhiaidh sin, tháinig muid amach agus bhí cruinniú faoin aer againn taobh amuigh de Theach Furbo agus dúirt muid gurcheart rud éigin níos mó a chur ar siúl.

“Thart ar choicís ina dhiaidh sin, tháinig muid le chéile i Seanscoil an Chnoic, an áit ar thosaigh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta.  An-ghairid ina dhiaidh sin, shocraigh muid duine a chur chun cinn sa toghchán. Chuir muid Peadar Mac an Iomaire chun cinn agus bhí feachtas toghchánaíochta againn. D’éirigh leis níos mó vótaí a fháil ná Micheál D Ó hUigínn, a bhí ag seasamh do Pháirtí an Lucht Oibre i nGaillimh,” a dúirt Seosamh Ó Cuaig.

Dúirt Bunny Carr féin ag an am gur údar iontais dó an agóid.

“Ba é an plean a bhí againn ó thús ná rogha a thabhairt do na hiomaitheoirí na ceisteanna a bheith i nGaeilge nó i mBéarla. Níl bealach ar bith go mbeadh a fhios agamsa roimh ré an as an nGaeltacht an uile dhuine sa lucht féachana. Tagann iomaitheoirí na mílte fada chun freastal ar an seó.”

Thuill an eachtra go leor poiblíochta do chás na Gaeltachta agus don ghrúpa nua a bhí bunaithe ar éigean, Cumann Cearta Sibhialta na Gaeltachta.

‘They Tried to Stop the Lights!’ an cheannlíne a bhí ar an tuairisc faoin eachtra ar chéad leathanach an Cork Examiner, tagairt don nath cainte ba mhó a shamhlaítí le Quicksilver agus a láithreoir, ‘Stop the lights!’.

‘Airgead Beo?’ an ceannteideal a bhí ar thuairisc an Evening Press an lá dár gcionn.

‘A Galway group is crying ‘stop the lights’ in protest against RTÉ’s Quicksilver quiz show because an edition of it is being produced in English in the heart of the Gaeltacht,’ a dúradh san Evening Press.

Thacaigh eagraíochtaí teanga eile, ina measc Conradh na Gaeilge, leis an agóid agus eagraíodh agóidí eile i mBaile Átha Cliath, ag ceanncheathrú RTÉ in Montrose agus ag oifigí an chraoltóra ar Shráid Anraí.  Chuir Eagras na Gaeltachta ráiteas amach inar dúradh gur mhian leo a bheith luaite le hagóid Quicksilver.

“Go dtí seo, níor éirigh le Eagras na Gaeltachta ná eagraíochtaí eile a chur in iúl don Stát agus do na húdaráis áitiúla an dualgas atá orthu. Is cosúil anois go gcaithfimid ár n-éilimh a dhéanamh ar bhealach níos tréine.”

Ar an 23 Márta bhí cruinniú mór poiblí i scoil an Chnoic in Indreabhán, cruinniú ag ar leagadh síos spriocanna Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta.

Bhí Bunny Carr atá tar éis bháis agus é in aois a 91 bliain ar dhuine de na láithreoirí teilifíse ab aitheanta lena linn. 

Ba é a chuireadh i láthair Quicksilver agus cláir eile amhail Teen Talk, Going Strong, The Life GameThe PoliticiansThe Person in Question agus Encounter.

Bhunaigh sé ina dhiaidh sin an comhlacht caidreamh poiblí Carr Communications, ceann de na na chéad chomhlachtaí dá leithéid in Éirinn.

Fág freagra ar '‘They tried to stop the lights!’ – Bunny Carr agus bunú Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta'

  • murchadh

    Is géar a theastódh agóid mar sin inniu agus bánú na tuaithe faoi lántseoil. Nó an bhfuil ‘an solas múchta’ ar fad i measc na hóige?

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Bhí agóid eile 20 bliain ina dhiaidh sin sa teach céanna agus seó i mBéarla den chuid is mó á thaifeadadh ag RTÉ ann. Rinneamar é chun tacú leis an bhfeachtas go mbunófaí teilifís Ghaeilge.