‘The spokesman with the unpronounceable name’ – Gael eile maslaithe ag Barún Kilclooney

30 bliain tar éis dó an t-iriseoir Gearóid Ó Muilleoir a mhaslú mar gheall ar a ainm Gaelach, thug John Taylor an masla céanna do Ghael aitheanta eile

‘The spokesman with the unpronounceable name’ – Gael eile maslaithe ag Barún Kilclooney

Tá Gael aitheanta eile sa Tuaisceart i ndiaidh labhairt amach faoi na maslaí a thugtar dó toisc ainm Gaeilge a bheith air.

Bhí an tarcaisne a thugann daoine áirithe do dhaoine a bhfuil ainmneacha Gaeilge orthu i mbéal an phobail an tseachtain seo caite nuair a tuairiscíodh gur mhaslaigh an Barún Kilclooney, John Taylor, an t-iriseoir Gearóid Ó Muilleoir mar gheall ar ainm Gaelach a bheith air.

B’in tríocha bliain ó shin ach bhí an masla céanna anuraidh ag Barún Kilclooney do Ghaeilgeoir aitheanta eile, Aodhán Connolly, Stiúrthóir Chuibhreannas Miondíola Thuaisceart Éireann.

Tá Taylor go mór i mbéal an phobail ó thug sé ‘The Indian’ ar Kamala Harris, Leas-Uachtarán tofa na Stát Aontaithe.

Roinn Aodhán Connolly ar Twitter an masla a thug Taylor dó.

Dúirt Aodhán Connolly le Tuairisc.ie nár rud neamhghnách ar fad é masla John Taylor.

“Díreach cúpla seachtain ó shin dúirt duine ar Twitter fúm, You Can tell immediately because he has Gaelicised his name where his bias is, a dúirt sé

Dúirt sé nach nglacann sé ar chor ar bith leis na maslaí faoina ainm.

“Sin an t-ainm a thug mo thuismitheoirí dom agus an t-ainm atá scríofa ar mo theastas breithe. Ní ghlacaim leis gur ainm ‘do-ráite’ nó ainm é atá deacair le rá agus ní ceart go mbeadh fadhb ag duine ar bith le hainm duine eile,” a dúirt Aodhán Ó Conghaile le Tuairisc.ie.

Dúirt Aodhán Connolly go raibh plé ar siúl ar líne faoi mhargadh Breatimeachta Theresa May nuair a mhaslaigh John Taylor é.

“Rinne sé an rud ceannann céanna tríocha bliain ó shin nuair a mhaslaigh sé ainm Ghearóid Uí Mhuilleoir agus is olc an rud é nár tháinig athrú nó fás intinne air le linn na tréimhse sin.”

Dúirt Connolly nach raibh iontas ar bith air gur mhaslaigh Taylor Kamala Harris, leas-Uachtarán tofa na Stát Aontaithe “go poiblí”.

Dúirt Connolly go “léiríonn” na maslaí “go leor faoin fhear é féin seachas aon rud eile”.

“Is léir gur fear é atá sásta a bheith maslach faoi chultúr, faoi chine agus faoi theangacha daoine eile,” a dúirt Aodhán Connolly.

Mhaígh Taylor nach raibh ainm Kamala Harris ar eolas aige nuair a scríobh sé an tvuít agus nach raibh aon chiníochas i gceist.

Fág freagra ar '‘The spokesman with the unpronounceable name’ – Gael eile maslaithe ag Barún Kilclooney'

  • Breathnóir1

    Is duine uafásach amach is amach é John Taylor. Ní ball den UUP a thuilleadh é, sílim, ach bhí sé i measc phríomhpholaiteoirí an pháirtí ´mheasartha´ sin ar feadh na mblianta…

  • An Buachaill

    An bhfuil féith an ghrinn caillte ar fad ag na daoine ar na saolta seo? Ba chóra aisfhreagra deisbhéalach a thabhairt air in ionad a bheith ag geonaíl faoi “mhasla” cosúil le leanbh.

  • Mick

    ‘Féith an ghrinn’ – i ndáiríre? Cén fáth sa diabhal an molfadh aon duine peataireacht a dhéanamh ar Taylor tar éis a iompar gránna lenaúnach! Is ceart cáineadh géar a dhéanamh air!

  • Aodhagán Mac Coitir

    Bheinn féin den tuairim nár chóir an dara soicind a chaitheamh ag smaoineamh faoin truflais a thagann as béal aineolaí ciníoch dá leithéad ach amháin le bheith ag gáire faoi chomh cúngaigeanta ‘s atá sé.

  • Mícheál Ó hUanacháin

    N’fheadar cén tuairim atá ag Tiarna Chill Chluaine ar a theideal féin …