Thar am dul i ngleic leis an UVF in oirthear Bhéal Feirste

I bhfianaise an uafáis is déanaí, beifear ag súil níos mó ná riamh le toradh ar shaothar na bpóilíní i gcoinne an UVF agus an UDA

Thar am dul i ngleic leis an UVF in oirthear Bhéal Feirste

Cluineadh é go minic le linn na dTrioblóidí, ó dhaoine a bhí croíbhriste agus ó na húdaráis araon. ‘Seachain an díoltas, idir bhriathar is ghníomh. Ná ligimis do X bás a fháil in aisce, cuireadh an eachtra seo deireadh leis an uafás.’

Cluineadh an teachtaireacht chéanna arís Dé Luain in oirthear Bhéal Feirste ar shochraid Ian Ogle, dílseoir aitheanta agus oibrí pobail a maraíodh ar an tsráid ocht lá roimhe sin. D’ionsaigh cúigear fear é os comhair na gcomharsan lasmuigh dá theach i gceantar dílseach, Plás Chluana. Sádh sa droim é aon uair déag agus scoilteadh a bhlaosc. Bhí ministir ina fhochair nuair a ionsaíodh é agus tháinig a pháirtí, Vera, a mhac agus a iníon ar an láthair is é ag fail bháis. Chuir a fhíochmhaire is a bhí an t-ionsaí alltacht ar dhaoine agus fógraíodh ar mheáin shóisialta taobh istigh d’achar gearr gurb é ‘a thaobh féin’ a bhí freagrach as é a mharú – dílseoirí eile.

Dúirt an PSNI go raibh siad ag fiosrú tuairiscí faoi aighneas a tharla i dteach tábhairne sa chomharsanacht níos luaithe an oíche Dhomhnaigh sin. Bhí iníon an fhir mhairbh deimhin de gurbh iad an UVF a bhí ciontach. Dúirt sí go raibh na paraimíleataigh dhílseacha ag bagairt agus ag imeaglú an teaghlaigh le bliain go leith. Thug an UVF in oirthear na cathrach ordú dá hathair agus dá deartháir ‘coinne’ a dhéanamh le haghaidh ‘ionsaí pionóis’, a dúirt Toni Johnson- Ogle ach dhiúltaigh a hathair géilleadh dóibh. Bhí sé diongbháilte de go gcosnódh sé a chlann, ar sí.

Dúirt an ministir ar a shochraid, Kevin Sambrook, an fear a bhí ina chomhluadar nuair a ionsaíodh é, go bhfuair Ian Ogle bás go cróga ag cosaint na ndaoine faoina chúram. Ba mhó aige sábháilteacht a chlainne ná a bheatha féin, a dúirt Sambrook leis na céadta a d’fhreastail ar an tseirbhís.

Thug an UVF i mBéal Feirste thoir ráiteas do nuachtáin cúpla lá i ndiaidh na heachtra ag rá nach raibh aon bhaint acu leis an marú fuilteach agus nár deineadh thar a gceann é.

Maíodh i dtuairiscí ó shin go raibh beirt nó triúr ruaigthe as an UVF sa gceantar. Faoi am na sochraide Dé Luain bhí 11 gafa ag an PSNI ach naonúr scaoilte saor; ag an tráth sin bhí an bheirt ba dheireanaí a gabhadh fós á gceistiú.

Chuir brúidiúlacht agus mire an ionsaithe ar Ian Ogle olc ar go leor daoine sa cheantar. Caolseans gurb iad muintir Ogle an t-aon teaghlach sa chomharsanacht faoi dhiansmacht ag paraimíleataigh dhílseacha. Bhailigh slua mór, 2000 duine, ag láthair an ionsaithe le haghaidh bigil oíche Dé Céadaoin seo caite i gcuimhne ar ‘Big O’, mar a tugadh ar Ian Ogle. Teachtaireacht dá gcuid féin a bhí ann – go raibh barbarthacht na n-ionsaitheoirí do-ghlactha. Dúirt Toni Johnson Ogle go n-éireodh an pobal amach in aghaidh thíorántacht an UVF. “Bhíomar scanraithe rófhada,” ar sí, “ach anois tá a fhios ag daoine an íde a tugadh orainn agus de bharr mharú mo dheaide ní chuirfidh siad suas leis feasta”.

Caithfear a bheith ag súil go bhfuil an ceart aici ach is furasta é a rá ná é a dhéanamh. Bíonn riail na bparaimíleatach bunaithe ar fhaitíos a bheith ar dhaoine rompu.

Dúirt an UVF sa ráiteas sna nuachtáin nach mbeadh cosaint le fáil ag na marfóirí ón eagraíocht. An ionann sin agus a rá go dtabharfaidís faisnéis do na póilíní? Sin ceist.

Tá aonad speisialta den PSNI, tascfhórsa, a bhíonn ag déileáil le coiriúlacht na bparaimíleatach dílseach, an UVF, an UDA agus an RHC.

(Is ar MI5 atá cúram na n-easaontóirí poblachtánacha mar gur chontúirt do shlándáil an stáit iadsan). Maítear go coitianta go bhfuil a fhios ag cait an bhaile cé atá sna heagraíochtaí dílseacha – an UVF sa gcás seo – agus gur deacair mí-éifeacht an PSNI ina gcoinne a thuiscint.

Dúirt ceannfort an tascfhórsa, Bobby Singleton go gcuireann an UVF agus an UDA iachall ar dhaoine a bheith sna heagraíochtaí chun fiacha a ghlanadh – fiacha as drugaí nó iasachtaí cuir i gcás. Mar aisíoc bíonn ar dhaoine drugaí a dhíol, gunnaí a choinneáil nó faisnéis a bhailiú faoi dhaoine. Ansin coinnítear ceangal na gcúig gcaol orthu agus ní bhíonn siad in ann an eagraíocht a fhágáil, a dúirt sé.

Bíonn sé dodhéanta an eagraíocht a fhágáil agus buailtear nó scaoiltear baill in ionsaithe pionóis má bhíonn siad ag iarraidh éirí as.

Dúirt an Ceannfort Singleton go raibh líon mór daoine i gceantair dhílseacha páirteach san UVF nó san UDA agus go bhfuil an dá ghrúpa sin sáite i gcoiriúlacht ilchineálach; breathnaítear orthu mar dhronga coirpeach. Sin é dúshlán thascfhórsa an PSNI – an choiriúlacht sin a cheansú gan éinne a thabharfadh eolas dóibh a chur i mbaol. Ní léir go bhfuil dul chun cinn déanta go fóill, ach i bhfianaise an uafáis seo, a tharla ar bhealach chomh poiblí sin, beifear ag súil níos mó ná riamh le toradh ar shaothar na bpóilíní.

Fág freagra ar 'Thar am dul i ngleic leis an UVF in oirthear Bhéal Feirste'

  • Ruth

    Is tú is fearr a dúirt é, a Phóilín, “Caithfear a bheith ag súil go bhfuil an ceart aici”, ‘sé sin ag ‘níon an té a dúnmharaíodh nuair a deir sí go bhfuil seasamh an phobail in aghaidh na brúidiúlachta láidir. Ach is brónach an scéal go mbeadh duine ar bith ag iompú i dtreo/ ag dul i bhfiacha le coirpigh mar seo, in ionad eagrais stát agus é i dtrioblóid, rud a fhágann an teaghlach ar fad i mbaol! Tarlaíonn sin gach áit ar ndóigh ach nach taobh gránna den duine daonna é?