Thar am do bhuataisí geimhridh…

Bhí an geimhreadh agus an Nollaig ar a hintinn ag ár gcomhfhreagraí agus í ag lorg buataisí nua

Boots

Compordach, teolaí, faiseanta agus gan a bheith ródhaor – sin iad na ceithre cinn de thréithe a bhíonn á lorg agam agus mé ag ceannach péire maith buataisí don gheimhreadh. Ba mhaith liom go mbeidís praiticiúil le caitheamh le linn an lae ach sách galánta le go bhféadfaí iad a chaitheamh ag dul amach san oíche. Anois, ní maith liom séasúr na gcóisir Nollag a lua os ard fós agus gan mí na Samhna caite ach ní fada uainn anois é; bheadh buataisí deasa an-fheiliúnach do chóisirí oibre agus d’ócáidí sóisialta eile.

Seo chugaibh, mar sin, rogha de sheacht gcinn de phéirí buataisí a bhfuil, dar liom, rud éigin speisialta ag baint leo don séasúr romhainn.  


 

  1. 1Buataisí dubha a théann beagán níos airde ná na glúine. Bheidís seo go hálainn le gúna deas ag coisir Nollaig. Tá fáil ar a leithéid i gcuid mhaith siopaí éagsúla faoi láthair ach is iad an péire seo ó River Island ar €95 mo rogha féin; tá said beagán costasach ach sílim gur fiú an méid sin iad. 

  2. 2Buataisí rúitín le frainse. Bhí frainsí go mór sa bhfaisean le píosa anuas ar bhaill éadaigh ar nós gúnaí, sciortaí agus seaicéid leathair. Tá siad le feiceáil anois freisin ar bhuataisí rúitín; choinneodh an péire seo le dath dubh orthu ar €95 ó River Island compordach agus teolaí thú go dtiocfaidh séasúr an earraigh.

  3. 3Buataisí leathair ar stíl ‘western’. Ní chaithfidh tú a bheith i do bhuachaill bó le buataisí ar stíl ‘western’ a chaitheamh. Tá an péire a roghnóinnse an-chosúil leo sin a dhear Isabel Marant ach tá fáil orthu ar phraghas níos réasúnta. Dath amháin atá orthu – crón (tan nó taupe) – agus is svaeid ceart atá iontu seachas iarracht bhréige. Tá siad seo ar fáil i Zara ar phraghas €69.95.

  4. 4Buataisí ‘peep-toe’ le sáil oscailte. Ó shiopaí Office na buataisí seo ar a dtugtar Tyra agus má chaileann siad marcanna as gan a bheith teolaí, beidh buntáiste acu as a bheith faiseanta. Do chóisir nó d’oíche shóisialta iad seo seachas d’obair lae agus ní féidir a shéanadh ach go bhfuil siad galánta. Tá fáil orthu i ndath dubh chomh maith le mo rogha féin anseo, uachtar atá ar fáil ar £75.

  5. 5Buataisí ‘Ink Block heel’. Bhí cuaráin le bloc-sháil sa bhfaisean an samhradh seo caite agus seo forbairt bhreise ar an stíl chéanna. Tá siad seo praiticiúil agus faiseanta le chéile agus éasca le siúl iontu ar feadh an lae. Svaeid atá iontu seo ar dhath álainn liath a rachaidh go deas le héadaí dorcha geimhridh. Tá siad ar fáil ar £80, arís i siopaí Office.  

  6. 6Buataisí ‘Hope’ le pláta órga sáile. Tá dath deas neodrach glasbhuí (‘olive’) orthu seo agus an sáil órphlátáilte an-snasta ar fad. Tá gob géar orthu agus iad feiliúnach don lá nó don oíche. Tá praghas €98 orthu i Topshop.

  7. 7Buataisí rúitín ‘Be Mine’. Péire clasaiceach iad seo atá faiseanta i gcónaí. Measaim gur margadh iontach iad an péire álainn seo ar €52 ó shiopaí Topshop. Buataisí simplí dubha iad a bheadh an-snasta le caitheamh le gúna deas agus seaicéad leathair. Dá gcaithfinn péire amháin a roghnú a shásódh gach ceann de na ceithre slata tomhais a luaigh mé ar dtús – compordach, teolaí, faiseanta agus gan a bheith ródhaor – mheasfainn gur acu seo a bheadh an bua i ndeireadh na dála.

Fág freagra ar 'Thar am do bhuataisí geimhridh…'