‘Thar am d’athbhreithniú ar oiliúint na múinteoirí Gaeilge sa tír’ – Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta

Deir Anna Ní Ghallachair gur údar imní é caighdeán an teagaisc sa Ghaeilge a chuirtear ar fáil i scoileanna ar fud na tíre agus gur ‘ceist eitice’ don Stát an bealach a múintear an Ghaeilge

‘Thar am d’athbhreithniú ar oiliúint na múinteoirí Gaeilge sa tír’ – Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta

Deir Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta go bhfuil sé “thar am” athbhreithniú a dhéanamh ar an oiliúint a chuirtear ar mhúinteoirí i múineadh na Gaeilge agus go bhfuil dualgas ar an stát an caighdeán teagaisc is fearr don teanga a chur ar fáil sna seomraí ranga.

Dúirt Anna Ní Ghallachair, a bhfuil blianta caite aici ag obair i réimse an oideachais, gur údar imní é an caighdeán teagaisc sa Ghaeilge a chuirtear ar fáil i scoileanna ar fud na tíre agus gur gá dul i ngleic leis trí oiliúint cheart a thabhairt d’ábhar oidí sa teanga.

Bhíodh Ní Ghallachair ina Stiúrthóir ar Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad agus ina Ceann ar Scoil an Léinn Cheiltigh san ollscoil sula ndeachaigh sí ar scor ag tús na bliana.

Agus í ag labhairt ag seoladh eagrán na Nollag den iris Comhar, dúirt Ní Ghallachair go raibh an locht a bhaineann le teagasc agus foghlaim na Gaeilge léirithe i dtaighde a rinne an Roinn Oideachais féin. Ag díriú ar chás na mbunscoileanna, thagair sí do thuarascáil a d’fhoilsigh an Príomhchigire sa Roinn Oideachais in 2018.

Dúradh sa tuarascáil, a bhain leis na blianta 2013-16, go raibh na torthaí don Ghaeilge “i bhfad níos diúltaí ná iad siúd don Bhéarla nó don Mhatamaitic” agus tugadh le fios gur ag dul in olcas a bhí cúrsaí maidir le foghlaim na Gaeilge.

Cé go raibh cáilíocht na foghlama sa Ghaeilge ‘An-mhaith’ (12%) nó ‘Go maith’ (60%) i bhformhór na mbunscoileanna a ndearnadh meastóireacht orthu, bhí caighdeán ‘Níos lú ná sásúil’ i gceist le 28%, figiúr atá ina “údar imní” dar le Ní Ghallachair agus í den tuairim go bhféadfadh sé gi bhfuil cúrsaí éirithe níos measa ó shin.

Dúirt Ní Ghallachair gur fhág an ganntanas múinteoirí atá anois ann go raibh scoileanna ag brath ar dhaoine nach raibh cáilithe chun ionadaíocht a dhéanamh. “Seans maith, mar sin, gur níos diúltaí a bheidh an chéad tuarascáil eile.”

Mhaígh Ní Ghallachair gur “céim mhór chun tosaigh” a bhí i mbunú an B. Oid Trí Mheán na Gaeilge in Institiúid Oideachais Marino agus an M. Oid san Oideachas Lán-Ghaeilge & Gaeltachta i gColáiste Mhuire Gan Smál le blianta beaga anuas ach gur cúrsaí trí mheán an Bhéarla a dhéanann an chuid is mó de mhúinteoirí agus nach leor an teagasc sa Ghaeilge a chuirtear ar fáil i roinnt acu.

“Tá cuid de na bunchéimeanna san oideachas bunscolaíochta nach bhfuil mórán le cois 40 uair an chloig teagaisc sa Ghaeilge thar cheithre bliana i gceist iontu, móide dhá thréimhse coicíse sa Ghaeltacht. Ciallaíonn sé seo go mbeadh [na hábhar oidí] ag déanamh go maith dá n-éireodh leo an caighdeán Gaeilge a bhí acu ag déanamh na hArdteistiméireachta dóibh a choinneáil.”

Dúirt Ní Ghallachair go raibh “ceist eitice” ann i dtaobh an stáit agus an bealach a múintear an Ghaeilge sna scoileanna ar fud na tíre.

“Ós rud é go bhfuil an Ghaeilge éigeantach, agus ba chóir go mbeadh, tá dualgas ar an stát an teagasc is fearr a chur ar fáil sa seomra ranga agus gan an Ghaeilge a fhágáil in áit na leathphingine. Tá sé thar am athbhreithniú a dhéanamh ar oiliúint na múinteoirí Gaeilge sa tír. Mar a chuirfeas muid, a bhainfeas muid.”

Dúirt Ní Ghallachair go raibh go leor polasaithe agus straitéisí chun an Ghaeilge a chur chun cinn “atá ar leibhéal níos airde ná aon rud a tharla roimhe sin” curtha i bhfeidhm le 15 bliain anuas ach go bhfuil oiliúint na múinteoirí “mar bhunchloch do thionscadal na Gaeilge”.

Luaigh Ní Ghallachair freisin na hathruithe atá beartaithe ar scrúdú Gaeilge na hArdteiste. Dúirt sí gur thacaigh sí leis na moltaí a bhí déanta ag grúpa oibre a i gcoinne na n-athruithe atá molta ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) agus luaigh sí ceann de na moltaí a rinneadh i bplécháipéis a foilsíodh, sin go gcuirfí sonraíochtaí ar fáil ag Bonnleibhéal, Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal, chomh maith le hábhar nua a fhorbairt, Saíocht agus Litríocht na Gaeilge.

Fág freagra ar '‘Thar am d’athbhreithniú ar oiliúint na múinteoirí Gaeilge sa tír’ – Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta'

  • Lillis Ó Laoire

    Béal na céille.

  • EDR

    Bhfuil sí ag caint thar cheann Údarás na Gaeltachta ar seo? Mar tá neart rudaí eile a bhféadfadh sí labhairt futhu agus ní bhíonn smid uaithi ná uaidh aon duine eile san Údarás.

  • Niall Ó Flaithbheartaigh

    Níl aon nuaíocht sa mhéid sin, ach is maith an ní é bheith ráite os ard. Ach gan amhras ní fadhb í seo a bhaineann le h-oiliúint mhúinteoirí bunscoile amháin.