Thar am ag an rialtas smacht a chur ar Facebook

Dhá bhliain ó shin mhol an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí go gceapfaí Coimisinéir um Shábháilteacht Dhigiteach le cód iompair a dhréachtú agus a chur i bhfeidhm ach níl tada déanta ó shin ach caint

Thar am ag an rialtas smacht a chur ar Facebook

Tá a fhios againn go léir, fiú gan é a lorg, go bhfuil ábhar gránna ar an idirlíon. Tá a fhios ag ár bhformhór freisin nach féidir cinsireacht a chur i bhfeidhm sa ré dhigiteach mar a cuireadh i bhfeidhm í fadó.

Admhaíonn gach duine stuama nach féidir na meáin shóisialta a ghlanadh go hiomlán ná a choinneáil glan go hiomlán. Ní hionann sin, áfach, agus a rá nár cheart dul i ngleic le himeaglú agus le dúshaothrú gnéasach agus le coireanna de shaghas ar bith eile.

Léirigh clár a craoladh ar Channel Four Dé Máirt an neamhthoil a bhí ann ábhar scanrúil a cuireadh ar chuntais éagsúla ar Facebook a bhaint de. Dúradh le hiriseoir, a bhí faoi oiliúint ag comhlacht Éireannach a dhéanann maoirseacht thar ceann Facebook, gan ábhar inar taispeánadh mí-úsáid pháistí agus ainmhithe, mar shampla, a chur as.

Ní foláir cuimhneamh go ndearnadh na socruithe thuas tar éis do dhaoine gearáin a dhéanamh faoin ábhar a bhí á bhreithniú a bheith mí-oiriúnach.

An bhliain seo caite cuireadh grianghraf d’fhear ar chuntas Facebook KILDARE NOW. Níorbh é ainm an fhir a bhí sa ghrianghraf a cuireadh thíos faoi ach ainm fear a ciontaíodh i gcoireanna gnéis.

B’éigean don fhear neamhchiontach ar foilsíodh a ghrianghraf dul i bhfolach go dtí gur tháinig na Gardaí i gcabhair air. Tógadh síos an grianghraf den chuntas níos deireanaí, tar éis dó gearán a dhéanamh. Níor theastaigh uaidh dul chun dlí ach chuir sé a chás faoi bhráid Chomhairle Preasa na hÉireann.

Ní raibh an Chomhairle ábalta a chás a fhiosrú toisc nach gclúdaíonn a gcúram reachtúil ach nuachtáin agus láithreáin nuachta ar an idirlíon. Mhol an Chomhairle mar sin go gcuirfí iachall ar leithéidí Facebook foras neamhspleách a bhunú chun déileáil le gearáin.

Sa chás nach gcuirfí a leithéid ar bun, mhol an Chomhairle don rialtas go gcuirfí láithreáin na meán sóisialta faoi smacht chóras náisiúnta nó córas idirnáisiúnta.

Dhá bhliain ó shin, chun déileáil leis an bhfadhb chéanna cuireadh moladh níos doimhne agus níos tomhaiste faoi bhráid an rialtais.

Mhol an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí go gceapfaí Coimisinéir um Shábháilteacht Dhigiteach a mbeadh sé de cheart aige/aici cód iompair a dhréachtú agus a chur i bhfeidhm.

Tá córas dá leithéid bunaithe cheana féin san Astráil agus sa Nua-Shéalainn, mar a mhínigh an Coimisiún i dtuairisc atá ar fáil anseo. http://www.lawreform.ie/news/report-on-harmful-communications-and-digital-safety.683.htm

Tá míshásamh an rialtais curtha in iúl do Facebook ag an Aire Cumarsáide Denis Naughten agus tá feabhsú ar an gcóras maoirseachta geallta, arís eile, ag an gcomhlacht. Tá ráite ag an Taoiseach gur chóir réiteach na faidhbe a fhágáil faoin gcomhlacht agus faoi chomhlachtaí eile na meán sóisialta.

Tá dearcadh an rialtais cáinte ag páirtithe an fhreasúra. Aontaíonn siad le hurlabhraí Fhianna Fáil ar ghnóthaí cumarsáide, an Teachta Dála Timmy Dooley a dúirt gur léir faoin tráth seo nach bhfuil féinrialáil na meán sóisialta éifeachtach.

Teastaíonn Coimisinéir um Shábháilteacht Dhigiteach (mar a mhol an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí dhá bhliain ó shin) go géar, dar le Dooley.

Dúirt dlíodóir a bhfuil saineolas aici ar laige an chórais ghearáin leis an gcolún seo le gairid go bhfuil leisce ar an rialtas dlí a thabhairt isteach a chuirfeadh as do Facebook agus do chomhlachtaí móra atá lonnaithe sa tír seo.

“B’fhearr leis an rialtas cosaint níos éifeachtaí ar chearta an duine a shíorphlé leis an earnáil dhigiteach,” a dúirt sí, “seachas iachall a chur orthu cloí le caighdeán ceart cosanta.”

Is deacair a shamhlú go mbeidh an rialtas ábalta feabhsú éigeantach ar an gcóras cosanta digiteach a chur ar an méar fhada ar feadh i bhfad eile. Mura gcuireann móramh Dála nó polasaí Eorpach iachall orthu gníomhú, déan talamh slán de go dtiocfaidh scéal náireach eile chun solais sula i bhfad.

Fág freagra ar 'Thar am ag an rialtas smacht a chur ar Facebook'

  • Learrai

    Abair linn cen fath a nglacann daoine pairt sa truflais sin .i. ‘Facebook’? Cen sasamh a fhaigheann daoine ann? Ni thuigim. Cen buntaiste ata ag Facebook thar an rphost, na Twitters, an Instagram (focal granna), no an litir fein? Ni thuigim. An leiriu e ‘Facebook’ ar shuarachas, ar urchoid an duine? Saothraionn na fiontair sin na billiuin airgid da mbunaitheoiri ach deanann siad eagoir uafasach ar mhoran daoine neamh-urchoideacha (feach an sampla thuas)…….Seoltar raflai amach nach bhfuil bunus da laghad leo (feach thuas). Cen chaoi a bhfeadfadh se sin a bheith ceart? Cen chaoi a gceadaitear e sin? Ni thuigim!