Agus mé ag déanamh mo bhealaigh isteach go Páirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh seo caite, b’ionann an phaidir a bhí agam féin agus chuile dhuine eile a chas orm nach raibh feisteas spéirghorm de chineál éicint orthu – b’in go mbeadh faobhar agus goimh éicint ag baint le coimhlint mhór an lae idir Tír Eoghain agus Áth Cliath. Ainneoin a gcuid teanntáis ní chreidim go raibh muintir chontae Uí Néill chomh dóchasach agus a bhíodar ag ligean orthu féin.
A dhath de mhilleán ní leagfainn orthu – is é an scéal céanna a bheadh ag lucht leanta 30 contae eile na tíre dá mba iadsan a bheadh ina mbróga.
Beagán faoi bhun leathuaire a mhair an freastal a rinneadh ar ár nguí – ba é Dean Rock a fuair an scór ba thúisce ceart go leor, ach ina dhiaidh sin chothromaigh Peter Harte. Faoi dhó a rinne Stephen Cluxton praiseach dá chic amach – chuir Mark Bradley na Tuaisceartaigh chun cinn de bharr an chéad chinn agus thar an taobhlíne a chuaigh an dara ceann. Ansin fuair Conor McAliskey dhá chúilín agus Tiernan McCann ceann.
Ba léir nach raibh lánchúlaí Átha Cliath Cian O’Sullivan lán-aclaí agus ag ceann eile na páirce chuir John Small, Jack McCaffrey agus Rock deiseanna éasca go leor amú agus chaith foireann Jim Gavin os cionn ceathrú huaire gan scór.
Ba chosúil an t-ádh a bheith ag siúl leo siúd a bhí ag súil le coimhlint bhreá.
Ach ansin mar a déarfadh Micheál Mac Donnchadha ar RnaG fadó “tháinig fabht ar an líne” agus d’éirigh Dia na Peile as a bheith ag tabhairt cluas dár n-achainí.
San 18ú nóiméad agus é ag aithris ar Usain Bolt, mar is minic leis, ghearr Jack McCaffrey síos an pháirc agus scóráil cúilín agus ba é an tréimhse ghairid a lean sin a chuir caidhp an bháis ar aon cheapadh gur ina suí ar chipíní a bheadh muid i bhfad eile.
Cúl as cic éirice, dhá chúilín ag Rock as cinn shaora agus an liathróid san eangach ag Niall Scully tar éis gluaiseacht ina ndearna Con O’Callaghan an obair.
Is fíor gur laghdaíodh an farasbarr 7 gcúilín a bhí ag Áth Cliath ag leath ama geábh nó dhó, ach b’fhacthas dom a luaithe agus a chuircic éirice Mannion bolg ar an eangach go mb’in sin.
Agus mé ag breathnú ar an bPeil Ghaelach le hos cionn trí scór bliain anois ní fhaca mé riamh dream a bhíonn chomh mór sin ar a gcompord agus a bhíonn foireann seo Jim Gavin. Foighid an tréith thábhachtach eile a fhágann gurb iad an fhoireann is fearr dá raibh riamh ann. Fiú agus iad ag imirt chomh maith agus atá iontu, bíonn sé le tuiscint uathu go bhfuil ar a gcumas dul céim níos airde ná sin sa gcás to dteastódh sin. Rud é sin nach bhfuil feicthe go dtí seo agam ó aon fhoireann eile.
Is é a chuireann an bealach a leagann siad amach obair an lae i gcuimhne dom ná an córas faoina dtugadh muid faoi na míreanna mearaí (jigsaw) a d’fhágadh Deaidí na Nollag againn sna stocaí fadó – cinn na gcoirnéal ar dtús, ansin iad siúd a raibh taobh díobh díreach go dtáinig an t-am i ngar don deireadh go mba léir cén áit a bhí leagtha amach don dornán a bhí fágtha.
Tomhaiste, cúramach, córasach, paiteanta agus thar rud ar bith eile, éifeachtach.
Seachas an dá chic amach sin ná shroich a spriocanna, ba i lámha imreoir de chuid Áth Cliath a chríochnaigh an 29 cic eile acu a thóg Cluxton le linn an 81 nóiméad a imríodh – tomhaiste.
Sna hocht cluiche craoibhe atá imeartha acu i mbliana bhí gach imreoir as Áth Cliath a thug faoi scór laistigh de líne 45m a gcéilí comhraic, an rud a bhfuil ‘minimum risk brand of football’ baiste ag lucht an Bhéarla air – cúramach.
I ngach ceann de na cluichí craoibhe sin bhí ar a laghad 55% den tseilbh ag na Dubs – paiteanta.
Ní gá dom a n-éifeacht a mhíniú. Seasann sin ar a dhá chois féin.
Is gearr anois go suífidh roghnóirí na All Stars síos go bpiocfaidh siad foirne peile agus iomána an tséasúir. Ar baillín beag chuaigh mé sa tóir ar fhoireann a roghnaigh Pat Spillane agus an Sraithchomórtas Náisiúnta buaite ag Áth Cliath ag deireadh an earraigh. Cúigear acu a bhí ainmnithe – Johnny Cooper, James McCarthy, Brian Fenton, Ciarán Kilkenny agus Niall Scully, ceathrar Gaillimheach, beirt Chonallach, mar aon le imreoir amháin as Muineachán, Tír Eoghain, Maigh Eo agus Cill Dara.
Is taobh le hÁth Cliath (1977) agus Ciarraí (1981) a bhfuil sé le rá go mba acu ba mhó a bhí peileadóirí ar fhoirne Réalta na Bliana, naonúr. An figiúr sin arís a bhronnfainn ar sheaimpíní na bliana seo.
Tá seisear acu ar m’fhoireannsa faoin am a dtagaim chomh fada le lár na páirce. Is iad Karl O’Connell Mhuineacháin, Pádraig Hampsey Thír Eoghain agus Eoin Bán Gallagher na gCealla Beaga na cúlaithe eile a fheicim san áireamh mar réaltaí.
Cuirfear claontacht i mo leith mar go bhfuil Damien Comer na Gaillimhe ar mo liosta. Beidh Kilkenny, Mannion agus Howard ar gach foireann mar aon le Conor McManus, an tosach den seandéanamh ab fhearr in 2018. Fágann sin gurb iad Comer, Michael Murphy agus David Clifford atá agam don an dá áit dheireanacha.
Ba é Comer, níos mó ná aon duine eile, ba chúis le feachtas na Gaillimhe sa tSraith agus cé gur chaill sé roinnt dá éifeacht le linn na craoibhe, tugaim mo vóta dó ar éigean.
Is iad na cluichí ‘Sár-8’ a shaothraigh a phaisinéireacht do Clifford. Ní bhfuair sé ach 0-2 ar meán i gCluichí na Sraithe agus 0-3 as an imirt i gCraobh na Mumhan, áit ar scóráil Ciarraí 3-50. Fós , leis féin nach mór, ba bheag nár chinntigh a chuid scórála in aghaidh na Gaillimhe (1-5), Mhuineacháin (1-3) agus Chill Dara 2-6) áit dóibh i mbabhtaí leathcheannais na hÉireann.
Foireann na Bliana
-
Stephen Cluxton (Áth Cliath)
-
Johnny Cooper (Áth Cliath)
-
Pádraig Hampsey (Tír Eoghain)
-
Eoin Bán Gallagher (Dún na nGall)
-
Karl O’ Connell (Muineachán)
-
Eoin Murchan (Áth Cliath)
-
Jack McCaffrey (Áth Cliath)
-
Brian Fenton (Áth Cliath)
-
James McCarthy (Áth Cliath)
-
Brian Howard (Áth Cliath)
-
Ciarán Kilkenny (Áth Cliath)
-
Paul Mannion (Áth Cliath)
-
David Clifford (Ciarraí)
-
Damien Comer (Gaillimh)
-
Conor McManus (Muineachán)
Seán Mistéil
Go maith tomhaiste do bhreithiúnas féin, a Mhártain – ar an gcluiche, agus le foireann na bliana.