TG4@20: Tacaíocht fhorleathan do TG4 20 bliain i ndiaidh a bhunaithe de réir pobalbhreith nua

De réir pobalbhreith nua Tuairisc.ie/Kantar Millward Brown creideann formhór mór an phobail gur cuid thábhachtach de shaol na hÉireann TG4 agus tá 69% den tuairim gur maith is fiú an t-airgead a chaitear ar an stáisiún

TG4@20: Tacaíocht fhorleathan do TG4 20 bliain i ndiaidh a bhunaithe de réir pobalbhreith nua

TG4 at 20Léiríonn pobalbhreith nua de chuid Tuairisc.ie go bhfuil tacaíocht fhorleathan i measc an phobail do TG4 agus an stáisiún ag ceiliúradh 20 bliain a bhunaithe anocht.

Agus bunú an stáisiúin Oíche Shamhna 1996 á chomóradh ag TG4, tabharfaidh torthaí na pobalbhreithe a dhein Kantar/Millward Brown do Tuairisc.ie údar ceiliúrtha breise do lucht páirte na teilifíse Gaeilge.

De réir na dtorthaí, tá 73% den phobal den tuairim gur “cuid thábhachtach de shaol na hÉireann” an stáisiún Gaeilge agus creideann 69% díobh sin a ceistíodh gur maith is fiú an t-airgead a caitheadh ar TG4 le 20 bliain anuas.

Sular bunaíodh Teilifís na Gaeilge cothrom an ama seo 20 bliain ó shin, mhaígh roinnt tráchtairí aitheanta a bhí i gcoinne bhunú na seirbhíse gur ‘cur amú airgid’ a bhí ann, ach scór blianta ina dhiaidh sin is léir nach n-aontaíonn an pobal leo.

Tá tacaíocht láidir ag an stáisiún i measc gach aicme den phobal, ach is iad na feirmeoirí is mó gean ar fad ar an stáisiúin agus beagnach naonúr as gach deichniúr feirmeoirí den tuairim gur chuid thábhachtach den saol é TG4. Tá tacaíocht láidir don stáisiún chomh maith ina measc siúd atá os cionn leathchéad bliain d’aois agus i measc mhuintir na tuaithe.

Léiriú eile ar mheas an phobail ar an stáisiún agus ar a láidre is atá a bhranda ná nár easaontaigh ach 8% de lucht freagartha na pobalbhreithe leis an áiteamh gur cuid lárnach de shaol na hÉireann é TG4. Níor easaontaigh go láidir ach 2% díobh siúd a ceistíodh.

Níor easaontaigh ach 10% leis an áiteamh gurbh fhiú go maith an t-airgead atá caite ar TG4 ó 1996 i leith.

TG4-Graph-2

Dea-scéal iad na torthaí don stáisiún, dar le Paul Brown ó Millward Brown.

“Is minic moladh tugtha do TG4 as meon diúltach daoine i leith na Gaeilge a athrú. Léiríonn torthaí na pobalbhreithe seo ó Tuairisc.ie / Kantar Millward Brown an dea-thoil atá don stáisiún, an tuiscint fhorleathan go bhfuil fiúntas ag baint leis, agus léiríonn siad go háirithe a láidre is atá branda TG4 i margadh teilifíse atá ag éirí níos scoilte,” a dúirt Paul Moran of Kantar Millward Brown.

Deineadh an obair thaighde do phobalbhreith Tuairisc.ie/Kantar Millward Brown idir an 8 agus an 20 Deireadh Fómhair agus cuireadh 1,024 agallamh pearsanta ar na rannpháirtithe in 64 áit samplála ar fud Phoblacht na hÉireann. 

Cuireadh agallamh pearsanta ar na rannpháirtithe sa bhaile agus deineadh an phobalbhreith le sampla ionadaíoch i measc daoine 15+ bliain d’aois.

+/-3.1% an lamháil earráide don phobalbhreith seo.

Foilseofar tuilleadh torthaí ó phobalbhreith Tuairisc.ie/KANTAR-Millward Brown sna laethanta amach romhainn.

Fág freagra ar 'TG4@20: Tacaíocht fhorleathan do TG4 20 bliain i ndiaidh a bhunaithe de réir pobalbhreith nua'

  • Gearóid Ó Máille

    Deá scéal – ach ar cuireadh an cheist i nGaeilge? Má cuireadh bhí an pobal claonta.