Teipthe ar Roinn na Gaeltachta míniú a thabhairt ar dhoiléire faoi líon na bhfolúntas ar Bhord an Údaráis

Seacht gcinn d’fholúntais ar Bhord Údarás na Gaeltachta a fógraíodh go poiblí le roinnt seachtainí, ach níl ach cúig fholúntais ann

Teipthe ar Roinn na Gaeltachta míniú a thabhairt ar dhoiléire faoi líon na bhfolúntas ar Bhord an Údaráis

Cúig cinn d’fholúntais atá ar Bhord Údarás na Gaeltachta, seachas seacht gcinn mar a fógraíodh go poiblí le roinnt seachtainí anuas.

Seacht gcinn d’fholúntais a bhí luaite san fhógra a cuireadh in airde ar shuíomh State Boards an mhí seo caite, ach dheimhnigh Roinn na Gaeltachta do Tuairisc nach bhfuil ach cúig fholúntas ann.

Tharraing Tuairisc aird na Roinne ar an neamhréir idir líon na bhfolúntas ar an mbord agus líon na bhfolúntas san fhógra breis is seachtain ó shin ach níor leasaíodh riamh é. Baineadh an fógra anuas ar fad den idirlíon tráthnóna inné agus an sprioc d’iarratais thart.

In ainneoin go raibh Tuairisc i dteagmháil leis an Roinn maidir leis an neamhréir ar an 22 Feabhra, seacht gcinn d’fholúntais a bhí á bhfógairt go deireadh.

Dé Céadaoin, an 1 Márta, a dheimhnigh Roinn na Gaeltachta ar deireadh do Tuairisc gur cúig fholúntas atá fágtha ar an mbord. Ní bhfuarthas aon mhíniú go fóill faoi cén fáth nach bhfuil an deimhniú sin ag teacht leis an méid a bhí á fhógairt ar State Boards ó lár mhí Feabhra go dtí an lá inné.

Ní fios an amhlaidh go mbeadh athfhógairt le déanamh dá ndéanfaí an fógra a leasú nó an gcuirfeadh sin moill eile le ceapadh an Bhoird iomlán.

Bíonn 12 comhalta uile ar Bhord Údarás na Gaeltachta – cúigear a bhíonn ainmnithe ag údaráis áitiúla a bhfuil ceantair Ghaeltachta iontu, agus seachtar eile a bhíonn ceaptha ag Aire na Gaeltachta.

Caithfear triúr ban ar a laghad a cheapadh chuig na folúntais atá fós le líonadh má táthar chun sprioc an Rialtais ionadaíocht 40% de mhná ar Bhoird Stáit a bhaint amach.

Seachtar a ainmníodh ar an mbord nua an mhí seo caite.

Cúigear fear a d’ainmnigh na húdaráis áitiúla agus rinne Aire na Gaeltachta beirt bhan a athcheapadh ar an mbord.

Nuair a fógraíodh an seachtar comhaltaí sin ar an 15 Feabhra, dúirt an tAire Catherine Martin go raibh sí ag iarraidh an deis a thapú “chun mná a spreagadh le hainmniúcháin a lorg le bheith ceaptha ar bhoird stáit go ginearálta, ach ar bhord Údarás na Gaeltachta go háirithe.”

Dheimhnigh Roinn na Gaeltachta go mbeadh an bord ‘eatramhach’ atá ann faoi láthair in áit go dtí go dtabharfar ar ais toghchán an Údaráis, rud atá geallta taobh istigh de dhá bhliain.

Fágann ainmniúchán an tseachtair an mhí seo caite go bhfuil an eagraíocht in ann feidhmiú.

Ligeadh don bhord deiridh dul in éag ag tús na bliana gan aon chomhaltaí a bheith ceaptha ar an mbord nua.

Fág freagra ar 'Teipthe ar Roinn na Gaeltachta míniú a thabhairt ar dhoiléire faoi líon na bhfolúntas ar Bhord an Údaráis'