Dheimhnigh Breitheamh san Ard-Chúirt i mBéal Feirste inniu gur sháraigh Feidhmeannas Stormont an dlí nuair a theip orthu Straitéis don Ghaeilge a thabhairt isteach.
Dúirt an Breitheamh Scoffield gur sárú ar an Acht um Thuaisceart Éireann a bhí i dteip an Fheidhmeannais an gealltanas i leith na Gaeilge a chomhlíonadh.
“Mídhleathach” a bhí teip an Fheidhmeannais a dúirt an Breitheamh agus dúirt sé go raibh sé ag súil go dtabharfadh an chéad Fheidhmeannas eile Straitéis isteach don Ghaeilge “gan mhoill”.
Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge gur “bua stairiúil” a bhí i gcinneadh na cúirte.
“Arís eile, tá dearbhú láidir agus stairiúil faighte againn ón Bhreitheamh inniu a deir gur sháraigh an Feidhmeannas an dlí trína dteip leanúnach Straitéis a thabhairt isteach,” arsa Ó Muadaigh.
“Tá fhios againn gur chuir an DUP cosc ar cheist na Straitéise dul ar chlár oibre Choiste an Fheidhmeannais 26 uair idir 2020 agus 2021, rud a chuir go mór leis an mhoill fhada.
“Tá muid ag súil leis anois go mbeidh dréacht-Straitéis réidh go luath, rud a bhfuil muid ag obair go dlúth air mar chuid den Choiste Comh-Dheartha leis an Roinn Pobal. Beifear ag súil leis go nglacfaidh an chéad Fheidhmeannas eile leis an Straitéis sin láithreach.”
I mí an Mheithimh 2021 thug an Ard-Chúirt i mBéal Feirste cead do Chonradh na Gaeilge athbhreithniú breithiúnach a lorg i dtaca le teip Fheidhmeannas Stormont straitéis don Ghaeilge a thabhairt isteach.
Maíodh san Ard-Chúirt i mí na Samhna 2021 go raibh Feidhmeannas Stormont d’aon turas agus go neamhdhleathach ag cur bac ar iarrachtaí straitéis don Ghaeilge a chur chun cinn.
Mhaígh abhcóide Chonradh na Gaeilge go raibh na feidhmeannaigh in Stormont ag déanamh neamhaird den chinneadh breithiúnach in 2017 gur sárú ar a ndualgas dlí a bhí ann gan glacadh le treoirphlean.
Maíodh chomh maith gur blocáladh 26 iarracht a rinne an tAire Pobal de chuid Shinn Féin, Deirdre Hargey straitéis a phlé.
Ag labhairt dó inniu, dúirt an t-aturnae a bhí ag Conradh na Gaeilge, Mícheál Ó Flannagáin, gur “rialú tábhachtach” a bhí ann.
“D’eisigh an Ard-Chúirt an dara dearbhú ar maidin gur theip ar an Fheidhmeannas Straitéis don Ghaeilge a thabhairt isteach, go raibh an teip sin mídhleathach agus gur sháraigh sé a ndualgas reachtúil ar an ábhar seo,” arsa Ó Flannagáin.
“Ní raibh fadhb ag an Bhreitheamh Scoffield rialú a thabhairt gur sháraigh an Feidhmeannas an dualgas reachtúil seo agus luaigh sé ‘go raibh de dhualgas ar an Fheidhmeannas an cheist seo a réiteach go gasta’ i ndiaidh an Chomhaontaithe Ré Nua Cur Chuige Nua agus gur ‘theip’ orthu sin a dhéanamh.”
Tá aighneas ar siúl le fada maidir le gealltanais a rinneadh faoin nGaeilge i gComhaontú Chill Rímhinn in 2006 a chomhlíonadh.
In 2017 cinneadh san Ard-Chúirt gur sárú ar an Acht um Thuaisceart Éireann 1998 a bhí san easpa dul chun cinn ar na gealltanais sin agus dhearbhaigh breitheamh go raibh an Feidhmeannas ag sárú a dhualgas dleathach.
Gealladh straitéisí nua don Ghaeilge agus don Ultais athuair i Ré Nua Cur Chuige Nua, socrú a chuir feidhmeannas roinnt na cumhachta ar siúl arís in 2020.
Dúirt aturnae Chonradh na Gaeilge, Mícheál Ó Flannagáin, go raibh sé tábhachtach freisin gur dhiúltaigh an Ard-Chúirt don mhaíomh nach raibh aon chumhacht ag an bhFeidhmeannas cur i bhfeidhm na Straitéise féin a chur chun cinn.
“Is rialú tábhachtach é sin ann féin. Thar aon ní eile tá dearbhú as an nua eisithe ag an chúirt go mbeifear ag súil leis go réiteoidh aon a Fheidhmeannas nua an cheist seo gan mhoill.”
Colm deB
An bhfuil aon phionós ar éinne ag éirí as an teip seo?