Teip na heite clé faoin ndear Le Pen a bheith san iomaíocht don uachtaránacht arís

Tá an aicme oibre ag lorg cosaint ón nua-liobrálachas ach níl a leithéid á fháil acu ón eite chlé thraidisiúnta

Teip na heite clé faoin ndear Le Pen a bheith san iomaíocht don uachtaránacht arís

Ní mór an t-ionadh gur idir an tUachtarán Emmanuel Macron agus Marine Le Pen, an t-iomaitheoir ó i bhfad amach ar an eite dheis, atá an dara babhta de rás uachtaránachta na Fraince.

Is iad a bhí sa dara babhta freisin in 2017 nuair a bhí bua éasca ag Macron. Agus bhí tráchtairí aontaithe tamaillín ó shin gurbh iad arís a thiocfadh slán sa gcéad bhabhta.

Ach an uair seo níl mórán idir an bheirt, agus, cé go bhfuil gach seans ann go mbuafaidh Macron arís Dé Domhnaigh, ní féidir Le Pen a chur as an áireamh. Go deimhin tá sé ag brath go mór ar cá rachaidh na vótaí a ghnóthaigh iomaitheoirí na heite clé.

D’éirigh go maith le príomh-iomaitheoir na heite clé, Jean Luc Mélenchon, a ghnóthaigh 22% den vóta, beagáinín níos mó ná pointe amháin taobh thiar de Le Pen.

Go deimhin, dá seasfadh na hiomaitheoirí eile ón eite chlé ar leataobh – Jacques Roussel ón bPáirtí Cumannach agus Natalie Arthaud ó lucht Trotsky – bheadh Mélenchon sa dara babhta.

Ar ndóigh, murach Eric Zemmour, atá níos faide amach ar an eite dheis ná Le Pen féin, d’fhéadfadh sise a bheith chun tosaigh ar Macron.

Tá sé spéisiúil gur sheas Zemmour toisc go bhfuil Le Pen i ndiaidh a dearcadh poiblí i gcoinne na hinimirce a mhaolú. Ach, mar sin féin, cé nach gcuireann sí an ciníochas lom ar aghaidh chomh neamhbhalbh is a dhéanadh, tuigtear gur ar bhonn an chiníochais a sheasann sí i gcónaí. Tá plean aici go mbeadh aon léiriú poiblí ar an Ioslamachas in aghaidh an dlí agus go gcoinneofaí lucht iarrtha dídine as an tír go dtí go réiteofaí a gcuid cásanna.

Tá páirtithe an rachmais – agus an Páirtí Sóisialach, mo léan, á áireamh ina measc – i ndiaidh moladh dá lucht leanúna vótáil do Macron.

Ach tá fuath i measc an lucht oibre do Macron mar gheall ar a chuid ionsaithe ar chearta oibrithe agus aois an phinsin agus an laghdú atá déanta ar an leas sóisialta. Mar sin, cé gur mhol Mélenchon agus na Cumannaigh dá lucht leanúna gan oiread is vóta amháin a thabhairt do Le Pen, níor mhol siad aon tacaíocht a thabhairt do Macron ach an oiread.

Creidtear go staonfaidh cuid mhaith den aicme oibre sa dara babhta, agus gur mar sin d’fhéadfadh Le Pen sleamhnú isteach.

Go deimhin, tá an bhéim ar fad sa bhfeachtas seo leagtha ag Le Pen ar an gcostas maireachtála, agus í ag lorg feabhsuithe ar íocaíochtaí sóisialta, infheistíocht stáit in ath-thionsclú na tíre, aois an phinsin a choinneáil mar atá agus an pinsean féin a ardú.

Buille mór don Aontas Eorpach, ámh, a bheadh ann dá dtoghfaí í. Níl sí ag iarraidh go n-imeodh an Fhrainc ón Aontas faoi láthair, ach teastaíonn uaithi go seasfadh an Fhrainc mar stát neamhspleách, agus go ndiúltófaí do cheannaireacht Mheiriceá i NATO.

Tubaiste don Eoraip a bheadh ann, a deir Armin Laschet, iarcheannaire an CDU sa nGearmáin, dá dtoghfaí í agus a leithéid de chlár oibre aici.

Conas, mar sin, go bhfuil seans chomh maith sin aici?

Faillí na heite clé thraidisiúnta fá ndear sin, dar liomsa. Tá an aicme oibre ag lorg cosaint ón nua-liobrálachas, ón méadú ar dhiansaothrú an rachmais, ó na cogaí leanúnacha is ón tsíor-iarracht ualach an tsaoil a chur ar ghuaillí an lucht oibre.

Ach tá an talamh sin tréigthe ar fad ag na páirtithe sóisialta-daonlathacha, ní hamháin sa bhFrainc ach i ngach aon stát san Eoraip, seachas, b’fhéidir, an Phortaingéil.

Féach sa bhFrainc: an Páirtí Sóisialach a thug uachtaráin don tír go rialta, agus iad anois ar 1.8% den vóta. Agus sin é an ceacht atá le tógáil as an scéal seo: má fhágann an eite chlé (más féidir eite chlé a thabhairt uirthi a thuilleadh) na ceisteanna seo faoi infheistíocht stáit, costas maireachtála na n-oibrithe agus an féincheannas náisiúnta faoin eite dheis, tiocfaidh fás ar an eite dheis, mar atá le feiceáil san Ungáir.

Agus is ar an ábhar sin a gcreidtear go bhféadfadh Le Pen trian de vótóirí na heite clé a bhaint. Más mar sin a bheas ní bheidh mórán idir an bheirt.

Ar deireadh thiar ámh, cé go bhfuil go gcuireann Macron déistin ar an aicme oibre, ceapaim go bhfuil fuath na n-oibrithe don fhaisisteachas róláidir agus go mbeidh an bua ag Macron ach gan mórán d’fharasbarr aige.

Ach tabhair faoi deara, sa gcéad bhabhta, go bhfuair iomaitheoirí a bhí naimhdeach don Aontas Eorpach 54% den vóta.

Ábhar machnaimh é sin do dhílseoirí díograiseacha an AE.

Fág freagra ar 'Teip na heite clé faoin ndear Le Pen a bheith san iomaíocht don uachtaránacht arís'